Author |
Message |
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1489 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, April 22, 2007 - 01:26 pm: |
|
Bhuail gliondar croí mé mar a thiomáineas thar an bhfógra a dúírt "An Ghaeltacht", seo ab ea mo chéad uair dul go Gaeltacht. Bhíos i nGaeltacht na Rinne inné agus níor chuala mé éinne ag labhairt Gaolainne. Ar na sráideanna níor chuala mé ach Béarla; rud ar bith seachas Béarla sna siopaí, agus freisin Béarla amháin sa tigh tabháirne. Níor chuala mé Gaolainn go dtí gur stop mé ag teach a raibh bean an tí ag bearradh an fhéir os comhair an tí agus d'fhraíos di "Where do they actually speak Irish here?". Dúirt sí liom gur Béarla an chéad teanga a labhródh muintir na háite leat muna mbíonn aithne acu ort (toisc nach mbíonn fhios acu an bhfuil Gaolainn agat). Ach d'ainneoin sin nuair chuala mé éinne de mhuintir na háite ag labhairt Gaolainne le chéile áit ar bith. Shiúlas thar ghrupaí daoine go mall chun éisteacht cén teanga a bhí á labhairt acu... ach am thar éis am níor chuala mé ach Béarla. D'fhraíos den bhean dheas cé mhéad daoine a mbeadh Gaolainn acu san áit, agus dúirt sí liom go raibh an chuid is mó de na daoine sa cheantar in ann í a labhairt. Chuir sé seo ag smaoineamh mé cén sórt ruda í Gaeltacht? An í: 1) Áit ar Gaolainn an teanga a labhríonn muintir na háite le chéile. 2) Áit a bhfuil fórmhór na ndaoine in ann Gaolainn a labhairt. 3) Áit macasamhail gach áite eile sa tír. Ón am a chaith mé i nGaeltacht na Rinne, déarfainn gurb é an dara rogha atá ceart. Ach níl rud ar bith speisialta faoi mhuintir atá in ann Gaolainn a labhairt... tá cúpla teaglach i m'eastát tithe féin i mBleá Cliath in ann Gaolainn a labhairt, ach ní chiallaíonn sé sin gur Gaeltacht atá inti! Agus mar sin tá ceist agam... an bhfuil fíorGhaeltacht ar bith in Éirinn, gaeltacht ina labhraíonn muintir na háite Gaolainn le chéile? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5180 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, April 22, 2007 - 03:18 pm: |
|
Laistiar den Daingean agus ar na hoileáin i nGaillimh, ó fhianaise mo chluaise. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 971 Registered: 06-2005
| Posted on Sunday, April 22, 2007 - 07:21 pm: |
|
Tá fíorghaeltachtaí sa tír cinnte.. Tá 15 as 156 toghcheantair (ceapaim) le > 85% Gaeilgeoirí laethúla. Cúpla áit i gConamara & Tír Chonaill.. Rud atá soléir, tá ag éirí níos laige leis an nGaeilge sna Gaeltachtaí. Fadhb coitianta luaite agat freisin, leantar leis an mBéarla le daoine gur as ceantar eile iad. Gan a bheith ag caitheamh anuas ar éinne faoi leith ach nuair a chuireann tú ceist ar mo dhuine sa theach tabhairne ansin cé mhéid atá ar do phionta i nGaeilge, i gcónaí beidh freagra béarla agat. Fiafraím díot FnaB nár thug tú cuairt ar an gColáiste sa Rinn? Glactar leis sa cheantar, gan é ní bheadh Gaeltacht ann na laethanta seo. Áiteanna eile sa Rinn a úsáidtear an Ghaeilge go forleathan - Teach an RNLI ar Cé Heilbhic, Comhlacht teilifíse Nemeton, An séipéil, Criostal na Rinne, Teach Tabhairne Daly's i nDún Garbhán, Oifig an phoist ansin agus cuid eile... Cén teach tabhairne ina raibh tú? Mooneys an ea? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1493 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, April 23, 2007 - 04:30 am: |
|
Mooney's a rabhas ann, sea. Thiomáineas isteach i limistéar páirceála an choláiste ach ní raibh mórán daoine fásta timpeall na háite, bhí sé lán le páistí (b'fhéidir toisc gurbh An Satharn a bhí ann?) Níl fhios agam conas a thugann siad Gaeltacht ar a gceantear muna labhraíonn siad Gaolainn le chéile. . . -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1636 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, April 23, 2007 - 06:29 am: |
|
1) Áit ar Gaolainn an teanga a labhríonn muintir na háite le chéile. 2) Áit a bhfuil fórmhór na ndaoine in ann Gaolainn a labhairt. Gabh go Gaoth Dobhair, Cloich Cheannaola, Toraigh, Rann na Feirste... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1495 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, April 23, 2007 - 07:36 am: |
|
Bheinn moillitheach (hesistant?) dul go Gaeltacht in Ulaidh mar níl fhios agam arbh fhéidir liom an chaint a thuiscint. Gaeilge an Chaighdeáin a d'foghlaim mé ar scoil agus tá sí níos cosúla le Gaeilge Chonnacht 's Gaolainn na Mumhan ná atá sé cosúil le Gaeilg Uladh. Ar aon nós, ceapaim gurb í Gaolainn na Mumhan an Ghaolainn is fearr liom, ach bheadh m'intinn oscailte (I'd be open minded?) dul go Gaeltacht áit ar bith chomh fada 's a thuigim an chaint! -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1638 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, April 23, 2007 - 08:39 am: |
