mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (May-June) » Archive through May 22, 2007 » Dúcheist nua « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5292
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, May 10, 2007 - 08:38 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní tomhas go baileach atá anseo, ach ceist loighice.

Rugadh ar fear óg i seomra an bhanprionsa. Bhí sé le bheith curtha chun báis, ach tugadh deis do.

Bhí deichniúr gobharnóir ag an Rí. Bhí siad le 10 liathróid órga a íoc leis gach bliain, meachain deich bpunt i ngach liathróid.

Bhí duine acu ag caimiléireacht, agus theastaigh ón Rí an duine sin a aimsiú.
Sin a cheist a bhí le réiteach ag an bhfear óg.

Bhí céad aige meá a úsáid uair amháin, agus an bithiúnach a ainmniú ansin. D'eirigh leis. Conas?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 105
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, May 10, 2007 - 09:08 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhuel, an féidir leat an mheá a úsáid ar chuile liathróid atá ag chuile ghobharnóir?
Más féidir. Ní bheidh sé ort ach na 10 liathróid órga atá ag chuile ghobharnóir a mheas agus ansin iad a chur i gcomparáid le chéile.
Is rógaire é an té nach bhfuil a chuid liathróidí ógra ar an meáchan chéanna lena liathróidí ógra eile!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

BRN (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, May 10, 2007 - 10:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"deich bpunt i ngach liathróid. "

Wow. Is maith leis Domhnaill a fheiceáil!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 582
Registered: 11-2004


Posted on Thursday, May 10, 2007 - 10:18 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chuala mé an ceann seo agus ceadaítear meá a dhéanamh trí huaire. An bhfuil tú cinnte?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5293
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, May 10, 2007 - 10:30 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Táim.

Is meá sách mór atá i gceist, áfach, agus sách cruinn.

Ní magairlí atá i gceist, a Bhirn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 285
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, May 10, 2007 - 11:31 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhuel seo rud:
Má ghlactar le liathróid ón chéad duine, dhá liathróid ón darna, trí ón treas,7rl, go dtí deich gcinn ón deichiú duine.

Bheifeá ag súil le:
1 x 10 lb (+)
2 X 10 lb, go
10x 10 lb (=)
55x 10 lb = 550

Anois más caimiléireacht atá ann, glactar go mbeadh an troime níba éadroime.

Anois, le haghaidh an réiteadh seo, bheadh sé iontach go deo go mbeadh fhios agat go bhfuil an t-easnamh chéanna sna liathróidí uilig an chaimiléara agus fhios agat cad é an t-easnamh sin.

Abair gur punt an t-easnamh, agus ar ríomh an troime duit, fuair tú amach gur 545 lb a bhí ann .i. 550 - 5 = 545, bheadh fhios agat gur ag an cúigiú duine atá an t-easnamh.

É sin , nó ceist a chuir ar an mbanphrionsa?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

BRN (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, May 10, 2007 - 11:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

55x 10 lb = 550

550lb = go leor buachaillí...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5295
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, May 10, 2007 - 11:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sin é, a Fhirn. Rinne mé dearmad a rá gurbh eol go raibh an méid céanna in easnamh sna liathróidí ró éadroma.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 583
Registered: 11-2004


Posted on Friday, May 11, 2007 - 10:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chuala mé ceann eile atá cosúil leis an gceann seo. Tá dhá liathróid déag ann, agus ceann níos éadroime nó níos troime ná na cinn eile. Faigh an ceann sin, agus inis cé acu níos éadroime ná níos troime é. Níl ach trí seans ann duit chun iad a mheá ar scála le dá thaobh.
Níl sé éasca. Conas a dhéantar? Mínítear gach cás.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 294
Registered: 06-2006
Posted on Friday, May 11, 2007 - 10:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Na sonraí ar fad dúinn, a shéamais!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 585
Registered: 11-2004


Posted on Friday, May 11, 2007 - 10:38 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ar ball. Bíodh seans agaibhse, ar dtús.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5302
Registered: 08-2004


Posted on Friday, May 11, 2007 - 10:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Déchrann?

A) Sé chinn ar gach taobh.
B) Trí chinn den sé is eadroime ar gach taobh.

agus rl.

Caithfidh mé mo mharana a dhéanamh air.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 296
Registered: 06-2006
Posted on Friday, May 11, 2007 - 11:18 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

sonraí na faidhbe, a phleidhce!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 586
Registered: 11-2004


Posted on Friday, May 11, 2007 - 03:21 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá dhá liathróid déag ann, agus ceann níos éadroime nó níos troime ná na cinn eile. Níl ach trí seans ann duit chun iad a mheá ar scála le dá thaobh. Faigh an ceann sin, agus inis cé acu níos éadroime ná níos troime é.
(Mar a dúirt mé).
Is féidir na liathróidí a aithint óna chéile (marc a chur orthu nó mar sin).

Beidh níos mó ná trí thomhas de dhíth ort, a Aonghuis, más amhlaidh a dhéanann tú é. Cuir i gcás, níl a fhios agat an chéad iarracht cén taobh a bhfuil an liathróid neamhionann.

(Message edited by Séamas_Ó_neachtain on May 11, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5305
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, May 12, 2007 - 06:56 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An féidir a mheas ón meá go díreach cén meáchain atá ar gach taobh?

