mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (May-June) » Archive through June 18, 2007 » Comprehensive Munster guide to the dative « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1668
Registered: 08-2004
Posted on Friday, June 15, 2007 - 11:07 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

How about we try to make one here? Here's the beginnings of how I'd word it:

Is ionann an tuiseal ainmneach agus an tuiseal tabharthach, seachas sna háiteanna seo a mhínítear.

An tAlt:

San uatha, uraítear túschonsan an ainmfhocail i ndiaidh an ailt, agus séimhítear na focail a leananns de réir rialacha céanna an tuisil ainmnigh - an gcat beag, an gcéim bhuí, an asal mór, an sráid fhada. (Ní athraítear guthaí nó "S").

San iolra, is ionann éifeacht an ailt sa tabharthach 's a bhfuil san ainmneach.

Athruithe na bhFocal:

San uatha, más ainmfhocal baininscneach atá i gceist, claontar consan deiridh an ainmfhocail - fuinneoig mhór, gréin mhór, suibh dhearg.

Sin a bhfuil agam don noiméad, b'fhéidir go dtaitneodh le daoine eile níos mó eolais a thabhairt?

-- Fáilte Roimh Cheartú --
Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1695
Registered: 01-2005
Posted on Friday, June 15, 2007 - 12:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

an sráid fhada

Nach n-abartar "an tsráid" i gCúige Mumhan?

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1669
Registered: 08-2004
Posted on Friday, June 15, 2007 - 02:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ulaidh: ar an tsráid, ar an tsiúcra
Mumhain agus Connachta : ar an sráid, ar an siúcra

Ní bhíonn meascán eadarthú seachas sa chaighdeán.

-- Fáilte Roimh Cheartú --
Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1670
Registered: 08-2004
Posted on Friday, June 15, 2007 - 02:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

(Ach tá gach canúint go díreach mar an gcéanna sa tuiseal ainmneach: an tsráid, an siúcra)

-- Fáilte Roimh Cheartú --
Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Róman
Member
Username: Róman

Post Number: 823
Registered: 03-2006
Posted on Friday, June 15, 2007 - 02:52 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

uraítear túschonsan an ainmfhocail i ndiaidh an ailt



Agus cad is mar gheall ar "don", "den", "sa(n)"? Níl aon urú ach an séimhiú ann!

Mar sin - "don tsagart", "don tsúil", "sa tsráid". Tá urú le "f" amháin: sa bhfarraige, sa bhfeirm.

quote:

agus séimhítear na focail a leananns de réir rialacha céanna an tuisil ainmnigh



Ní fírinne í i n-aon chor! Tá séimhiú ar an aidiacht i gcomhnaí mar i gCúige Uladh.

M. sh - sa bhaile mhór, leis an gcat dhubh

quote:

San uatha, más ainmfhocal baininscneach atá i gceist



baininscneach, an ea? cad is mar gheall "teach" (>tigh), "sliabh" (>sléibh), "cara" (>caraid), fiche (>fichid) 7rl?

You have to reformulate - nouns of 2nd and 5th declension (both masculine and feminine) ....



(Message edited by Róman on June 15, 2007)

Gaelainn na Mumhan abú!



©Daltaí na Gaeilge