Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5578 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 10, 2007 - 03:54 pm: |
|
Chuaigh mé siar is aniar an bóithrín, Is fuair mé rud nach raibh mé a iarraidh. Shuigh mé síos agus chuartaigh mé, Is nuair a chuaigh mé abhaile is ea fuair mé é. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3064 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, June 10, 2007 - 10:20 pm: |
|
Na trí nithe is géire ar bith: Dealg láibe, (.i. dealg sa láib) Róipín cnáibe, Focal amadáin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5579 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 06:07 am: |
|
Anois, tá péire dlite dúinn! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3065 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 10:17 am: |
|
Maith go leor. Seo agaibh an chéad cheann díobh: Cé go ndruideann sé leat chuile oíche, ní thiocfaidh sé a fhad leat choíche. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5589 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 05:09 pm: |
|
An neach saolta nó meafair atá i gceist? Is eagal liom, agus é ina chlapsholas amuigh, go bhfuil seo ró dhorcha dom! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3069 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 07:06 pm: |
|
Is rud é, seachas duine saolta. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3071 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 12, 2007 - 09:14 am: |
|
Leid eile: ní féidir leat do lámh a chur ar an rud seo. Ní ann dó ach id intinn. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5594 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 12, 2007 - 10:25 am: |
|
Codladh? Ach titim im chodladh go minic, mar sin, ní dóigh liom gurbh é sin é. Tá sé ró mheirbh anseo abhus chun ceisteanna mar seo a chíoradh! Aoinne eile? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 629 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, June 12, 2007 - 02:49 pm: |
|
Codladh do Dhennis. Tuirse do Aonghus? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3073 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 12, 2007 - 07:12 pm: |
|
quote:Codladh? Ní hea. Bíonn tú an-ghar dó i gcónaí díreach roimh mheán oíche. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5601 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 13, 2007 - 06:15 am: |
|
Ah! Amárach? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3075 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 13, 2007 - 10:45 am: |
|
Amárach! :-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5606 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 13, 2007 - 12:04 pm: |
|
Inniu an amárach a raibh tú buartha faoi inné! Ach tá tomhas fós ag dul dúinn uaitse... (Message edited by aonghus on June 13, 2007) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3076 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 13, 2007 - 05:39 pm: |
|
quote:Ach tá tomhas fós ag dul dúinn uaitse... Is fíor duit, agus seo agaibh é: An té a dhéanann é, ní choinníonn sé é. An té a thugann leis é, ní aithníonn sé é. An té a aithníonn é, ní ghlacann sé é. An té a chruinníonn é, scriosann sé é. Cad é? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5609 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 05:54 am: |
|
Pailin? ach níl mé cinnte faoin leathrann deiridh. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3077 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 10:25 am: |
|
quote:Pailin? An-suimiúil mar fhreagra! Ach ní hea. An té i ngach abairt, is duine daonna é. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5613 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 10:38 am: |
|
Airgead bréige? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3078 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 10:43 am: |
|
Airgead bréige! Agus leis sin, ghlan mé na fiacha dubhfhoclacha a bhí orm! Fútsa atá sé arís. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 631 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 10:49 am: |
|
Ceann maith sin, Dennis. Ar chum tú féin é? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3079 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 08:34 pm: |
|
GRMA. Ach ní mise a chum é, ná an ceann roimhe. Ní dhearna mise ach Gaeilge a chur orthu. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|