Mar shampla, an féidir trí chinn a chuir ar taobh amháin, agus naoi gcinn ar an taobh eile, agus a rá an bhfuil an trí oiread meacháin sna naoi?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 299
Registered: 06-2006
Posted on Monday, May 14, 2007 - 06:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seo m'iarrachtsa:

Ainsiléad
12 mheall*
3 thoisc ar mheá


An chéad thoisc:
Na meallta ar fad a chur ar an ainsiléad, 6 mheall an taobh.
Anois beidh taobh níos troime ná an taobh eile.
Dhá mhall a bhaint den ainsiléad, meall an taobh.
Má tá an mheá fós aontaobhach, is léir go bhfuil an dá mheall sin ar aon troime .i. níl an eisceacht ann.
Baintear an dara dhá mheall mar an gcéanna, 7rl go dtí go bhfágtear an t-ainsiléad ar choimheá. Fágann sin go bhfuil an eisceacht ar an dá mheall sin, é níos troime ná níos éadroime ná a leathmheall. Tugaimis A agus B orthu, A níb éadroime ná B.

An Dara toisc
Meall a rogha as an fuíoll. Tugaimis C air.
Cuir abair A agus C ar dhá cheann an ainsiléid
Má tá A níos éadroime ná C, fágann sin B=C.
Mar sin, is eisceacht A, Mar sin, is eisceacht A, níos éadroime ná an fuíoll.

Má tá A níos troime ná C, fágann sin B=C
Mar sin, is eisceacht A, níos troime ná an fuíoll

Má tá A cothrom le C, is eisceacht B ach gan fhios againn é níos troime nó níos éadroime .


An treas toisc
i gcás cothroime thuas, beidh ort B agus aon mheall eile a mheá féachaint a bhfuil an eisceacht níos troime nó níos éadroime .



Sin é.



*Dar liom, is cnap gaoithe liathróid faoi chomhad plaistice nó leathair a bhuaileann daoine mar chluiche. Bíonn taghag ag meall.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5315
Registered: 08-2004


Posted on Monday, May 14, 2007 - 09:00 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Dar liom, is cnap gaoithe liathróid faoi chomhad plaistice nó leathair a bhuaileann daoine mar chluiche. Bíonn taghag ag meall.



Is fíor dhuit. Focail bhreátha.

Ach maidir leis an tomhas, tá tuairim agam gur meá nua atá ann nuair a bhíonn meall bainte den mheá.

Cá bhfuil Séamas?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 587
Registered: 11-2004


Posted on Monday, May 14, 2007 - 10:03 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is fíor duit. Beadh an iomarca de thosca de dhíth dá ndéanfaí amhlaidh é.

Seo an réiteach:

Toisc 1:
Cuirtear ceithre cinn ar gach taobh. Cuirimis AAAA agus BBBB orthusan, agus CCCC ar na cinn eile.

Cás I: Is cothrom AAAA agus BBBB. Mar sin, ceann de na ceithre cinn eile (CCCC) atá ina eisceacht.
Toisc 2(cás I): Meáitear AAA agus CCC.
Cás I,2a: Is cothrom iadsan. Mar sin, is é an C eile atá as an ord, agus is féidir a mheas cé acu níos éadroime ná níos troime sa tríú toisc, i gcoinne meall ar bith eile.
Cás I, 2b: Tá CCC níos troime (nó níos éadroime, is cuma) ná AAA. Ceann díobhsan (CCC) atá as an ord. Cuirtear dhá cheann díobh (CC) ar an ainsiléad. Más cothrom iad, tá an ceann eile níos troime (nó éadroime). Mura gcothrom iad, beidh a fhios againn cé acu an ceann níos troime (éadroime).

Anois, Cás II: Is níos troime AAAA ná BBBB (nó a mhalairt, is cuma). Mar sin, tá a fhios againn go bhfuil CCCC mar a chéile, agus is ceann díobh thuas atá as an ord.
An dara toisc:
Cuirtear BBBA agus CCCB ar an ainsiléad.
IIa: Is cothrom iad. Mar sin, tá an ceann ait in AAAC (na cinn eile). Don tríú toisc, meáitear AA as na cinn sin. Más cothrom iad, tá an A eile níos troime. Má thiteann ceann díobh, sin an ceannn atá níos troime.
IIb: Má thiteann BBBA, is é an A sin nó an B ar an taobh eile atá as an ord. Mar sin, don tríú meá, meáitear an A sin agus C ar bith (tá a fhios againn gur ionann gach C). Má thiteann an A sin, sin an ceann. Mura dtiteann, tá an B sin níos éadroime.
(Má éiríonn BBBA thuas, tá ceann de na BBB sin níos éadroime. Meáitear dhá cheann díobh, agus más ionann, is é an ceann eile é. Má éiríonn ceann díobh, sin an ceann éadrom.)

Is ionann an dara cás thuas agus an triú cás, má iompaítear an ainsiléad (chuirtear an taobh deas ar an taobh clé).

D'inis mé daoibh go raibh sé deacair! Agus nílimse chomh cliste sin gan chabhair:
http://www.funtrivia.com/askft/Question23938.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 303
Registered: 06-2006
Posted on Monday, May 14, 2007 - 10:16 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maith an fear, a shéamais, ach bíodh do chuid treoracha níba shoiléire an chéad turas eile. Ní chuí go mbeadh ar na hiomaitheoirí talamh slán a dhéanamh de laincisí ós seiftiúlacht atá a lorg. ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 591
Registered: 11-2004


Posted on Monday, May 14, 2007 - 11:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní dóigh liomsa gur chuir mé laincisí ar éinne thuas. Chaith mé mórán ama ag iarraidh sin dhéanamh intuigthe. Tá sorry orm.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 305
Registered: 06-2006
Posted on Monday, May 14, 2007 - 11:26 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

I bhfad níb fhearr ná leoraí a bheith ort, is dócha ;-)



©Daltaí na Gaeilge