mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (May-June) » Archive through June 29, 2007 » WinGléacht - Leagan leictreonach den Fhoclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill) « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5699
Registered: 08-2004


Posted on Friday, June 22, 2007 - 06:11 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Léacht phoiblí le Pádraig Ó Maoilreanaigh

Cathain? An Chéadaoin, 11 Iúil, ar 6 p.m.

Cá háit? Ceannáras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2

Is é WinGléacht an leagan leictreonach den Fhoclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill). Cuirfear ar fáil don phobal roimh dheireadh na bliana é, agus is féidir focail a chuardach ann ní hamháin ó Ghaeilge go Béarla ach ó Bhéarla go Gaeilge leis. Beidh an leagan leictreonach seo ina áis fhíorthairbheach do lucht na Gaeilge, agus is é Pádraig Ó Maoilreanaigh a chuir i dtoll a chéile é.

An léacht: ar na dúshláin agus ar na saincheisteanna atá ag gabháil le ríomhairiú na Gaeilge a bheidh ábhar na léachta



Fuair mé é seo ar r-phost inniu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1706
Registered: 01-2005
Posted on Friday, June 22, 2007 - 07:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dea-scéal !

’Bhfuil a fhios aige duine ar bith cad é mar a bheas an leagan sin? Le híoslódáil ar an idirlíon, nó ar CD-Rom, nó ar chaoi eile? Cá háit a dtiocfaidh linn é a cheannacht?

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm



©Daltaí na Gaeilge