Bhí leathchluas agam go luath ar maidin le clár cartlainne éigin de chuid RnaG ós na Doirí Beaga.
Ag caint ar Ghabhla san 1970í a bhíothas.
Chuir an agallóir ceist: "níl aon obair eile ar an oileáin, an bhfuil?" ach ansin chearthaigh sé é féin agus dúirt "Níl aon saothrú eile ar an oileáin".
An chiall a bhain mé as ná gurbh ionann saothrú agus obair le haghaidh luath saothair. Nach deas an idirdhealú san?