Author |
Message |
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1126 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 05:02 am: |
|
So looks like its Fianna Fáil, Comhaontas Glas, Páirtí Daonlathach & 4 Neamhspleáigh - Sin móramh 13 ag Bertie. Dúradh anseo roimh an toghchán gur polasaí den scoth ag na glasaigh maidir leis an nGaeilge. Ach an cheist atá le freagairt ná an mbeidh an deis acu na polasaithe sin a chur i bhfeidhm? Beidh le feiceáil - ach mura bhfuil FF sásta le polasaí ar bith na nGlasach d'fhéadfaidís imeacht agus beidh móramh fós ag Ahern... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1127 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 05:03 am: |
|
Actually tá píosa maith ag Eoin Ó Murchú ar lch 5 i Lá Nua www.nuacht.com A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5610 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 05:59 am: |
|
Braithfidh sé ar an tAire Eadóchais agus ar an tAire Gaeltachta nua. Beidh le feiscint. Ach má bhíonn Glasach sa Roinn Comhshaol, senas go mbeadh siad in ann rud éigin a dhéanmah maidir leis na Comharthaí Bóthair. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5611 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 06:05 am: |
|
http://www.nuacht.com/home.tvt?_scope=La/Content/Baruil%20agus%20anailis&id=3885 &psv=1 quote:Go bunúsach tá sé léirithe ag Bertie arís is arís gur duine coimeádach é. Bíonn leisce air athruithe a dhéanamh, go háirithe athruithe pearsanra, agus is cosúil gur fearr leis daoine gan chumas a bhfuil aithne mhaith aige orthu ná daoine nua a thabhairt isteach nach dtuigeann sé nó a cheapann sé go mb’fhéidir go mbeidh siad níos oilte ná é féin. Meas tú mbeidh Biffo níos cróga? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5612 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 06:07 am: |
|
http://www.nuacht.com/home.tvt?_scope=La/Content/Baruil%20agus%20anailis&id=3886 &psv=1 Trevor amháin ag caint ar Threvor eile: quote:B'fhéidir go bhfeileann sé do Bhertie na Glasaigh a bheith faoina sciathán agus líomhaintí Binse Mahon ag teacht chun cinn. Nach éard a deir siad ‘coinnigh do chairde gar duit agus do chuid naimhde níos gaire fós’? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1128 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 11:40 am: |
|
Mór an trua go bhfuil Sargent imithe mar cheannaire. Ardfhear é cinnte. Ach b'fhéidir gurb é seo an uair is fearr lenár buíochas a ghabháil Níl Fine Gael agus an píosa cacamaise sin de pholasaí Gaeilge le bheith curtha i bhfeidhm Níl Lucht Oibre chun post páirtaimseartha a dhéanamh as an Aire Gaeltachta. Daoine coimeadacha atá ag coinneáil na tíre seo siar!! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Riona
Member Username: Riona
Post Number: 1177 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 12:51 pm: |
|
Ni maith liom Burty ach ni maith liom Enda nios. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5615 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 02:48 pm: |
|
Ni maith liom Burty Bertie ach ni maith liom Enda nios is measa liom Enda.
Éamon Ó Cuív fós sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Agus an ruaig curtha ar Dick Roche. Is maith sin. Agus Biffo ina Thánaiste. Bhíos ag súil le Glasach. |
|
An Dub (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 02:53 pm: |
|
Vótáil mé ar son Fhine Gael. Is fear macánta é Enda i gcomparáid le Bertie. Tá súil agam go bhfeicfimid Bertie ag caitheamh tamall i gcillín Ray Burke roimh i bhfad |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 8 Registered: 06-2007
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 03:08 pm: |
|
Níol aon dhifríocht leis an ndeireadh Rialtas agus an ceann seo |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5617 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 03:21 pm: |
|
Ní ol aon d hifríocht leis an ndeireadh idir an Rialtas deireadh agus an ceann seo quote:Is fear macánta é Enda i gcomparáid le Bertie Cá bhfios duit? Ní raibh air riamh cuir i gcoinne cathú! Féach ar Lowry..... |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 13 Registered: 06-2007
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 04:39 pm: |
|
"Níol aon dhifríocht leis an ndeireadh idir an Rialtas deireadh agus an ceann seo " Funny, that was my first sentance. Must go back to reading more examples. |
|
An Dub (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 04:40 pm: |
|