|
Deirfinn féin nach bhfuil Gaeilg na Mumhan cosúil leis a’ chaighdeán oifigiúil. Is í Gaeilg Chonamara is cosúla leis seo. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1499 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, April 23, 2007 - 09:52 am: |
|
Arbh fhéidir leat moladh dom aon ghaeltacht amháin as gach aon chúige dul chuici? Ulaidh = Mumhain = Connachta = Táim ag iarraidh na ngaeltachtaí ina labhraítear an Ghaolainn go forleathan. Seans go dtiomáinfaidh mé go gaeltacht dhifriúil gach deireadh seactaine. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5186 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, April 23, 2007 - 10:43 am: |
|
Mumhain = Iarthar Duibhneach Connachta = Ceantar na nOiléain, agus Inis Óirr nó níos fearr fós inis méain Uladh = gabh san áit a deir Lughaidh! (Níor labhair mé Gaeilge le aoinne níos óige ná me i dTeileann ná Gleann Cholm Cille ná Cill Cartha; ach bhí an áit breac le famairí ar aon nós) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 974 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, April 23, 2007 - 11:39 am: |
|
Cuma ar an scéal go bhfuil athrú deas ag teacht ar do ghaeilge FnaB... Tú ag fágáil an chaighdeáin agus tú ag dul le Gaeilge Mumhan... N'fheadar mar sin bhfuil ceartú de dhíth ort a thuilleadh? Níor mhaith liom bheith ag caitheamh anuas ar do thuairimí ach chaith mise i bhfad níos mó ama sa cheantar sin le trí bhliain anuas agus ó mo thaithí labhraíonn cuid mhór de mhuintir na háite Gaeilge le chéile.. Tuigim do chás maidir le Gaeilge Thír Chonaill.. Díreach mar an gcéanna domsa, ach más ar thóir pobail difriúil atá gaelach go leor lean ort go Machaire Rabhairte/Gaoth Dóbhair.. Conamara - Carna / Leitir Móir / Indreabhán ... Goile, díreach lean ort amach ar an mbóthar, téann tú níos faide amach agus éiríonn sé níos gaelaí.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1500 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, April 23, 2007 - 11:54 am: |
|
quote:Mumhain = Iarthar Duibhneach Seans gurb í seo an chéad ghaeltacht eile a rachaidh mé chuici! quote:Connachta = Ceantar na nOiléain, agus Inis Óirr nó níos fearr fós inis méain An féidir tiomáint go dtí na hoileáin, nó an gá dul i mbád? quote:Uladh = gabh san áit a deir Lughaidh! (Níor labhair mé Gaeilge le aoinne níos óige ná me i dTeileann ná Gleann Cholm Cille ná Cill Cartha; ach bhí an áit breac le famairí ar aon nós) Rachaidh mé go Connachta 's go Mumhain sula rachaidh mé go hUlaidh! quote:Cuma ar an scéal go bhfuil athrú deas ag teacht ar do ghaeilge FnaB... Tú ag fágáil an chaighdeáin agus tú ag dul le Gaeilge Mumhan... N'fheadar mar sin bhfuil ceartú de dhíth ort a thuilleadh? Athraíonn an chaoi ina labhraím ag brath cá bhfuil mé. Tar éis cúpla nóiméad ag labhairt leis an mbean sa Rinn bhíos ag rá "tigh" in ionad "teach". Táim cinnte go n-athródh mo chuid Gaolainne mar a ghluaisim ó ghaeltacht go gaeltacht. Go fóill ba mhaith liom dá gcabhródh daoine liom le mo chuid ráite. quote:Níor mhaith liom bheith ag caitheamh anuas ar do thuairimí ach chaith mise i bhfad níos mó ama sa cheantar sin le trí bhliain anuas agus ó mo thaithí labhraíonn cuid mhór de mhuintir na háite Gaeilge le chéile.. Bhí an bhean ag rá liom gur oscail na tithe tábhairne eile ag a sé a clog... seans go gcloisfinn níos mó gaeilge iontusan? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Mura mbíonn téarma Gaeilge agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5191 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, April 24, 2007 - 08:38 am: |
|
quote:An féidir tiomáint go dtí na hoileáin? Muna bhfuil do charr in ann snámh, ní bheidh tú in ann dul go hOileáin Árainn. Ach maidir le ceantar na noileán, beidh: http://www.cnnoilean.ie/indexgael.html |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 976 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, April 25, 2007 - 10:22 am: |
|
Nod - rud éigin atá foglamtha agamsa agus mé sa ghaeltacht... Labhraítear Béarla leat mura bhfuil aithne ag muintir na gaeltachta ort. Sin mar atá.... Ach... Má théann tú isteach áit éigin agus tú ag labhairt amach as gaeilge le duine, cuireann sé in iúl dóibh gur Gaeilgeoir thú agus bítear sásta labhairt as Gaeilge leat.. B'fhéidir go mbeadh spéis ag duine de do chairde dul leat? N'fheadar an mbeadh spéis agat ina leithéid ach mholfainn go mór duit cuairt a thabhairt ar an spailpín fánach i Spidéal agus tú ar do bhealach amach go dtí an fíorghaeltacht agus earraí deasa gaelacha a cheannach.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|