Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5834 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 05, 2007 - 05:01 pm: |
|
Chuaigh bia chun triúir ar bharr Locha Léin D'ith an bia an triúr, agus tháinig sé féin |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 133 Registered: 06-2007
| Posted on Thursday, July 05, 2007 - 07:37 pm: |
|
Cad an craiceann? Bi-labial inside ®
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5841 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, July 07, 2007 - 12:02 pm: |
|
tuairim ag aoinne? Níthe beo atá i gceist. |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 103 Registered: 02-2007
| Posted on Sunday, July 08, 2007 - 12:00 pm: |
|
Tá an cheist seo chasta, ghasta!! Bhí éan ar bhruach Loch Léin ag lorg bia - ag seiftiú dá trí ghearrcaigh.Rug an t-éan cat leis thar n-ais go dtí an nead. D'ith an cat na gearrcaigh. Tháinig an cat beo agus slán abhaile. B'fhéidir? Urchar an daill? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5852 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 08, 2007 - 12:13 pm: |
|
maith thú. Iolar a bhí i gceist. Agatsa anois. |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 104 Registered: 02-2007
| Posted on Sunday, July 08, 2007 - 12:27 pm: |
|
Iolar, ah tuigim. Céard a thógtar díot sula dtugtar duit é? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5853 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 08, 2007 - 01:03 pm: |
|
d'fhocal? |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 105 Registered: 02-2007
| Posted on Sunday, July 08, 2007 - 01:26 pm: |
|
Ní hea. Rud nithiúil atá i gceist, rud coitianta agus de ghnáth bíonn níos mó ná ceann amháin ag duine. I gcónaí bíonn roinnt mhaith ag duine nó daoine. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5854 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 08, 2007 - 01:33 pm: |
|
Gruaig? |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 106 Registered: 02-2007
| Posted on Sunday, July 08, 2007 - 01:42 pm: |
|
Ni hea. Leid eile duit Tagann ainm an ruda seo i mBéarla ón nGréagach |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5855 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 08, 2007 - 03:24 pm: |
|
Táim dúr anocht. Fiacla? |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 107 Registered: 02-2007
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 08:46 am: |
|
Ní hea Leid eile Grian |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5861 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 08:50 am: |
|
Is dóigh liom go bhfuil mé ró fhireann don gceann seo. Ní féidir liom bun nó barr a dhéanamh de. An mbíonn na rudaí seo ag gach duine? |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 108 Registered: 02-2007
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 09:11 am: |
|
"Céard a thógtar díot sula dtugtar duit é?" Bíonn na rudaí seo ag gach duine Níl iontu ach sealbha De ghnáth bíonn an rud seo ag duine mar chuimhneachán ar ócáid ar leith Is féidir an rud seo a crochadh ar an mballa |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 643 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 09:43 am: |
|
Grianghraf!!! |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 109 Registered: 02-2007
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 09:47 am: |
|
A Shéamais, Tá an ceart agat. Do sheans anois |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5863 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 10:20 am: |
|
A dhiabhail. Agus mise ag cuimhneamh an t-am ar fad a ní a bhain le corp duine. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 644 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 01:56 pm: |
|
Ní tharraingím anáil, ach léim is rithim; Sínim agus snámhaim, ach ní ithim; Ní ólaim, ach codlaím agus seasaim; Ní smaoiním, ach súgraím agus fásaim; Feiceann tú mé gach lá, ach ní fheicimse. Cé mise? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5865 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 02:59 pm: |
|
scáil duine? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 645 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, July 09, 2007 - 03:16 pm: |
|
Ní hea. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5872 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 11, 2007 - 08:37 am: |
|
Cnag. Tá tomhas Shéamasa ró mhaith domhsa. Tuairim ag aoinne eile? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 647 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, July 11, 2007 - 09:36 am: |
|
Nod: Bíonn sé agat i gcónaí. |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 110 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, July 11, 2007 - 10:56 am: |
|
cosa? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 650 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, July 11, 2007 - 03:43 pm: |
|
Maith thú! Is leatsa anois. |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 111 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 12:31 pm: |
|
Tomhas Nua Tá sé ort is ní trom leat é |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3158 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 01:08 pm: |
|
d'ainm ? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 112 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 01:11 pm: |
|
Maith an fear. Sin an freagra ceart. Agatsa anois |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3159 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 01:34 pm: |
|
Cuir sa chuisneoir é agus beidh sé te go fóill. Cad é? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 656 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 01:35 pm: |
|
Is trom ainm i bhfad... |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 113 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 01:48 pm: |
|
D'fhéach mé isteach sa chuisneoir! Táim ag éirí aisteach. Leac Oighir? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 657 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 02:46 pm: |
|
Jalapeno (Piobar)? |
|
Marianna (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 04:32 pm: |
