mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (July-August) » Archive through July 06, 2007 » Gaeltacht Cheanada « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Guevara
Member
Username: Guevara

Post Number: 1
Registered: 04-2007
Posted on Thursday, June 28, 2007 - 01:58 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá fearg orm gur bhaist daoine an ainm Gaeltacht ar áit nach bhfuil Gaeltacht bhuan ann fós agus nach mbeidh go ceann trí bhlian ar a laghad. Cé a bhronn stadás Gaeltacht orthu? Is masla mór é do Bhéal Feirste toisc nach bhfuil stadás oifigiúil Gaeltachta ann fós. Cad faoi Bóthar Seoige nach Gaeltacht é sin? Cad a ciallaíonn Gaeltacht- áit ina bhfuil Gaeilge á labhairt mar ghnáth theanga labhartha agus níl sin fíor ar chor ar bith ag an bpointe seo in Ontario. An bhfuil pobal dílis Gaeilge Ceanada a rá gurb ionann An Cheathrú Rua nó fiú Baile na Sceilge agus an áit in Erinsville! Níl mórán fadhb agam abair dhá bhlian ó seo agus títhe buan ann le clainne chun stadás oifigiúil a bhronnadh orthu ach é sin a dhéanamh sular toghadh é is deacair é a thuiscint chun an fhírinne a rá. Is smaoineamh iontach é fair play dóíbh- do bhí coincheap agam chun talamh mór a cheannach amuigh faoin tuath in éirinn ach le costas ollmhór tá sé dodhéanta é a dhéanamh ann, ach i gCeanada iontach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3135
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, June 28, 2007 - 02:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Oh well. Tá decal ar fhuinneog chúil mo thruiclín a deir Gaeltacht Bheag an Carr Seo. Níl stádas oifigiúil aige ach oiread. Pé scéal é, is deacair an fógra céanna a fheiceáil anois toisc gur chuir mé 10 mála úire agus paicéad síolta Low Meadow Mix Wildflowers sa leaba cúpla mí ó shin agus anois tá "mobile meadow" nó "truck garden" agam! Is geal leis an gcomharsanacht é. Agus ní raibh suim dá laghad acu riamh sa decal. In Seattle atá mé.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5760
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, June 28, 2007 - 05:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Margaíocht atá ann. Maith iad.

Níl an focal Gaeltacht cosanta, go bhfios dom. Agus, ar aon nós, pobal is ea Gaeltacht, ní fearann.

Tá Ceathrú Gaeltachta ann i mBéal Feirste, le tacaíocht agus airgead stáit.

http://www.dcalni.gov.uk/index/languages/gaeltacht_quarter.htm

Go bhfios dom, is a gcuid airgid féin atá muintir Cheanada a chuir isteach sa bhfiontar.

http://www.gaeltacht.ca/index_files/Page531.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Bearn
Member
Username: Bearn

Post Number: 57
Registered: 06-2007


Posted on Friday, June 29, 2007 - 10:03 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"GAELTACHT BHAILE NA hÉIREANN"

buladh bos; ainm go hiontach...

"the first North American Gaeltacht has arrived"

níl fíor sin

don't read this

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1164
Registered: 06-2005


Posted on Friday, June 29, 2007 - 11:26 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Brathann sé ar an áit ar Bhóthar Seoighe... Tá Naíonra & Bunscoil Gaelach ar an gcaighdeán is fearr sna 32 contae ann. Sin ráite, d'úsáid mé Gaeilge le muintir an siopa mace, an oifig gealghlacadóireachta & le duine atá ina cónaí ar bhóthar seoighe - Gaeilge mar fhreagra ní bhfuair mé. Ach áit ina bhfuil an Ghaeilge go h-an láidir cinnte.

Má tá mo dhuine ag cur Gaeilge chun cinn thar lear (agus sin atá ar siúl) ba chóir dúinn bheith buíoch. Déanfaidh sin maitheas don teanga ní amháin ansin ach déanfaidh sé maitheas d'íomha na teanga sa tír seo.

Ní ceart bheith ag caitheamh anuas orthu. Mo mholadh nach beag iad!

Níl Acht Gaeilge sa tuaisceart. Níl mórán cearta ag Gaeilgeoirí. Níl comharthaí dátheangacha ar bhóthar Seoighe / an cheathrú gaeltachta fiú.

Níl Rialtas na Breataine tar éis Gaeltacht a bhunú, tá siad tar éis 398 bliain a chaitheamh ag cur Gaeilge chun báis.

(Message edited by Domhnall on June 29, 2007)

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river



©Daltaí na Gaeilge