quote: Cá bhfios duit? Ní raibh air riamh cuir i gcoinne cathú! Féach ar Lowry.... Cuireadh Lowry as an bpáirtí díreach nuair a tháinig an scéal amach faoi ... sin é an difríocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Cuireann scéala Bhertie agus a léithéid clár teilifíse i gcuimhne dom. Chraol RTE an clár timpeall 15 bhliain ó shin. Bhí siad ag taispeáint saol sean-fheirmeora i gCo Cabhán. Baitsiléir ab ea é agus ní raibh ioncaim mór aige. Bhí a dheartháir le mí-chumas intleachta chun teacht chun cónaí leis - agus an chéad rud a rinne an sean-fhear ná gur scríobh sé chuig an Roinn Leasa Shóisialaigh ag iarraidh orthu stop a chur leis an £5 an seachtain a bhí aige mar liúntas maireachtála aonair. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5619 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 04:43 pm: |
|
An difríocht idir Fine Gael agus Fianna Fail (faraor) ná go bhfuil Fianna Fáil sa Rialtas (beagnach) i gcónaí. Bheadh malairt cumasach go maith, ach níl rogha ann faoi láthair. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 152 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, June 15, 2007 - 06:52 am: |
|
A'bhfuil óráid Sargent sa Dáil ar fáil ar an idirlíon go fóill? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5625 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 15, 2007 - 07:52 am: |
|
Tá http://debates.oireachtas.ie/DDebate.aspx?F=DAL20070614.xml&Node=H5#H5 Seo óráid an Taoisigh: http://www.ireland.com/newspaper/breaking/2007/0614/breaking91.htm Is leir go bhfuil feabhas ag teacht ar chúpla focail Bhertie.... (Message edited by aonghus on June 15, 2007) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5626 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 15, 2007 - 08:02 am: |
|
Agus aitheasc Threvor i nGaeilge in ndiaidh an vóta http://debates.oireachtas.ie/DDebate.aspx?F=DAL20070614.xml&Node=H5&Page=6 quote:Aithním agus cuirim fáilte roimh thoradh an vóta seo agus guím comhghairdeas agus gach rath ar an dTaoiseach ar bheith tofa arís mar Thaoiseach na tíre. Ní rud nua é dó mar is Taoiseach é le tamall fada agus tá ag éirí go han-mhaith leis sa ról sin. Ach san am céanna, cuireann toradh an vóta seo tús le ré nua mar cuireann sé tús le ról mo pháirtí fhéin, An Comhaontas Glas, dul i gcomhpháirtíocht i Rialtas. Ciallaíonn sin nach amháin gur ócáid stairiúil é domsa go pearsanta agus don Taoiseach mar Thaoiseach i Rialtas nua mar sin, ach chomh maith mar gur páirtí muid atá fíor-bhuíoch d’obair an Thaoisigh le linn an próiséas síochána agus teacht i bhfeidhm Conradh Aoine an Chéasta. Dá bharr sin is féidir linne sa Chomhaontas Glas a rá go bhfuilimid mar pháirtí uile-Éireann anois toisc go bhfuilimid páirteach insan Tionól i Stormont agus anseo i nDáil Éireann chomh maith. Táim buíoch don Taoiseach as an obair sin ar son na síochána sa tír seo agus as an ról atá ag muintir na tíre uilig i gcur chun cinn na tíre insan Chomhaontas Glas ó thuaidh agus ó dheas. Guím gach rath ar an obair sin. Táim ag súil leis an dul chun cinn gur féidir linn a dhéanamh chun saol níos fearr a bhaint amach do mhuintir na tíre ar fad agus todhchaí na tíre a láidriú tríd an dúshlán atá romhainn. Pairtí 32 contae iad na Glasaigh! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 153 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, June 15, 2007 - 08:49 am: |
|
Maith thú Aonghuis, gura míle "Dá bharr sin is féidir linne sa Chomhaontas Glas a rá go bhfuilimid mar pháirtí uile-Éireann anois toisc go bhfuilimid páirteach insan Tionól i Stormont agus anseo i nDáil Éireann chomh maith." An fíor-pháirtí uile-Éireann is ea iad anois. :) Agus leis an dá roinn chumhachtacha siúd (an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus an Roinn Cumarsáide, Fuinneamh agus Acmhainní Nádúrtha) atá faoina stiúir is féidir linn a bheith ag súil le hathruithe maithe amach romhainn, ach is mór an caillteanas é faoi Sargent, go hairid ó thaobh Gaeilge sa Dáil de. Ach sin ráite, tá Gaeilge mhaith ag Gormley freisin agus is féidir linn bheith ag súil le roinnt Gaeilge uaibh ó am go ham freisin gan amhras. (Message edited by Mise_Fhéin on June 15, 2007) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1134 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, June 15, 2007 - 10:14 am: |
|
