mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (July-August) » Archive through August 04, 2007 » Léirmheas ar www.tomhaltoir.com « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanán
Member
Username: Seanán

Post Number: 1
Registered: 07-2007
Posted on Monday, July 23, 2007 - 01:32 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Chairde,

Tá láithreán gréasáin www.tomhaltoir.com á chur le chéile ag eagras nua darbh ainm Cumann na dTomhaltóirí Gaeilge. Teastaionn uainn an láithreán gréasáin a nochtú go luath.

Breathnaigh ar an láithreán agus déan léirmheas air. Cad a mheas tú faoi? Conas ar féidir é a fheabhsú? Cad eile atá de dhíth don láithreán?

Breac síos smaoineamh ar bith eile faoin láithreán nó fiú faoi freastal agus táirgí i nGaeilge a fháil ón lucht gnó.

Míle bhuíochas.

Seanán Ó Coistín

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, July 24, 2007 - 10:20 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Gaeil-geoir, feirm-eoir ,dúnmharaith-eoir, ionchúisith-eoir,

Bí cínnte nach meascann tú trína chéile an críochnú ar fhocail na teangan. Is é seo an "peaca marfach" a dhéanann
go leor foghlaim-eoirí ar dtús.
"Tagann smacht le cleachtadh" Practice makes perfect

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 39
Registered: 04-2007
Posted on Tuesday, July 24, 2007 - 11:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cad é atá i gceist agat a Unregistered Ghueist?

‘Tomhaltóir’ an litriú ceart...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1774
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, July 24, 2007 - 11:48 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Caol le caol, leathan le leathan. -óir, -eoir

I thought we introduced a policy whereby unregistered guests had to supply a name at the very least? This would curb the amount of crap we get posted here like that found above.

-- Fáilte Roimh Cheartú --
Muna mbíonn téarma Gaoluinne agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 41
Registered: 04-2007
Posted on Tuesday, July 24, 2007 - 11:50 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhí a fhios agam cad é a bhí i gceist aige ó thaobh na teanga de ach, mar a léiríonn tú féin, níl aon bhaint aige leis an snáth seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 399
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, July 24, 2007 - 12:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ghlac mé leis gurb é leithéid "Gaeilgóir" a bhí i gceist ag mo dhuine thuas. Tá an earráid sin le feiceáil cúpla áit ar an suíomh.

A Sheánáin, is deas an suíomh agus an smaoineamh. Molaim daoibh! Ach b'fhéidir gur chóir daoibh é a chur faoi lámh eagarthóra... tá roinnt earráidí beaga eile den tsórt céanna ann: tuisil ghinideacha ag teastáil, séimhithe ar lár agus mar sin de. Rian na deifre, b'fhéidir.

(Message edited by Abigail on July 24, 2007)

(Message edited by Abigail on July 24, 2007)

Tá fáilte roimh chuile cheartú!



©Daltaí na Gaeilge