Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5647 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, June 16, 2007 - 01:52 pm: |
|
cén triúr ná hoibríonn gan chruit? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3088 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, June 17, 2007 - 11:31 am: |
|
suantraí, goltraí, geantraí ??? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5648 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 17, 2007 - 02:01 pm: |
|
ní hea. Ní cláirseach atá i gceist! cruit [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] cnapán ar dhroim; dronn. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5666 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 04:53 pm: |
|
Trian den fhreagra: cat! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3096 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 09:59 pm: |
|
Tá's agam go bhfuil cat in ann cruit a chur air féin, ach níor chuala mé aon seanfhocal riamh a bhfuil an dá fhocal sin ann. Brón orm! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5668 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 06:04 am: |
|
Ná bíodh! Céard faoi buille faoi thuarim don bheirt eile? (Agus is beirt atá ann, i. daoine) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3099 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 09:40 am: |
|
Is minic a bhíonn cruit ar tháilliúr sna seanscéalta. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5672 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 10:27 am: |
|
Sin duine acu. Tá an duine eile gar don bhaile agatsa agus agamsa araon... N.B. is féidir le gach duine cruit a chuir air féin; ní gá go mbeadh an chruit buan. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 634 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 10:40 am: |
|
Adhlacóir agus feithideolaí. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5675 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 03:00 pm: |
|
Freagraí maithe, ach ní hiad atá sa leabhar. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5683 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 20, 2007 - 10:42 am: |
|
Tailliúr, scríobhnóir agus cat atá sa leabhar. Bhí trian den fhreagra ag Dennis, mar sin, tá trian de thomhas againn air! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3103 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 20, 2007 - 12:24 pm: |
|
Tá margadh agam daoibh. Líon ceann amháin de na bearnaí seo agus líonfaidh mise na ceanna eile: Dhá dtrian ____ san oíche, dhá dtrian ____ ag an óige, dhá drian ____ ar lucht saibhris, is dhá dtrian cainte ag lucht póite. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5686 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 20, 2007 - 02:34 pm: |
|
Fiannaíocht san oíche? Baois ag an óige? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3105 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 20, 2007 - 04:14 pm: |
|
quote:Baois ag an óige? Sin agat é! Dhá dtrian galair san oíche, dhá dtrian baoise ag an óige, dhá drian sainte ar lucht saibhris, is dhá dtrian cainte ag lucht póite. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5688 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 20, 2007 - 04:24 pm: |
|
Tré eile: Cad iad na trí rith is mó? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3108 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 21, 2007 - 09:48 am: |
|
1. Rith na mBritish ag Cath New Orleans: "they ran through the briars, and they ran through the bushes, and they ran through the places that a rabbit couldn't go; they ran so fast that the hounds couldn't catch 'em, down the Mississippi to the Gulf of Mexico" 2. Rith an uisce as Loch Missoula nuair a bhris an damba oighir: http://www.glaciallakemissoula.org/ 3. Rith mo dhuine chun an leithris tar éis do buidéal "prune juice" a ól. (Message edited by dennis on June 21, 2007) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5692 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 21, 2007 - 12:17 pm: |
|
Go deas. Rith uisce ceann acu sa leabhar. Rith éitigh ceann eile. Is cinnte go mbeadh Seon Buí ag maíomh gurbh ionann 1 agus sin. Barúil agat faoin treas ceann? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 636 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 21, 2007 - 01:29 pm: |
|
éithigh, is dócha? An tríú ceann - rith focail. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5694 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 21, 2007 - 02:28 pm: |
|
quote:éithigh, is dócha? Sea. quote:An tríú ceann - rith focail. Ní hea! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 637 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, June 22, 2007 - 09:32 am: |
|
Rith níolóin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5701 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 22, 2007 - 10:32 am: |
|
Ró nua, a mhic. Bhí freagra na ceist fíor i bhfad roimh ré an raylon. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 638 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, June 22, 2007 - 11:00 am: |
|
Táim ag déanamh spraoi. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5705 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 22, 2007 - 05:08 pm: |
|
Rith uisce Rith éithigh Rith tine |
|