|
Sólas? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5887 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 04:34 pm: |
|
Is dócha gur solas atá i gceist agat, a Mharianna. Rith sin liomsa freisin, ach is dóigh liom go bhfuil fregra Shéamais níos dóchúla. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3160 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, July 12, 2007 - 06:30 pm: |
|
Jalapeño. Nó harissa, nó salsa picante ar bith, nó mustard, nó... Do shealsa arís, a Shéamais! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 658 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, July 13, 2007 - 11:30 am: |
|
Leanann tú mé gach áit a théann tú, ach amháin nuair a fheiceann tú mé. Cé mise? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3161 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, July 13, 2007 - 11:48 am: |
|
Do shrón? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 659 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, July 13, 2007 - 11:51 am: |
|
Sea. Ró-éasca, is dócha. Leatsa arís, mar sin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3162 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, July 13, 2007 - 12:08 pm: |
|
Cá bhfuil fortacht le fáil i gcónaí? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Marianna (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, July 13, 2007 - 03:28 pm: |
|
Foclóir? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3164 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, July 13, 2007 - 09:17 pm: |
|
San fhoclóir! Maith thú, a Mharianna. Tabhair tomhas eile dúinn anois, led thoil. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Diolun
Member Username: Diolun
Post Number: 10 Registered: 07-2007
| Posted on Monday, July 16, 2007 - 10:54 pm: |
|
dia dhaoibh! conas ata sibh? is mise matt, agas ta me i mo chonai i gCeanada.. agas, ta me ag foghliam na gaelige anois go raibh maith agat slan go foill. |
|
Marianna (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, July 17, 2007 - 08:31 am: |
|
Pingin, pingin, dhá phingin, Pingin go leith is leathphingin. Cá mhéad pingin é sin? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 662 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, July 17, 2007 - 09:29 am: |
|
Sé cinn le chéile, nó radharca éagsúla ar an dá cheann céanna. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 581 Registered: 09-2004
| Posted on Sunday, July 22, 2007 - 08:01 pm: |
|
Cad é seo? Is beatha é. Is an domhan é. Is páiste fir é. Is deoranta é. Ní áit é. Is ....................... Is ait an mac an saol.
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1768 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 22, 2007 - 08:44 pm: |
|
quote:Is an domhan é. Is é an domhan é. If it's indefinite, then the noun comes first: is buachaill mé is fear mé is iascaire mé If it's definite, then the pronoun comes first: Is mé an t-iascaire Is mé an snámhaí Is mé an t-eagarthóir Strangely enough, when you have 3rd person singular pronouns, they get get repeated when dealing with definites: Is é an t-iascaire é Is í an t-eagarthóir í Don't be afraid to use other constructions though: Tá sé ina dhornálaí Eagarthóir atá ann Iascaire is ea é -- Fáilte Roimh Cheartú -- Muna mbíonn téarma Gaoluinne agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 671 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 09:39 am: |
|
Déarfainn 'bean chéile' ach an forainm 'é' sin agat... |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 582 Registered: 09-2004
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 11:09 am: |
|
If it's indefinite, then the noun comes first: If it's definite, then the pronoun comes first: Strangely enough, when you have 3rd person singular pronouns, they get get repeated when dealing with definites: The issue of usage is not what I had in mind when I posted that ersatz riddle, but while we’re on the subject, I have a question about abstract nouns which may be a clue to the riddle. As I understand it, in Irish the abstract noun is preceeded by the definite article. Thus “an saol” might be translated as “the life: or simply “life.” Do I have this correct? If so, the presence of the definite article in the answer opens the door on several plays on words. By the way, the answer to the riddle is concealed after the fashion of The Purloined Letter Is ait an mac an saol.
|
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 583 Registered: 09-2004
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 11:17 am: |
|
Déarfainn 'bean chéile' ach an forainm 'é' sin agat... Agus an páiste fir. Ní hea. Is ait an mac an saol.
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 672 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 11:33 am: |
|
'A child of a man' ("Is páiste fir é") a bhí agat. An é sin an rud atá uait? Nó Mac an Duine? |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 584 Registered: 09-2004
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 01:04 pm: |
|
male child = páiste fir (Foclóir Scoile: BAC, An Gúm, 2006) p. 110. Is ait an mac an saol.
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 673 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, July 23, 2007 - 02:02 pm: |
|
Bhuel. Is fíor duit. Focal ait sin, mar is débhríoch é, dar liom. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 585 Registered: 09-2004
| Posted on Tuesday, July 24, 2007 - 08:25 am: |
|
Áit nó ait? Is ait an mac an saol.
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 674 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, July 24, 2007 - 09:35 am: |
|
Dúirt tú nach áit é. Ach tá sé ait... |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1773 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 24, 2007 - 10:16 am: |
|
(Message edited by fear_na_mbróg on July 24, 2007) -- Fáilte Roimh Cheartú -- Muna mbíonn téarma Gaoluinne agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 586 Registered: 09-2004
| Posted on Tuesday, July 24, 2007 - 06:46 pm: |
|
Is ait an mac an saol.
