Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5444 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 26, 2007 - 10:12 am: |
|
Bhí sé ag iascaireacht lá amháin ar abhainn a bhí ar a thalamh féin, agus bhí cleith agus dorú aige agus duán agus baoití, agus bhí gallach bradán marbh aige agus bhí sé ag triall ar dhul abhaile; agus tháinig scoláire bocht suas chuige agus d'iarr sé ceann de na bradáin air; agus dúirt an fear uasal leis nach dtiocfadh leis an bradán a ithe gan é a bheith cóctha nó gléasta, agus ní raibh teach ná áras i ngar dó lena chócaireacht; agus dúirt an scoláire bocht leis dá dtabharfadh sé an bradán dó go ndéanfadh sé a chócaireacht le fíor agus bréaga; agus chuimhnigh an fear uasal ina intinn féin, dá dtiocfadh leis sin a dhéanamh go mba mhaith an cheist í le cur chuig an maighdean uasal; agus thug sé an bradán dó an ceann is mó a bhí sa ngallach leis an mbród a bhí air leis an mbradán a fheiceáil gléasta; agus rug an scoláire bocht ar an mbradán agus nigh sé agus ghlan sé é agus rinne sé a chócaireacht; agus d'ith an scoláire bocht a mhian den bhradán agus d'ith an fear uasal cuid den bhradán; As "Ridire an Gháire Dhuibh agus Scéalta eile", Mícheál Mac Ruairí a d'inis. Coiscéim 1993. Extract for the usual fairy story about the haughty woman who will only marry the man who can ask her a riddle she can't solve. Freagra amárach! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5445 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 26, 2007 - 10:45 am: |
|
Extract from the usual fairy story ... |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 349 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, May 26, 2007 - 11:43 am: |
|
ach cad é an cheist, ní mé! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5447 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 26, 2007 - 01:57 pm: |
|
Conas is féidir cócaireacht le fíor agus bréaga? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 350 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, May 26, 2007 - 02:01 pm: |
|
an ionann a chócaireacht le fíor agus é a chócaireacht? an ionann a chócaireacht le bréaga agus é a chócaireacht fhad is a mbíonn bréaga a insint? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5448 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 26, 2007 - 02:22 pm: |
|
Ní hea, go baileach. Ábhar a bhain sé feidhm as atá i gceist. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 351 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, May 26, 2007 - 02:45 pm: |
|
Tá mé buailte, a aonghuis |
|
Mac_léinn
Member Username: Mac_léinn
Post Number: 590 Registered: 01-2007
| Posted on Saturday, May 26, 2007 - 04:26 pm: |
|
Bháin mé triail ag aistriú, ní thuigim an scéal. Fanfaidh mé ceithre uair is fiche an chloig agus cuirfidh mé an aistríúchan anseo, mura miste leat. Múineann gá seift
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 352 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, May 26, 2007 - 04:40 pm: |
|
Tuigim na focail, ach tá ag dul díom ciall a bhaint as an dúthomhas, amhail bean ardnósach an scéil thuas. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 353 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, May 26, 2007 - 05:02 pm: |
|
a chócaireacht ar fíoruisce, b'fhéidir ? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5449 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 27, 2007 - 07:38 am: |
|
Foighne go fóill beag. Nuair a bhíonn na ceithre uaire fichead istigh scaoilfidh mé an cheist. Ach is ní amháin atá i gceist leis an "fíor agus bréaga" |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 354 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, May 27, 2007 - 07:59 am: |
|
Is maith le cealla m'inchinne bheith ag damhsa as a stuaim fhéin. Níl neart agam orthu, bíodh is go mbíonn siad ar fán bunáite an ama ,-) |
|
Mac_léinn
Member Username: Mac_léinn
Post Number: 596 Registered: 01-2007
| Posted on Sunday, May 27, 2007 - 10:51 am: |
|
Here's my attempt at translating Aonghus' initial posting above: He was fishing one day at the river's bank with pole and cord and hook and bait. (And) he had a string of salmon and he was traveling home. A poor scholar came up to him and asked him for one of the salmon he had. The gentleman said to him that he wouldn't give him the salmon to eat without being cocky or well dressed. And the home wasn't near to him for cooking. The poor scholar said to him that if he would give to him the salmon he would make cooking with truthes and lies. The gentleman remembered that if he could come to this (able to?) that he would do well with the question to the maiden. He gave the salmon to him (most that was of the catch). The poor scholar took the salmon and he cleaned and washed it and he did his cooking. And the poor scholar ate to his desire and the gentleman ate his share of salmon. Well, that's my shot at it - don't really understand it. FRC-GRMA Múineann gá seift
