Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3125 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 26, 2007 - 07:55 pm: |
|
A Aonghuis, Ní raibh buaiteoir againn sa bhabhta deireanach. Theip orainn uile an fuascailt thiarach a aimsiú. Céard ba cheart dúinn a dhéanamh anois? Mo thuairim féin: ba chóir dúinn iarraidh ar Abigail an chéad cheann eile a thabhairt dúinn, ó nach raibh sí páirteach le déanaí! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5738 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 05:47 am: |
|
Cuma liom cén duine seachas mise a chuireann tomhas ar fáil. Tá mo thoibreacha geall le bheith ídithe.... |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 364 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 06:52 am: |
|
Seo daoibh mar sin: A thóin faoi ag imeacht, a cheann faoi ag gabháil, a chosa faoi ag teacht i dtír. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5740 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 08:26 am: |
|
Eitleán? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 365 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 09:30 am: |
|
Ní hea go baileach. Is é an chaoi go siúlann eitleán agus a bhrollach faoi, déarfainn. Ach tá tú i ngar dó! Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5746 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 10:28 am: |
|
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 366 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 10:35 am: |
|
Sin é go díreach! Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5748 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 03:16 pm: |
|
Chím chugam tríd an ngleann, Iníon rí is í go teann; Rud beag óir ar bharr a boise Agus cúl a coise trína ceann |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3130 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 03:51 pm: |
|
An bláth é? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5750 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 03:58 pm: |
|
Ní hea. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3133 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 27, 2007 - 09:42 pm: |
|
quote:Agus cúl a coise trína ceann Cuileog de shaghas éigin tar éis di bualadh le gaothscáth? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5753 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 06:16 am: |
|
Ní neach bheo atá i gceist in aon chor, ach uirlis. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 639 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 09:57 am: |
|
Cruit? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5756 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 11:10 am: |
|
Ní hea. Ní uirlis ceoil atá i gceist. Rud níos coitianta. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3134 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 01:37 pm: |
|
Tá mé ag déanamh gurb ionann "cos" agus "sáfach" nó "feac" nó rud éigin cosúil leo. Píopa tobac agus é dearg, .i. agus tine air? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 95 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 02:11 pm: |
|
A Aonghuis, Tua bhféidir? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 641 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 03:04 pm: |
|
Plána adhmaid? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5757 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 04:59 pm: |
|
Muise, aniar as ceo na mbanlaochra chugainn an freagra cuí. Maith thú, a Scathaigh agatsa anois cleas a mhúineadh dúinn! |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 96 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 05:54 am: |
|
Seo mo thomhas agam oraibh.............. Bíonn an tír agus an talamh glas dá bharr, Bíonn dearg ina ghné, Bíonn adharca géara air abhus is thall Ach ní ainmhí é |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5761 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 06:06 am: |
|
An Ghrian? |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 97 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 06:26 am: |
|
A Aonghuis, Ní hea, ach ba mhaith an iarracht í |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5764 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 08:24 am: |
|
An planda atá i gceist? |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 98 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 08:34 am: |
|
A Aonghuis, Tá an ceart agat, is é planda atá i gceist. Anois cén ceann? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5766 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 08:40 am: |
|
|
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 99 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 08:55 am: |
|
Iarracht an mhaith arís, ach níl an ceart agat. Tá sé beagnach agat.Déan do mhachnamh air arís. Tabharfaidh mé leid duit faoi. Bíonn caora ar an bplanda seo de ghnáth. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5767 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 10:47 am: |
|
Bhíos ag súil le planda coitianta, de bharr "Bíonn an tír agus an talamh glas dá bharr" Caorthann? Nó Cuileann? |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 100 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 11:32 am: |
|
Sin é go díreach. Tá sé agat. Cuileann a bhí igceist. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5774 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 04:31 pm: |
|
Agamsa an chraobh mar sin? Tá sé abhus, tá sé thall, Tá sé ag Brian ar a chuid, Tá sé tríd an saile liath, Is gan é níl blas ar ubh? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3141 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 29, 2007 - 05:49 pm: |
|
Salann ? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5778 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, June 30, 2007 - 05:43 am: |
|
sea. Tusa anois! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3143 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, June 30, 2007 - 09:42 am: |
|
Céard atá le fáil i gceartlár Mheiriceá agus i gceartlár na hAstráile? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5779 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, June 30, 2007 - 09:49 am: |
|
Gaineamhlach? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3144 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, June 30, 2007 - 10:09 am: |
|
Ní hea. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 101 Registered: 02-2007
| Posted on Saturday, June 30, 2007 - 10:23 am: |
|
Dennis An litir 'r'? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5780 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, June 30, 2007 - 10:57 am: |
|
Rith an smaoineamh chéanna liomsa díreach anois. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3145 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, June 30, 2007 - 01:17 pm: |
|
i gceartlár MheiRiceá agus i gceartlár na hAstRáile Agatsa arís, a Scathach! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 102 Registered: 02-2007
| Posted on Sunday, July 01, 2007 - 06:13 am: |
|
Beidh mé as baile ar feadh seachtaine, níl a fhios agam go mbeidh mé in ann dul ar an internet san áit nua a mbeidh mé. Mar sin de, níl tairbhe ar leith ag baint le tomhas nua a chur suas, mar ní bheadh mé in ann freagra a thabhairt daoibh. Leanaigí ar aghaidh gan mé fhéin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5789 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 01, 2007 - 03:52 pm: |
|
Maith go leor. Seo ceann a tháinig mé air le déanaí: Chomh geal leis an bplúr, ach dubhtar é le fáscadh? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3146 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, July 01, 2007 - 08:19 pm: |
|
Tá muisiriúin ann atá bán nuair atá siad úr, ach dubhaíonn siad nuair a bhrúitear iad ... ach ní ar an toirt. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1707 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 01, 2007 - 08:47 pm: |
|
"an t-idirlíon" a thugtar ar "the internet" as Gaoluinn -- coimeád do chuid truaillithe duit féin led thoil. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5796 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 02, 2007 - 06:23 am: |
|
FnaB, faigh saol. Níl aon ghá duitse a bheith ag trasnaíl go drochmhuinte ar chomhrá gan oiread na fríde a chuir leis, ar mhaithe le d'fheachtas pearsanta beachtaíochta. Dennis, freagra mhaith, ach ní sin atá i gceist. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5801 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 02, 2007 - 04:58 pm: |
|
Nod: Níl tusa ná mise, a Dennis, gar don freagra faoi láthair. Ach dá mbeimis thuas ard, nó i bhfad níos faide ó dheas, scéal eile a bheadh ann. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3151 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, July 02, 2007 - 08:18 pm: |
|
Hmmm... Níl dóigh liom go dtuigim an nod sin ró-mhaith. Ach tháinig smaoineamh eile chugam nuair a léigh mé é mar sin féin. Tá scamaill ann atá chomh bán le sneachta. Agus scamaill eile atá chomh dubh le píc, agus is astu sin a thagann na tuilte báistí nuair a "fháisctear" iad. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5805 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 06:13 am: |
|
Tá freagra an tomhais i'd fhreagra. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 285 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 06:25 am: |
|
Sneachta ar an talamh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5807 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 03, 2007 - 08:23 am: |
|
Sneachta. Maith thú, a Shuaimhneas. Fútsa anois! |
|