Author |
Message |
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1054 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 09:30 am: |
|
Let's keep it relevant to An Ghaeilge.. Comharthaí : - Fine Gael - Ceann ar bith i nGaeilge feicthe agam. Cinn i mBéarla timpeall Chonamara. Le cúnamh Dé ní bheidh FG sa chéad Rialtas eile. Scéal céanna le Lucht oibre. Sinn Féin ar fad as Gaeilge. Iadsan sa chéad áit agus an ghaeilge i gceist. Ní haon ionadh sin. Comhaontas glas agus Fianna Fáil - Cinn i mBéarla agus cinn i nGaeilge. Maith go leor cinnte. Mo rogha - 1. Sinn Féin 2. Comhaontas Glas 3. Seans go gcaithfidh mé vóta ar son FF le FG a choinneáil amach ó chontae lú... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 62 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 09:42 am: |
|
Aontaím ar fad leis sin, a Dhomhnaill, ach déan cinnte go dtugann tú vóta do gach duine le Fine Gael ag an deireadh. Sílim go mbeidh aistrithe fíorthábhachtach san olltoghchán seo. Don chéad uair tá iarrthóirí ag SF agus CG i ngach Dáilcheantar agus fiú sna háiteanna nach bhfuil seans ar bith acu déarfainn go bhfaighidh siad suas le 3,000 eatartha. Smaoinigh ar na haistrithe!! Mholfainn an rud céanna dóibh siúd atá ag vótáil Fhianna Fáil - aistrithe a thabhairt do Shinn Féin agus na Glasaigh. |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 63 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 10:03 am: |
|
Bhí sé seo a leanas ar Gaelport.com inniu: An Ghaeilge sa Chóras Oideachais 16 Bealtaine 2007 Ta tuairimí difriúla luaite ag gach páirtí maidir le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais. Tá an chuid is mó díobh ag moladh go ndéanfaí leasú ar churaclam na scoileanna agus táid go léir ag éileamh go gcuirfí béim ar an teanga labhartha. Fine Gael amháin atá ag moladh go mbeidh an Ghaeilge roghnach seachas riachtanach ag leibhéal na hArdteiste Tá Fianna Fáil agus Sinn Féin glan in aghaidh an mholta sin agus tá an Páirtí Daonlathach ag rá go mbeidh an Ghaeilge riachtanach ag leibhéal na hArdteiste. Níl aon leid againn i bhforógra an Lucht Oibre nó i bhforógra an Chomhaontais Ghlais faoina dtuairimí siúd i leith na ceiste sin. Tá An Comhaontas Glas ag súil le scrúdú a dhéanamh ar riachtanais oideachais sna Gaeltachtaí agus go bhfiosrófaí bunú Bhord Oideachais chun déileáil leis na nithe seo. Tá páirtí an Lucht Oibre chomh maith ag lorg go ndéanfaí athbhreithniú ar litearthacht na Gaeilge i scoileanna na Gaeltachta agus gaelscoileanna chomh maith le forbairt a dhéanamh ar churaclam na Gaeilge do chainteoirí Dúchasacha agus dóibh siúd a théann go gaelscoileanna. Dearbhaíonn Fianna Fáil go gcuirfear i bhfeidhm an drámaíocht sna bunscoileanna trí mheán na Gaeilge. Ceangailte leis an sprioc sin tá sé geallta ag Sinn Féin go múinfí ábhair éagsúla trí Ghaeilge, mar shampla an corpoideachais nó spóirt. Ina bpolasaí '50 céim i dtreo Córas Oideachais níos fearr' deireann an Comhaontas Glas go múinfí ábhar eile bunscoile trí Ghaeilge. Tá níos mó áiseanna agus acmhainní le haghaidh mhúineadh na Gaeilge geallta ag Fianna Fáil. Tá an tacaíocht chéanna á mholadh ag Fine Gael ina ráiteas a foilsíodh in Aibreán 2007 agus i dteannta leis sin gealltar go gcuirfí feabhas ar théacsleabhair. Geallann formhór na bpáirtithe go bhforbrófar cúrsaí oiliúna na múinteoirí. Tá sé ráite ag an gComhaontas Glas go dtabharfaidh siad isteach, ar bhonn céimiúil, córas oiliúna do mhúinteoirí sa tumoideachas i gColáiste lán-Ghaeilge. Déanfaidh Páirtí an Lucht Oibre scrúdú ar bhunú coláiste oiliúna do mhúinteoirí Gaeilge agus rachaidh siad i ngleic le géarchéim chaighdeán na múinteoirí atá ábalta teagasc trí Gaeilge. Tá Sinn Féin ag rá go mbeidh tábhacht ar leith ag an dátheangacahs sna coláistí oiliúna. Anuas ar sin, deir