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 676 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, July 25, 2007 - 05:00 pm: |
|
Cad é an réiteach, mar sin? |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 587 Registered: 09-2004
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 09:37 am: |
|
Is beatha é. Is an domhan é. Is páiste fir é. Is deoranta é. Ní áit é. saol Is ait an mac an saol.
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 677 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 09:43 am: |
|
Tuigim conas beatha agus domhan é, ach nach áit é an saol freisin? Agus ní thuigin an dá cheann eile ar chor ar bith. Mínigh dúinn, más é do thoil é. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 588 Registered: 09-2004
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 12:33 pm: |
|
Ní ciall ag an tomhas taobh amuigh de "Is ait an mac an saol." Dá bhrí sin: Life is the world. The world (in this context) is an abstract, living thing; My world (my life) is my son. It is also a very strange (ait) son. My son is not a place. And so: Is ait an mac an saol. PS: I believe the use of the definite article before mac agus saol indicates that the nouns are abstract (Message edited by pádraig on July 26, 2007) Is ait an mac an saol.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5895 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 29, 2007 - 12:30 pm: |
|
quote:I believe the use of the definite article before mac agus saol indicates that the nouns are abstract Aontaím leat. Agus ní hé an saol amháin ar mac ait é. Although I'd qualify that and say can indicate. The case for saol is clear, I'm not so sure about mac. Is ait an mac an saol; life is a rum chap (Message edited by aonghus on July 29, 2007) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3170 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, July 29, 2007 - 01:56 pm: |
|
quote:The case for saol is clear, I'm not so sure about mac. Is ait an mac an saol Tá na habairtí seo ar aon dul leis: Is ait an duine Marc. Is deas an teach é. Is tábhachtach an cheist í sin. Níl "an odd man, a nice house, an important question" teibí sa leagan Béarla ar chor ar bith. Sa bhunleagan Gaeilge, tá "an duine, an teach, an cheist" definite gan dabht dá laghad, a bhuí leis an alt, ach is follas nach bhfuil siad abstract. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 595 Registered: 09-2004
| Posted on Sunday, July 29, 2007 - 05:24 pm: |
|
Fáilte abhaile, a Aonghuis. Is ait an mac an saol.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5896 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 29, 2007 - 05:30 pm: |
|
quote:ach is follas nach bhfuil siad abstract. Beidh orainn téarma nua a cheapadh. Is léir gur "types" nó "classes" (an saor cláir ionam) atá i gceist le duine, teach agus ceist in abairtí Dennis. quote:Fáilte abhaile, a Aonghuis. Go raibh maith agat! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3171 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, July 29, 2007 - 07:59 pm: |
|
Céard is ciall le is deas an teach é ? Dar leis na Bráithre (§204), is aidiacht fhaisnéiseach atá in deas san abairt seo. Má tá an ceart acu, mar is iondúil, an ionann is deas an teach é agus tá an teach go deas ? Níl mé cinnte. Bheinn níos sásta le is teach deas é mar "aistriúchán". Nó i bhfocail eile, "is ball den aicme tithe deasa é". Abstract, definite, predicate, attributive.... mo dhon is mo dhoghrainn orthu mar théarmaí a sheasann idir muidne agus úsáid nádúrtha na teanga! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1795 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 29, 2007 - 08:58 pm: |
|
I ndáiríre, tá neart abairtí Béarla simplí ann nach féidir linn aistriú go Gaoluinn muna mbíonn comhthéacs againn, toisc go bhfuil rudaí mar bhéim agus mar scoilteacht againn sa Ghaoluinn. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Muna mbíonn téarma Gaoluinne agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5897 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 30, 2007 - 06:32 am: |
|
quote:an ionann is deas an teach é agus tá an teach go deas ? Ní ionann. quote: Nó i bhfocail eile, "is ball den aicme tithe deasa é". Aicme! sin focal deas, a thagan gar don rud a bhí a ra agam thuas. Tá súil agam nach gcuirfear aicmeachas i mo leith anois. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 597 Registered: 09-2004
| Posted on Tuesday, July 31, 2007 - 08:18 am: |
|
An aontaíonn muid le chéile? An é an réiteach an saol? Is ait an mac an saol.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5903 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 31, 2007 - 09:14 am: |
|
Réitíonn an Bás gach rud! Ach cabhraíonn an saol. Tá do thomhas go maith, ach is dóigh liom go bhfuil sé níos fusa do foghlaimeoir an fhreagra fheiscint; bíonn cainteoir líofa "ar adhastar ag an mbrí" mar a dúirt an Ríordánach seal. |
|