Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5743 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 08:40 am: |
|
http://www.testigosdejehova.org/gc/index.html Seans go mbeadh suim ag roinnt agaibh san suíomh seo. |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 878 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 09:17 am: |
|
Wow, I am impressed. It means the language is not completely written off by missionaries. Is it "Latter Days Saints'" aka Mormons? Gaelainn na Mumhan abú!
|
|
Peadar (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 09:25 am: |
|
No. Jehovah's Witnesses... but along the same lines as the Mormons. |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 880 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 09:28 am: |
|
Gabhaim pardún agaibh, a dhaoine uaisle, for my complete religious ignorance in case my question insulted anyone. Deirim-se é i ndáirire Gaelainn na Mumhan abú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5745 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 10:25 am: |
|
Tá pobal Finnéithe lehova i gConamara le fada. Ball díobh Aoife "Paisean Faisean" Ní Thuairisg, mar shampla. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 640 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 01:42 pm: |
|
Shiúil mé thar a gceanncheathrún domhanda cúpla nóiméad ó shin, mar atá. Anseo i mBrooklyn. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1699 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 04:25 pm: |
|
Maith an rud é nuair a chloisimid go mbíonn eagraíochtaí ag labhairt 's ag úsáid Gaoluinne... ach b'fhearr liom dá mb'eagraíocht ar bith seachas eagraíocht chreidimh a bheadh á labhairt. Ar chuala sibh nach bhfuiltear ag ligint do Thom Chruise scannánú in áit sa Ghearmáin toisc gurb "eoleolaí" é... cuireann seo áthas orm! -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5759 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 05:10 pm: |
|
Feicim go bhfuil creidimh láidir agat sa chaoinfhulaingt, a FnaB. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1701 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 10:38 pm: |
|
Ní maith liom eagraíochtaí creidimh agus ní maith liom cloisteáil uathu d'ainneoin na teangan a bhíonn i gceist, sin an méid. Ní deir sé sin nach bhfuil caoinfhulaingt agam... is féidir le daoine déanamh mar a bhíonn uathu an fhad is nach mbíonn siad ag déanamh dochair do dhaoine eile, d'ainmhithe eile, nó don timpeallacht... nó ag crá an phobail. Ach maidir le Finnéithe Iehova, is féidir comhrá fada a dhéanamh mar gheall ar an méid daoine a fuair bás toisc nárbh fhéidir leo aistriúchán fola a fháil. Ach b'fhearr é sin a phlé áit éigin eile. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1702 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 10:42 pm: |
|
Insím bréag -- tá cúpla rud ann nach mbíonn caoinfhulaingt agam ar a son, agus tá eoleolaíocht ar cheann díobh sin. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|