Author |
Message |
Aoife G. (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 11:05 am: |
|
Tá mé ag lorg eolas faoi foclóir óiriunach i gcoir chludach litir i gcoir post muinteoireachta. Cé go bhufil Gaeilge agam tá sé tamaill fada a raibh mé a úsáid go foirmiúil. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1109 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 09:48 am: |
|
Céard gur mhaith leat go díreach? Mo leithscéal ní thuigim do theachtaireacht. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1643 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 06, 2007 - 10:33 pm: |
|
An oibríonn tú le hAn Post? An gcaithfidh tú múineadh d'oibrithe eile conas mar seolta a scríobh agus a léamh ar chlúdaigh litreacha? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3056 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 12:24 am: |
|
quote:An oibríonn tú le hAn Post? Tuigim nach raibh tú sásta "An Post" a athrú, ach athraítear é mar sin féin. Seo agat cúpla sampla a fuair mé ar an idirlíon: Ag Coigilt leis An bPost: na Buntáistí: Bíonn uaireanta fada oscailte ag An bPost. Cuntas ar an bPost. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1647 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 09:14 am: |
|
Seans go bhfuil sé oiriúnach "An Post" a athrú toisc go bhfuil páirt mhór aige i saol na ngael leis na céadta bliain anuas... ach dá mba faoi theidil chomhlachtaí eile a bheimis ag caint, nílim cinnte an athróinn an t-ainm. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 622 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 09:58 am: |
|
Ar aon nós, tá sí ag lorg poist... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3058 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 10:17 am: |
|
Agus "An Gúm"? "An Roinn Airgeadais"? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1648 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 10:29 am: |
|
Cinnte d'athróinn "An Roinn Airgeadais" mar ní fíortheideal atá i gceist seachas focail a úsáidtear chun cur síos ar an rud atá i gceist: Bhí sé ag crá na Ranna Airgeadais. Ach dá dtabharfaí ainm uathúil uirthi, ("An tAirgead" mar shampla), ní cheapaim go n-athróinn é mar ní ainm sothuigthe atá ann. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1118 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 10:38 am: |
|
^ GOA! Saol na nGael leis na céadta bliain anuas?! To quote themselves "Since its establishment in 1984, An Post continues to... " Would the rule of Names of Organisations etc not apply - for eg in the Tuiseal Ginideach - déarfá "le haghaidh Fhoras na Gaeilge" Actually no - on second thoughts it's common (and i presume correct) to run with an tuiseal tabharthach with the names of organisations.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1649 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 12:32 pm: |
|
Opps, cheapas go raibh An Post neart níos sinne ná sin! Más ainm cinnte atá i gceist gan an t-alt (m.sh. Seán, Foras na Gaeilge, Saol na nGael), níl sí ina fadhb mar ní dhéantar athrú ar bith seachas é a shéimhiú. Ach maidir le hainmneacha cinnte a bhfuil an t-alt rompu, caithfear iad a athrú de réir rialacha an tuisil ghinidigh. Níl aon fhadhb ann seo seachas nuair is ainm ait atá i gceist (m.sh. An Post in ionad Roinn an Phoist) (Message edited by Fear_na_mBróg on June 07, 2007) -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5557 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 07, 2007 - 02:38 pm: |
|
Ba mhaith le hAoife a bheith ina múinteoir. Tá sí ag lorg nathanna agus focla le n-úsaid sa litir a sheolfaidh sí lena hiarratas. A Aoife, déan do dhícheall tú féin, agus cuir an toradh anseo, agus cabhróidh muid leat snas a chuir air. |
|