Sinn Féin go mbunófar Coláiste Gaeilge Tríú leibhéal chomh maith. Teastaíonn ó Fhine Gael go ndéanfaí athnuachan ar thumadh sa Ghaeilge do mhúinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí atá cheana féin ag múineadh. Teastaíonn uathu freisin go mbeidh Foireann Tacaíochta Teanga ann le cabhrú le múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna ar leith. Tá formhór na bpáirtithe ag gealladh go mbeidh tacaíocht do thuismitheoirí a dteastaíonn uathu go mbeidh oideachas trí Ghaeilge ag a gcuid páistí. Geallann Páirtí an Lucht Oibre go bhfaighidh siad réidh le haon chonstaicí atá ag gaelscoileanna agus gaelcholáistí i dtaobh riaracháin, foirgneamh, múinteoirí agus saoráidí. Tá Sinn Fein ag lorg níos mó cúnaimh airgeadais don réamhscolaíocht trí Ghaeilge agus go mbeadh sruthanna Gaeilge ar fáil i réamhscoileanna Béarla. Ta sé ráite ag an bPáirtí Daonlathach go leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge . Maidir leis an nGaeltacht molann Fianna Fail ina cháipéis "Polasaí i leith na Gaeilge-na chéad chéimeanna eile" go gcuideofar le méadú a chur ar ghréasán na gcreiseanna Gaeilge sa Ghaeltacht agus go dtabharfar tacaíocht do chreiseanna ar fud na tíre a bheadh ag iarraidh áiseanna trí Gaeilge a bhunú. Nóta :Ráiteas an Aire Oideachais 14/5/07. Tá curtha in iúl ag an Aire Oideachais go bhfuil i gceist aici athrú a chur ar chleachtas an tumoideachais i ngaelscoileanna. Tá seo ag teacht salach ar mholtaí páirtithe eile. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 272 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 06:41 pm: |
|
Tá Cosaí MacGearailt ag déanamh a ndícheall ar son FG i gCorca Dhuibhne |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5335 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 06:12 am: |
|
Fear Dingle Daingean Uí Chúis? Ar a shon sin amháin, ní bheadh fonn orm vóta a chaitheamh dó! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1060 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 07:50 am: |
|
Mé féin ach a mhalairt! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 64 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 10:25 am: |
|
Cuirigí mise ar an liosta sin freisin!! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1062 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 01:28 pm: |
|
Is léir mar sin leaids go bhfuil muinín caillte i FG ag Gaeilgeoirí... Tá cúiseanna againn agus é sin ráite a'am! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
An Dub (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 08:25 pm: |
|
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 11:15 pm: |
|
Dá mbeadh vóta a'msa, chaithfinn dó é. |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 278 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, May 19, 2007 - 01:58 pm: |
|
An bhfaca éinne Nuacht TG4 aréir, do chuir an tuairisceóir ceist ar cheannaire Lucht Oibre Pat Rabitte faoi pholas na Gaelinne Fhine Gael agus nach mbeadh sé mar ábhar éigeantach. Dúirt Pat go soiléir "No that will not happen." Ná bí chomh deacair ar an gcomhrialtas d'athrú, Domhnaill faoi Ghaeilge agus a cúrsaí!:) Fáilte Roimh Cheartú
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 16 Registered: 04-2007
| Posted on Saturday, May 19, 2007 - 03:52 pm: |
|
Sílim féin go bhfuil go leor le déanamh ag gach páirtí go fóill sula mbíonn an Ghaeilge ar chomhchéim leis an Bhéarla. Tá FG chomh holc sin nach fiú labhairt orthu ach ag gach preasócáid a chonaic mé féin go dtí seo níl ach Bearla scríofa ar na cúlraí ag FF. The Next Steps srl. Tá SF níos fearr ar ndóigh ach bheadh sé iontach dá mbeadh na polaiteoirí sásta ráiteas Gaeilge a thabhairt faoin chóras sláinte, nó chúrsaí airgeadais mar shampla. Go raibh an lá ann, am éigin... |
|