Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5487 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 30, 2007 - 07:41 am: |
|
Bhíomar ag plé cócaireacht, agus cócaráil (briathar nach maith liom), sanasaíocht agus aois na bhfocail ach go hairithe. Luaitear cócaireacht in Aisling Mhic Conglinne, ach níl mo sháith den tSean Ghaeilge agam chun na briathra agus ainmfhocail a bhaineann leis an cócaire agus na gníomhartha a phiocadh amach. A dtiocfá i gcabhair orm? http://www.ucc.ie/celt/published/T308002/index.html |
|
Bearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 30, 2007 - 08:41 am: |
|
Níl sé i (t)Sean-Ghaeilg, ach dá phíosa níos mó Danta ga chuid Uladh, Tomás Déis (eag) Éamonn Ó Tuathail CÓCAIREACHT (1641 17L) Ult29-08 11-12, lch. 11, líne 73 ach, /do t^hroisg ar leacaibh loma, /dó féin nachar d^hiommolta /do c^hlaoi díomais na colna. / /©Fionntan® feartach faidhrineach > /is ©Colum® cabharthach ©Cille®, /níor m^hó a ^ndíol do c^hócaireacht /iná a ^ndíol d'+uisge is biorar. / /Do s^honas na bliadhna+sa /a^-tá gach cailleach 'na cléireach, /ag tuigsin na diadhachta, /riamh má tuigeadh go bréagach. / /Ní Seanmóirí Muighe Nuadhad II Connradh Chuilm Naomhtha (eag.) CÓCAIREACHT (1840ls 19L) L219, lch. 166, líne 7 inn! Is /iongnadh liom nár c^hoisg na srotha fola do_bhí ag tuitim /in do b^héal do t^hart! Ná bíodh iongnadh oraibh, adeir /Críost, óir is minic mé dá innsin díbh nach fáth iongan^-/tais cócaireacht ar bith dá ^ndearnadh ar mo c^horp+-+sa, ag /polladh mo lámh, mo c^hos agus mo c^hinn, mar do t^harngair /an fáidh ©Dáibhídh®: ©Foderunt manus meas et pedes meas et /dinumeraverunt |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5492 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 30, 2007 - 08:51 am: |
|
"cócaireacht ar bith dá ndearnadh ar mo chorp-sa", Is cosúil gur céasadh atá i gceist anseo. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3020 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 30, 2007 - 10:33 am: |
|
Ní dóigh liom go bhfuil an focal "cócaire" le fáil in Aislinge Meic Con Glinne, ach tá an focal céanna sa teanga le fada, mar sin féin. Tá an iontráil seo a leanas againn in Sanas Cormaic (ca. 900): 241. Coic óndí as cocus [.i.] cocaire. Tá an ceart ag Cormac maidir leis an tsanasaíocht. Ón bhfocal Laidine "cocus" nó "coquus" (= cook) a tháinig an focal Sean-Ghaeilge "coic" (= cook), agus rinneadh "cocaire / cócaire" de "coic" ina dhiaidh sin. Maidir leis na focail a bhfuil baint acu le cócaireacht in AMCG, tá na céadta acu ann! Tá áit lárnach ag craosaireacht sa scéal, mar atá a fhios agat. Céard go díreach atá ag teastáil uait? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5493 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 30, 2007 - 10:53 am: |
|
Fianaise gur focal nua cócaráil! Agus seachas "ag cócaireacht" go mbíonn briathar níos cruinne in úsáid do ghníomhartha an chócaire. Féach an allagar seo: http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/show.pl?tpc=20&post=57344#PO ST57344 |
|
Bearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 30, 2007 - 11:31 am: |
|
Chuardaigh mé sa leathanach sin, 'is níor fuair aon fhocal cosúil le coc/cóc/cocaire |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3021 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 30, 2007 - 07:39 pm: |
|
quote:Fianaise gur focal nua cócaráil! Tá an chuma sin air. Tá a fhios againn go n-úsáidtear an iarmhír -áil le briathra nua a chumadh, cé go bhfuil sí le fáil in ainmneacha briathartha dúchasacha chomh maith: fágáil, gabháil, tógáil, etc. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
|