Tá cara liom i ndiaidh rphost a chur chugam ag taispeáint dom go bhfuil suíomh idirlín ChLG i mBéarla amháin.
http://www.gaa.ie/ Fiú rialacha an Chumainn, is i mBéarla amháin iad.
Fimíneacht.
Tá náire, díoma agus fearg orm.
Tá mé ag teacht chuig an tuigbheál go bhfuil scoilt ro-mhór anois idir Gaelachas agus an gnáth Éireannach agus go gcaithfidh Gaeil smaointeamh orthu féin mar dhream ar leith, chan níos fearr ná Éireannaigh, ach mar phobal ar leith.
Bailte dar gcuid féin, cumainn spoirt , gnólachtaí féin, ionaid scoileanna, páirtí politiúil fiú?