Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 28 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 12:26 pm: |
|
http://www.bailegaelach.com/index.html Seo suíomh úr BAILE. Beidh sé a phlé ar Ráidió Fáilte anocht @19:00 Ádh mór |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 29 Registered: 04-2007
| Posted on Saturday, June 30, 2007 - 09:38 am: |
|
Chuala mé an t-athchraoladh indiú - fíor-spéisiúil agus cuma mhaith ar an suíomh s'acu. Aon eolas eile ag duine ar bith? |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 30 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, July 02, 2007 - 04:45 am: |
|
RG, Maith thú. Labhair an Úrlabhra go hiontach maith dar leat, is léir go raibh fios a chéird aige. Tá súil go dtiocfaidh rud éigin amach as an rud!! Tá an t-eolas ar fáil ar an suíomh go iontach maith. |
|
Asarlaí
Member Username: Asarlaí
Post Number: 183 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, July 02, 2007 - 10:01 am: |
|
Grma as an nasc, 'sé sin ina shuíomh an-deas ar fad. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1170 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 08:00 am: |
|
Tacaíocht ón bhForas ann so níl de dhíth anois ach tacaíocht Stáit & tacaíocht an phobail... BREÁ liom an smaoineamh taobh thiar... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5808 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 08:24 am: |
|
quote:Tacaíocht ón bhForas ann so níl de dhíth anois ach tacaíocht Stáit Is foras de chuid an Stait foras an dátheangachais. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 31 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 08:52 am: |
|
A Dhomhnaill, An rud is iontaí agus is difriúla fán suíomh dar liom ná nach bhfuil cuma ar an scéal go bhfuil siad ro-bhuartha faoi chúnamh stáit. Tá aithne mhaith ar chúpla duine ar choiste BAILE agus shíleas i gcónaí nach rabh siad chomh imníoch faoi thacaíocht an stáit. Tacaíocht an phobail, bhuel! sin an rud! Tá súil agam go gcuirfidh an suíomh leis an díospoireacht! Aonghus, Cibé fán Foras, is deas liom nach bhfuil an suíomh i gceist dhátheangach ar chór ar bith. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5811 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 10:30 am: |
|
A rud a bhí á ra agam ná gurbh ionann tacaíocht ón bhForas agus tacaíocht Stáit. Go deimhin, tacaíocht Stáit agus Stáitín, le bheith cruinn. Tá cuma fiuntach ar an suíomh, ach é bheith beagáinín tearc ó thaobh eolais faoin gcur chuige atá i gceist acu. Fostaíocht an cheist is mó le togra dá léitheid, dar liom. Níl maitheas ar bith i suainlios le gaeilge. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1173 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 11:34 am: |
|
Mo leithscéal - Níl polasaí Stáit taobh thiar de. Tacaíocht i dtéarmaí airgid cinnte. Tá roinnt grúpaí ag teacht le chéile ar son "ghaelú" a gceantair féin cheana.. Féach ar leithéid Manorhamilton i Liatroim, iad ag cur ranganna gaeilge ar fáil, ag oscailt ghaelscoil, ag cur na páistí ar aghaidh chuig choláistí samhraidh agus araile.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|