Author |
Message |
Niamh83
Member Username: Niamh83
Post Number: 20 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, July 18, 2007 - 09:59 am: |
|
Haigh, Tá cara agam atá ina conaí sa Fhrainc agus scríobh sí píosa filíochta deich bhlain ó fhéin. Tá an píosa filíochta sin faoi Eirinn agus tá sí ag iarraidh aistriúchán go Gaeilge den píosa seo. Anois, tá fadhb agam le focal amháin. Scríobh sí faoi bád atá ag seoladh ar Mhuir na hÉirinn agus bhí sí ag usáid "maritime jargon" bád a chur síos, an focal "désemparé", as Fhraincis. Bheadh "désemparé": "crippled", "bony", "skeleton-like" as Béarla. Bhí mé ag smaoineadh faoi "cnámhach" nó "corrchnámhach". Beidh an céad líne: "A bhád cnámhach" nó: "A bhád corrchnámhach" as Gaeilge (Béarla: "Oh, crippled boat" or "Oh, bony boat" with the vocative, I'm talking to it directly). Cad é ceapann sibh? An bhfuil mo líne ceart as Gaeilge? An bhfuil smaoineamh éile agaibh? Go raibh maith agaibh as bhúr fragra! Le meas. Niamh (ón Fhrainc) :.) |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 977 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, July 18, 2007 - 10:44 am: |
|
1. cónaí 2. deich mbliana ó shin. 3. Éirinn 4. den phíosa 5. faoi bhád 6. Muir na hÉireann 7. as Fraincis 8. an chéad líne 9. A bháid chnámhaigh 10. A bháid chorrchnámaigh 11. An bhfuil breis líne 12. eile 13. bhur bhfreagraí 14 ón bhFrainc Wait for other corrections Gaelainn na Mumhan abú!
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 393 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 18, 2007 - 12:00 pm: |
|
Níor thuig mé go raibh sí ag súil le ceartúcháin ar gach ar scríobh sí, ach moltaí maidir leis an líne filíochta atá sí a aistriú. A Niamh, níl rud ar bith cearr le "cnámhach" nó le "corrchnámhach" féin. Dhéanfadh ceachtar acu cúis go maith dar liom. Agus an méid sin ráite, b'fhéidir leat freisin ainmfhocal a chur leis: "a chrupaire bháid" nó "a chnáfairt bháid" cuirim i gcás. Ach dúirt tú go bhfuil "maritime jargon" i gceist leis an bhfocal Fraincise. An bhfuil brí áirithe ag baint leis sa gcomhthéacs sin seachas an ghnáthbhrí a thug tú dúinn? Tá seans ann (cé gur seans caol é!) gur féidir an imeartas céanna a choinneáil sa nGaeilge... Abigail Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1789 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, July 18, 2007 - 12:45 pm: |
|
Sea, "jargon maritime" atá ann agus chan gnáth-Fhraincis. Sa ghnáthchaint, is ionann désemparé agus helpless, distraught. Agus in m’fhoclóir, deirtear gurb ionann é agus "crippled" nuair a bhítear a’ labhairt fá bhád, mar a d’úrt Niamh. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm
|
|
Niamh83
Member Username: Niamh83
Post Number: 21 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, July 18, 2007 - 12:49 pm: |
|
A Abigail Go raibh maith agat as do fhragra. Ar dtus, cheap mé go raibh an focal "désemparé" "faoi bhrón" as Gaeilge mar sin é an brí níos iondúla as Fraincis. So d'aistrigh mé an píosa filíochta le "faoi bhrón" nó rudaí mar sin ach ansin, dúirt mo chara go raibh an focal sin focal jargon do "crippled", "skeleton-like" etc. B'fhédir go bhfhuil focal "jargon" ann as Gaeilge le brí ceanna agus beidh mé buíochas ma tá fhios ag la daoine focal jargon as Gaeilge faoi. It's just "skeleton-like", for a sunk boat apparently. Can refer to either a boat that has just sunk or a wreck itself (not mad enough as to try and say