Sure is seanscéal sin, tá na glasaigh ina pháirtí 32 contae le dhá bhliain anuas.. Ach é sin ráite má deireann tú le mo dhuine ar an sráid i mBéal Feirste "Excuse me, will you be voting green?" Ach green in intinn fórmhór na ndaoine ná Sinn Féin / SDLP.. Le cúnamh dé feicfidh na páirithe eile "an solas geal ó thuaidh" agus leathnú amach anseo mar is ceart agus is cóir. "An fíor-pháirtí uile-Éireann is ea iad anois. :) " ^ Lol let's not go there!! Aye tá súil agamsa féin go mbeidh Gormley ag baint úsáid as a chuid Gaeilge amach anseo. 'l fhios ag éinne bhfuil post faoi leith ag an fear mór Sargent? Aire Stáit nó rud dá leithéid? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 154 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, June 15, 2007 - 10:20 am: |
|
Aidhe, ach ní raibh siad i gcumhacht thuaidh is theas. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1667 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 15, 2007 - 10:21 am: |
|
An bhfacamar Bertie go fóill ag labhairt Gaoluinne le héinne? Is éasca léamh ó phíosa páipéar, ach scéal difriúil atá ann bheith in ann éisteacht agus freagraí a thabhairt. Ach ag deireadh an tsaoil, tá áthas orm go bhfuil ár dtaoiseach ag déanamh iarrachta an teanga a fhoghlaim. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1136 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, June 15, 2007 - 10:32 am: |
|
Ehhh ní hé sin cad a dúirt tú!! "An fíor-pháirtí uile-Éireann is ea iad anois" ... Ní dúirt tú "An t-aon páirtí rialtais uile-Éireann is ea iad anois" ! Aontaím leat FnaB. Deas é a fheiceáil, ach le polasaithe maithe a chur i bhfeidhm d'fhéadfadh é féin go leor leor mhaitheas a dhéanamh don ghaeilge! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 155 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, June 15, 2007 - 11:19 am: |
|
"An fíor-pháirtí uile-Éireann is ea iad anois" Céard go díreach atá ag cur isteach ort faoin abairt sin thuas? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5630 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 15, 2007 - 11:49 am: |
|
Is tacaí de chuid Sinn Féin é. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1138 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 06:16 am: |
|
.. Agus ball gníomhach i dtrí chontae.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 156 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 07:10 am: |
|
"Is tacaí de chuid Sinn Féin é." ".. Agus ball gníomhach i dtrí chontae.." ok......... ach, céard go díreach atá ag cur isteach ort faoin abairt sin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5655 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 08:23 am: |
|
Gur ndearna tú iarracht Fallaing Shinn Fhéin mar an t-aon fíor páirtí 32 contae a ghoid, gan amhras! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 158 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 08:38 am: |
|
ó sin é go díreach, ach bhíos ag iarraidh é a chloisteáil uaibh, le haghaidh an chraic an dtuigeann tú mé |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1139 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 09:12 am: |
|
aye sin an fáth nach bhfuair tú freagra!! ;) Polaiteoir mé, ní thugann mo dhuine freagraí ariamh tá's agat ;P A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5658 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 10:33 am: |
|
A Mhise Fhéin, ar eagla na míthuisceana: Ní haon ball ná tacaí de chuid Sinn Fein mise; bhíos ag tabhairt buille faoi thuairim maidir le thuairim Domhnall, bunaithe ar mo thaithí air anseo. Agus is cosúil nach raibh mé ar strae... |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 161 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 10:34 am: |
|
Ó, tá's am Aonghuis, thuig mé |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1143 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 12:22 pm: |
|
Sin mar a litríonn an DUP ár n-ainm Aonghus. Sinn F*É*IN Actually ceann eile duit Aonghus, an bhfeiceann tú an chaoi nár chuir tú m'ainm sa ghinideach ansin (nó tuiseal eile b'fhéidir), céard ba chúis leis sin? Tuairim Dhomhnaill nó tuairim Dhomhnall b'fhéidir... An é an cineál riail neamhfhoirmiúil céanna is mé féin ag scríobh d'ainm thuas? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5665 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 02:50 pm: |
|
Ní hea, ach easpa slachta ar mo chuid Gaeilge, an t-easpa céanna is cionsiocair leis an fada ar lár ar Féin. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1144 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, June 19, 2007 - 07:27 am: |
|
Cgl A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|