mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (May-June) » Archive through June 29, 2007 » An bhfuilim i m'iarchéimí? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 358
Registered: 06-2006
Posted on Monday, June 25, 2007 - 09:19 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An ionann "iarchéimí" in Éirinn agus "grad student" i gcóras ollscoile Mheiriceá? Tugtar "grad student" ar mo mhacasamhail anseo - duine a bhfuil céim baitsiléire bainte amach aige agus atá ag dul ag saothrú a PhD anois (nó a MS, nó cibé atá curtha roimhe aige.)

Nó an bhfuil "iarchéimí" níos cosúla le "postdoc"? .i. an té a bhfuil an PhD bainte amach aige cheana féin agus atá ag déanamh taighde in ollscoil ar feadh bliana nó dhó nó go bhfaighidh sé post ollúna in áit eicínt.

(Message edited by Abigail on June 25, 2007)

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5725
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, June 26, 2007 - 06:08 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is dóigh liom gur iarchéimí tú.

"Post graduate" a tugtar as Béarla ar dhuine a bhfuil bunchéim bainte amach acu, agus atá fós ag staidéir.

http://www.focal.ie/Search.aspx?term=iarch%C3%A9im%C3%AD

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 360
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, June 26, 2007 - 10:24 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith a'd, a Aonghus!

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5730
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, June 26, 2007 - 10:38 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go ndéana maith duit, mar a deir na hUltaigh.

Ós rud é go bhfuil fáilte roimh chuile cheartú, "a Aonghuis"!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Róman
Member
Username: Róman

Post Number: 867
Registered: 03-2006
Posted on Tuesday, June 26, 2007 - 10:50 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Referring to male noun declension.

Gen. of Aonghus is Aonghusa, right? So it is third declension name - then the vocative is "a Aonghus" I am afraid.

The other question - does anyone one how is genitive of Muiris? Muireasa???

Gaelainn na Mumhan abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 362
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, June 26, 2007 - 10:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sa gcéad díochlaonadh atá tú? Ní raibh mé cinnte... GRMA arís as ucht sin.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5731
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, June 26, 2007 - 11:50 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

I am afraid



I am afraid that you are wrong.

Gairmeach: A Aonghuis
Ginideach: Aonghusa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1731
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, June 26, 2007 - 12:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

an té a bhfuil an PhD bainte amach aige cheana féin agus atá ag déanamh taighde in ollscoil ar feadh bliana nó dhó nó go bhfaighidh sé post ollúna in áit eicínt.

Mór an truaigh nach bhfuil an leithéid sin le fáilt ins an Fhrainc! Nuair a bheas mo PhD bainte ’mach agam (i gcionn cupla mí), beidh orm jab difriúil ar fad a dh’fháilt go dtí go bhfuighe mé post mar mhúinteoir ollscoile (má fhagham! is féidir go mbeidh orm fanacht go cionn bliantaí!).

Dá mb’fhéidir liom d’fhuígfinn an tír lofa seo.

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 363
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, June 26, 2007 - 03:01 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá difríochtaí suntasacha idir an dá chóras, b'fhéidir.

I dtús báire, tugtar "ollamh" anseo ar bhall ar bith den damh. "Ollamh cúnta" nó "assistant professor" an chéad leibhéal ollmhaíochta - seans go bhfreagraíonn sé don "múinteoir ollscoile" a bhfuil tú ag trácht air? Is féidir dul i d'ollamh cúnta díreach tar éis an PhD a shaothrú (nó gan ach an mháistreacht féin a bheith agat uaireanta, má tá an ollscoil an-bheag ar fad.)

Tá ollscoileanna roinnte in dá aicme dar le hiarchéimí atá ag cur isteach ar phostannaí: "scoileanna taighde" agus "scoileanna teagaisc". Má ghlacann tú post in ollscoil ar "scoil taighde" í, beidh rang nó dhó sa tsemester faoi do chúram, agus is tábhachtach an rud é bheith go maith mar mhúinteoir, ach beidh sé ar an dúthracht is mó agat do chlár taighde féin a chur chun cinn - torthaí a fháil, páipéir a fhoilsiú, deontais a shóláthar agus mar sin de. Air sin a bheidh d'ardú ag brath den chuid is mó.

Más in "ollscoil teagaisc" a chastar thú, beidh trí nó ceithre cinn de rangannaí le teagasc agat chuile shemester, agus cé gur tábhachtach an rud é an taighde ní shíltear go mbeidh mórán ama agat le caitheamh air. Is é an teagasc an rud is mó. Mura bhfuil cúrsaí iarchéime ar fáil in ollscoil áirithe - mura bhfuil ach mic léinn fóchéime inti - is dóichí ná a mhalairt gur "ollscoil teagaisc" é.

Díreach i ndiaidh an PhD a bhaint amach, is éasca post ollamh cúnta a fháil in ollscoil teagaisc. Má theastaíonn uait dul i d'ollamh in ollscoil taighde, is éard a mholtar duit de ghnách ná "postdoc" a dhéanamh in ollscoil eicínt ar dtús. Is éard atá "postdoc" ann ná ceapadh taighde a mhaireann ar feadh bliana nó dhó. Beidh tú ag obair as lámh ollaimh áirithe de chuid na ranna, ach beidh cead do chinn agat maidir le treo do thaighde, níos mó ná mar a bhíonn ag iarchéimí. Beidh rang nó dhó le teagasc agat, díreach mar a bheadh ag ollamh cúnta, ach tabharfaidh tú tús áite don taighde.

Is é an difear is mó idir ollamh cúnta nua in ollscoil taighde agus postdoc san ollscoil chéanna ná nach bhfuil aon ardú i ndán don phostdoc pé scéal é - in ollscoil eile a bheidh a thriall, agus tá's ag gach neach é sin. Mar sin ní chuirtear air páirt a ghlacadh i gcoistí, mic léinn dá chuid féin a chothú, ná baint ná páirt a bheith aige le polaitíocht na hollscoile. Níl de chúram air de ghnáth ach a chuid taighde agus a chuid rangannaí. (Agus ar ndóigh is é an chaoi nach bhfaigheann sé an t-airgead céanna.)

Ach cupla mí eile romhat? Maith thú féin!! Tá tuairim is dhá nó trí cinn de bhlianta romhamsa fós.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1734
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, June 26, 2007 - 03:28 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níl an córas mar sin ins an Fhrainc, monuar. Ach grma as an stuif sin a mhíniú domh, tá sin suimiúil.

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5734
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, June 26, 2007 - 06:48 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Léachtóir a bhíonn ar "ollamh chúnta" abhus, go bhfios dom; Bíonn ollamh i mbun roinn/scoil/dámh.



©Daltaí na Gaeilge