all this "As Gaeilge!). Ni fhuair mé an focal jargon sa foclóir, just "faoi bhrón", an chéad bhrí den focal "désemparé", as Fhraincis. Chéap mé go mbeadh sé níos fearr ma tá fhios ag la daoine faoi focal jargon as Gaeilge nó b'fhéidir go mbeadh sé níos éasca dá mbeinn focal "cnámhach" no "corrcnámhach" a usáid. Níl siad ró-fhada ó bhrí atá i gceist sa píosa fíliochta sin. Beidh mé ag smaoineadh faoi: "a chrupaire bháid" nó "a chnáfairt bháid" Ach cén fáth an litriú "B Á I D"? An bhfuil tuiseal ginideach é? Tá bád amháin atá i gceist sa píosa filíochta sin. Tá fhios agam nach bfhuil mo chuid Gaeilge ró-mhaith nuair atá mé ag scríobh ach an oiread. Tá mé níos fearr Gaeilge a labhairt mar thosaigh mé ag foghlaim an teanga dhá bhliain ó shin. Tá fhios agam go bhfuil mo chuid litriú iontach cosúil le "phonetics"! :.) Go raibh maith agaibh as bhur fhragra. Niamh. :.) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1790 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, July 18, 2007 - 02:43 pm: |
|
Ní "faoi bhrón" brí "désemparé". An duine atá "désemparé", níl a fhios aige cad é ba chóir dó a dhéanamh le fadhb a réiteach. Mar shampla, dá ngoidfeadh duine ineacht mo ríomhaire, bheinn désemparé :-) quote:"a chrupaire bháid" nó "a chnáfairt bháid" Ach cén fáth an litriú "B Á I D"? An bhfuil tuiseal ginideach é? Seadh, is é 'n tuiseal ginideach atá ann. De réir fhoclóir De Bhaldraithe, crippled (nuair is bád atá i gceist) = as cor, ó mhaith. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm
|
|
Niamh83
Member Username: Niamh83
Post Number: 23 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, July 19, 2007 - 05:03 pm: |
|
Yeah, ni chuimhin liom cad'é scriobh mé mar aistriúchán "désemparé". Nior scriobh mé "faoi bhrón" san am sin ach ni chuimhin liom anois. So an mbeidh mo aistriúchán mar seo: "Oh crippled boat" : "A bhád os cor..." Brón orm faoi na ceisteanna sin ach b'fhearr liom go mbeidh mé cinnte sula ndeanfaidh mé an aistriúchán sin (if that makes sense in Irish... but probably not ;.)). Go raibh maith agaibh as bhur bhfragra. Niamh. :.). |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 395 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 19, 2007 - 05:23 pm: |
|
A Lughaidh, is é "at loose ends" an Béarla a bheadh agam ar an mothúchán sin. Tá "a bháid as cor" foirfe dar liom! Mar gheall ar an tuiseal gairmeach (="vocative") a chuirtear an "i" isteach in "a bháid" anseo. Má tá d'ainmfhocal sa chéad díochlaonadh, is ionann an gairmeach agus an ginideach de: fear -> a fhir Seán -> a Sheáin I ngach cás eile, is ionann an gairmeach agus an t-ainmneach (i.e. an ghnáthfhoirm), ach séimhiú (="lenition") a bheith air ár ndóigh: bhean -> a bhean múinteoir -> a mhúinteoir Agus ná bíodh brón ná náire ar bith ort faoi cheisteanna! Ferrdi fis fiafraigid! http://www.sengoidelc.com/node/298 Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Niamh83
Member Username: Niamh83
Post Number: 24 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, July 20, 2007 - 01:17 pm: |
|
Go raibh míle maith agat as do mhíniú a Abigail. Bhí sé iontach soiléir agus thuig mé gach rud! :.). Tá súil agam go mbeidh mé bréa abalta Gaeilge a scríobh as seo amach fósta. (with a LOT MORE WORK, I might make it... :.)) Tá tú iontach maith ag an teanga agus is deas casta le daoine atá Gaeilge maith acu anseo. Go raibh míle maith agaibh as bhur bhfreagrai. Niamh. :.). |
|