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 356 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, May 27, 2007 - 11:11 am: |
|
"Ach is ní amháin atá i gceist leis an "fíor agus bréaga" Fíorscéal is bréaga? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5454 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 27, 2007 - 12:45 pm: |
|
Mac, you have the gist of it, but it was lifted out of a folklore story and is particularly idiom rich. Perhaps the solution will fill the gaps for you. If I have time later I'll try to fix the translation. Fuascailt na ceiste: An chaoi a ndearna sé an bradán a chócaireacht - bhí lán mála de pháipéir nuachta leis ar a dhroim, agus thug sé amach greim barraigh as a phóca agus thug sé tine dó, agus chuir sé an bradán ar an róistín agus las sé na páipéir nuachta ceann ar cheann faoin mbradán go ndearna sé a chócaireacht; agus sin é brí na ceiste! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 357 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, May 27, 2007 - 12:51 pm: |
|
Fíorscéalta is bréaga an nuachtáin, an ea? Sea, cigilteach! |
|
Mac_léinn
Member Username: Mac_léinn
Post Number: 598 Registered: 01-2007
| Posted on Sunday, May 27, 2007 - 01:10 pm: |
|
Scríobh Aonghus: Perhaps the solution will fill the gaps for you. Sea, tuigim an freagra, ach ní thuigim an pairt den maighdean uasal. Múineann gá seift
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 359 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, May 27, 2007 - 02:06 pm: |
|
Níl ann ach sliocht as an scéal! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5456 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 27, 2007 - 03:52 pm: |
|
Sin é. Bheadh an scéal ar fad ró fhada, agus is scéal coitianta atá ann. Tá achoimre de leagan eile de anseo http://en.wikipedia.org/wiki/The_Riddle_(fairy_tale) |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 508 Registered: 09-2004
| Posted on Sunday, May 27, 2007 - 04:00 pm: |
|
ach ní thuigim an pairt den maighdean uasal. B'fhéidir go bhfuil tagairt leis an finscéal "Fionn Mac Cumhael agus an Bradán Feasa?" Go mba seacht bhfearr a bheas tú bliain ó inniu.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5457 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 27, 2007 - 04:05 pm: |
|
He was fishing one day on a river on his own land with pole and cord and hook and bait. He had a fine catch of salmon and he was about to start for home. A poor scholar came up to him and asked him for one of the salmon he had. The gentleman said to him that he couldn't give him the salmon to eat without it being cooked or prepared. And the home wasn't near to him for cooking. The poor scholar said to him that if he would give to him the salmon he would cook it using truths and lies. The gentleman thought to himself that if he were able to do that, that it would be a good question to put to the maiden. He gave the salmon to him, the largest in the catch since he was so keen to see it prepared. The poor scholar took the salmon and he cleaned and washed it and he did his cooking. And the poor scholar ate to his desire and the gentleman ate his share of salmon. (Message edited by aonghus on May 27, 2007) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1100 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, May 28, 2007 - 04:53 am: |
|
"And the home wasn't near to him for cooking..." Sin Gaelachas! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Mac_léinn
Member Username: Mac_léinn
Post Number: 600 Registered: 01-2007
| Posted on Monday, May 28, 2007 - 06:19 pm: |
|
A Aonghuis, go raibh maith agat as an aistriúchán. Múineann gá seift
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5470 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 29, 2007 - 04:58 am: |
|
Tusa a rinne an obair, ní dhearna mise ach snás a chuir air! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5471 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 29, 2007 - 05:02 am: |
|
Mionleasú eile agus ní raibh teach ná áras i ngar dó lena chócaireacht | and there was neither a house nor a habitation nearby in which to cook it |
|
|