Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 400 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 25, 2007 - 12:06 am: |
|
"I never heard what happened to him after that." Níor chuala mé céard a tharla dó ina dhiaidh sin. "I never did hear what happened to him after that." ??? Cén chaoi a gcuirfeá an sórt seo béime ar bhriathar? Tá's agam go raibh plé againn ar a leithéid seo de cheist tamall ó shin, ach nílim cinnte an é seo an rud céanna go beacht: Is é an chaoi gur chuala mé é I didn't hear it (i.e. I read it in the newspaper instead?) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, July 25, 2007 - 02:31 pm: |
|
tá tuairim ina thaobh agamsa... níor chuala mé, tar éis an tsaoil, céard a tharla dó ina dhiaidh sin. agus níor chualas-sa é (is amhlaidh do léigheas sa nuachtán é). |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 403 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 25, 2007 - 04:29 pm: |
|
Go raibh maith agat! Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1779 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 25, 2007 - 05:50 pm: |
|
Dar liomsa a Aibigail, is ionann an dá habairt a luaigh tú, cé go bhfuil fuaim beagán níos ardnósach ag an ndara ceann. As for placing emphasis on a verb, let's take an English example first: It wasn't that he saw the man break into the house, but rather that he heard him. Here'e my attempt at translation: Ní hé an cás go bhfaca sé an fear ag briseadh isteach ar an tigh, seachas é a chloisteáil. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Muna mbíonn téarma Gaoluinne agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
|