Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5466 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 28, 2007 - 04:48 pm: |
|
Duibhín Ó Duibhín, Gilín Ó Gil, Duine ag inseacht scéil Gan féith, gan fuil |
|
Réilthín
Member Username: Réilthín
Post Number: 14 Registered: 02-2007
| Posted on Tuesday, May 29, 2007 - 08:25 am: |
|
scannán? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5473 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 29, 2007 - 09:01 am: |
|
Ní hé sin an freagra sa leabhar, ach freagra deas atá ann. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 609 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 29, 2007 - 10:03 am: |
|
Grianghraf, mar sin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5476 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 29, 2007 - 10:26 am: |
|
Freagra deas eile, ach tá an tomhas níos sine ná ceachtar acu. |
|
Marianna (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, May 29, 2007 - 11:16 am: |
|
Shadow? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5482 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 29, 2007 - 12:40 pm: |
|
Ní scáil atá i gceist. |
|
Bearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, May 29, 2007 - 12:46 pm: |
|
Reputation? Depression? A bad hum off ya? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 362 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, May 29, 2007 - 01:46 pm: |
|
Scáthán? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3018 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 29, 2007 - 05:23 pm: |
|
An bhfuil an scéal seo "thíos i ndubh is i ngeal", mar a deirtear? Is é sin, an téacs scríofa é? Tá mé ar ais ón Spáinn, agus ó Pháras mar ar chaith mé cúig lá. An cuimhin libh ár seanchara Max? Tá sé ar fheabhas. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5483 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 30, 2007 - 05:57 am: |
|
quote:an téacs scríofa é Leatsa an Plume d'Or. Litir an freagra sa leabhar. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 613 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 30, 2007 - 10:53 am: |
|
Fáilte romhat abhaile, Dennis. Tá súil agam go mbeidh scéalta agat dúinn. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5503 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 31, 2007 - 06:05 am: |
|
A Dennis dlítear dúinn tomhas! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3023 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 31, 2007 - 09:59 am: |
|
Tá's agam. Déanfaidh mé mo dhícheall. Is é an chaoi nach bhfuil aon dubhfhocal réidh agam. Is beag nár cheannaigh mé leabhar dubhfhocal i mBarcelona -- fuair mé cúpla ceann acu in La Casa del Llibre ansin -- ach bhí orm smaoineamh ar mheáchan mo bhagáiste. ;-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3025 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 31, 2007 - 10:22 am: |
|
OK. Seo ceann daoibh: Má thógtar é, imíonn muid. Má chuirtear é, fanann muid. Má thógtar é, imíonn muid. Má íslítear é, fanann muid. Dá rud éagsúil atá i gceist, ach is baill den chriú céanna iad. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5504 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 31, 2007 - 10:33 am: |
|
Má thógtar é, imíonn muid. Má íslítear é, fanann muid. An geata ar chrosaire comhréidh? Claí teorainn? An bhfuil mé gar do in aon chor? (Message edited by aonghus on May 31, 2007) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3026 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 31, 2007 - 10:43 am: |
|
quote:An bhfuil mé gar do in aon chor? Níl. Cuimhnigh go bhfuil dá rud éagsúil i gceist, agus tá siad sa chriú céanna. Ní mór duit an dá rud ainmniú! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5505 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 31, 2007 - 11:56 am: |
|
Damnú. Seol agus ancaire. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3027 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 31, 2007 - 12:27 pm: |
|
Bingo! :-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5507 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 31, 2007 - 04:00 pm: |
|
Ní fuil is ní feoil is ní cnámh é, As fuil is as feoil a d'fhás sé; Baintear a cheann de is ólfaidh sé deoch, Is beidh sé ag caint ina dhiaidh sin! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3031 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 01, 2007 - 02:24 pm: |
|
Ní ag déanamh neamhiontais den dubhfhocal seo atá mé. Ach, faraor, tar éis dom mo mhachnamh a dhéanamh air, níl barúil dá laghad agam den fhuascailt. Ach níl mé sásta géilleadh fós! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 363 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 01, 2007 - 03:25 pm: |
|
Béal? teanga? fiacal? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5515 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 01, 2007 - 04:43 pm: |
|
Béal? | Feol | teanga? | Feol | fiacal? | Cnámh! | Tá an freagra gaolta le tús an snátha, ach is annamh i bhfeidhm inniu é. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 364 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 01, 2007 - 04:49 pm: |
|
Páipéar? Pár? Peann? Cleite scríbh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5516 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 01, 2007 - 04:52 pm: |
|
Cleite scríbh? agat! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 366 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 01, 2007 - 04:56 pm: |
|
Dhiabhail! Bhain sin allas as cealla m'inchinne ;-) Ceann fiúntach. Maith agat as na leideanna. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 367 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 01, 2007 - 05:46 pm: |
|
An chéad cheann eile: "Buaileann sí lei lena gualainn Nuair a mbíonn a bolg lán. Ach níl siúl aisti gan bhataí más folamh a bolg" Cé ise? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 616 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, June 01, 2007 - 05:50 pm: |
|
Bád? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 368 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 01, 2007 - 06:10 pm: |
|
Ceithre nóiméad! Ar deil, a mhic! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5521 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, June 02, 2007 - 03:27 pm: |
|
Tusa anois, a Shéamais! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 617 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, June 04, 2007 - 10:01 am: |
|
Cén sraith uimhreacha an chéad chéann eile thíos? 1 11 21 1211 111221 312211 13112221 |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3039 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 04, 2007 - 12:34 pm: |
|
Uimhreacha! I bhfad uainn an drochrud! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5532 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 04, 2007 - 02:02 pm: |
|
N'fheadar an tomhas atá anseo in aon chor? Is dóigh liom go bhfágfaidh mé ag Abigail é! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 333 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, June 04, 2007 - 02:25 pm: |
|
Bhí de rún agam é a fhágáil faoi dhaoine eile, ó tharla go bhfuil sé feicthe agam cheana féin... Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5533 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 04, 2007 - 02:35 pm: |
|
Bhuel. Seo freagra le cabhair ó Google http://dheera.net/sci/sequence_sol.php |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 618 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, June 04, 2007 - 05:47 pm: |
|
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 619 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 09:41 am: |
|
Mar atá, tagraíonn gach sraith don tsraith roimhe. 1 Aon aon = 11 dhá haon = 21 aon dhó agus aon aon = 1211 aon aon, aon dhó, agus dhá haon = 111221 agus araile. 312211 13112221 1113213211 an chéad cheann eile, mar sin. (Sin an freagra as Gaeilge). |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5543 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 10:46 am: |
|
Is fearr aon ar do lámh ná dhá aon sa sceach! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 620 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 11:16 am: |
|
Dhá haon, nó dhá héan? Bunús sin do thomhas nua éigin, déarfainn. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3047 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 12:02 pm: |
|
Tomhas nua! Tomhas nua! Tá tomhas nua uainn! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|