Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5547 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 03:50 pm: |
|
Agus cuirfidh mé ceann ar fáil ar mhaithe leis an sruth: Caipín óir is cos as, D'ólfadh mac rí deoch as, Ní bun crainn é, ní barr crainn é, Agus ní gabha ná ceardaí dhein é! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3049 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 10:28 pm: |
|
Cupa dearcáin? Ach is túisce a d'ólfadh síogaí deoch as na prionsa daonna. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5550 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 06:09 am: |
|
Ní hea. Nod: d'ól mise agus mo ghasúr as tráth. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3050 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 09:55 am: |
|
Tá muisiriún a bhfuil dath buí/oráiste air a fhásann sna bólaí seo. Chanterelle an t-ainm atá air, agus is minic a bhíonn cuma an chuach air. An é sin é? (Message edited by dennis on June 06, 2007) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Bearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 09:57 am: |
|
"Chanterelle " Yum Yum |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3051 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 10:20 am: |
|
quote:Yum Yum Sea. Ach tá orainn fanacht go dtí Meán Fómhair. Níl siad ar fáil anseo ag an am seo den bhliain. Is breá liom bia séasúrach, nach mbíonn ar fáil sna siopaí an bhliain go léir. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5553 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 11:46 am: |
|
Ní hea. Rud beo atá ann ceart go leor, ach bíonn sé ar fáil de shíor don té a dlitear dó é. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3052 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 11:48 am: |
|
An bláth é? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5554 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 11:49 am: |
|
Ní hea! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3054 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 12:00 pm: |
|
Duilleog? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Bearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 12:28 pm: |
|
"Is breá liom bia séasúrach, nach mbíonn ar fáil sna siopaí an bhliain go léir." Agus, is maith liom torthaí na hÉireann. Bia dhuchais badh é sméar dhubh |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5555 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 02:22 pm: |
|
An bhfuil tú ag léamh na nodanna in aon chor? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 623 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 10:01 am: |
|
64? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3057 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 10:06 am: |
|
OK, is rud beo é atá ar fáil ar feadh na bliana. Is dócha nach ainmhí (ná baictéar ná prótasón) é. Céard atá fágtha? Planda, nó cuid de? Ach ní bláth nó duilleog é. Agus tá dath an óir air. Agus tá sé ar fáil "don té a ndlitear dó é". Tá saghas "entitlement" i gceist mar sin? Is féidir ól as do bhois féin, ar ndóigh, ach níl dath an óir uirthi, chomh fada lem eolas. Tá mo bhos-sa bándearg. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 625 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 01:11 pm: |
|
Mura mbeadh an prionsa sin ag sú na gréine...ach cén cos a bheadh ag an ngrian? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5556 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 02:30 pm: |
|
quote:Planda, nó cuid de? Ní hea. quote:Is féidir ól as do bhois féin, ar ndóigh Sin an freagra is gaire go dtí seo. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5562 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 04:44 pm: |
|
Ach nach ball coirp de chuid an óltóra atá i gceist! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5565 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 08, 2007 - 10:06 am: |
|
Nod eile: Táim ag blígh an tomhas seo don toradh is fearr.... |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 08, 2007 - 12:46 pm: |
|
bainne? |
|
Bearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 08, 2007 - 12:55 pm: |
|
Prátaí? Sméara dhubha An bhfuil boid cineál toraidh nó glasraí? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 626 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, June 08, 2007 - 02:53 pm: |
|
Ag bleán? Bó sna craobhacha agus hata óir uirthi? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3059 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 08, 2007 - 03:02 pm: |
|
Cíoch?? (Rud beo atá ar fáil de shíor don té a ndlitear dó é.) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5570 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 08, 2007 - 03:33 pm: |
|
Sin é a Dennis. Iníon Aonghusa díreach tar éis a cuid a éileamh, agus a bhfuil dlite di d'fháil. Anois tá sí ag rince ormsa. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3060 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, June 09, 2007 - 11:31 am: |
|
An t-aon uair amháin a chonaic mé cíoch fíor-órga riamh, le linn an "Solstice Parade" anseo is ea a tharla sé. Tosaíonn an pharáid chuile bhliain leis na rothaithe lomnochta (" nekkid bicyclists"). Bíonn an chuid is mó acu cludaithe le péint -- uaireanta bhíonn " cycling costume" iomlán péinteáilte orthu, mar shampla -- agus uaireanta úsáideann siad péint óir. http://www.relache.com/body_art/body_painting.html http://bodyfreedom.org/painted_cyclists/ http://www.pbase.com/jcornice/parade05&page=1 "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 627 Registered: 11-2004
| Posted on Saturday, June 09, 2007 - 04:26 pm: |
|
Cé plainéad ar a bhfuil tú i do chónaí arís, a Dennis? Muise. Ní bheadh sé de mhisneach agam rothaíocht a dhéanamh gan éadaí fúm. Dáinséarach, muise. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3061 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, June 10, 2007 - 12:22 pm: |
|
quote:Cén plainéad ar a bhfuil tú i do chónaí Ar an gCósta Clé, ar ndóigh, buíochas leis na déithe. Tá dubhfhocal agaibh orm anois, is dócha. Níos deireanaí inniu, tá go maith? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5574 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 10, 2007 - 01:48 pm: |
|
quote:Tá dubhfhocal agaibh orm anois, is dócha Tá, go deimhin. quote:Níos deireanaí inniu, tá go maith? An bhfuil rogha againn? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3063 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, June 10, 2007 - 03:27 pm: |
|
quote:An bhfuil rogha againn? Tá. Bheifeá in ann t-aicearra a ghearradh orm! Is é an chaoi nach bhfuil aon chnuasach dubhfhocal agam. An ceann deireanach a thug mé daoibh (faoin ancaire agus an seol), chum mé féin é. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5577 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 10, 2007 - 03:50 pm: |
|
quote:chum mé féin é. Muise. Mo ghraidhin thú! |
|