|
|
|
Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2810 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, March 09, 2007 - 02:53 pm: |
|
Fuair mé eolas ar dhá fhoinse eile inniu, a bhuí le Micheál Ó Catháin agus le Antain Mac Lochlainn. Níl teacht agam orthu fós, ach beidh siad an-luachmhar dúinn de réir dealraimh. Thug Antain sampla dom as an dara ceann: Allas an Diabhail = duine mioscaiseach. Lo and behold, tá sé in FGB, cé nár aimsigh muid é: allas 2. (In phrase) allas an diabhail (de ghasúr), a limb of Satan, a scamp (of a boy). 1) de Bhaldraithe (Tomás) (comp.): Ainmneacha ar chineálacha daoine. In Béaloideas 22, 1953 (1954), pp. 120–53. Vocabulary of ca. 1,000 terms descriptive of people, from Cois Fhairrge 2) Ó hEochaidh (Seán) (comp.): ‘Is iomdha sin duine ag Dia.’ In Béaloideas 20, 1950 (1952), pp. 73–95. Alphabetical list of terms descriptive of people, from Co. Donegal "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 69 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, March 09, 2007 - 03:31 pm: |
|
Dennis, Pocaide - m playboy, scamp (FBG) focal scior: I gConamara úsaidtear an téarma seo do dhuine as Ros Muc, mar mhasla. Is iomaí an troid a thosaíodh tar éis 'disco' nuair a deiridís 'pocaide' Níl 'an focal scior' san fhoclóir ar chor ar bith. An bhfuil eolas mar seo cabhrach nó an bhfuilim ag cur isteach oraibh agus ar an obair? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2811 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, March 09, 2007 - 04:18 pm: |
|
pocaide - m person from Ros Muc (insulting) An-deas ar fad! Chuir mé ar an liosta tánaisteach é in éineacht le "dlúthchara", focal eile a thug tú dúinn. Tá mé ag déanamh gur focal ar nós "jackeen" agus "culchie" é. Tá ionad dá leithéid ar an liosta gan dabht dá laghad! Dála an scéil, níl "focal scior" agam. Céard go díreach is ciall leis? Níl agam ach "focal scoir" a chiallaíonn "parting word, final word/remark". "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 70 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, March 09, 2007 - 04:55 pm: |
|
Dennis, Ní úsáitear jackeen anois in Éirinn, de gnáth. Úsáitear gurrier, skanger, langer, hoodie. Agus tá míniú ag baint le gach téarma. Gurrier - Bleá Claith Skanger - Luimneach Langer - Corcaigh Hoodie - Chuile Áit Culchie, ní úsáidtear an focal sin mórán, ach tá sé ann in áiteanna, de ghnáth úsáidtear red-neck, bogger, hick, agus téarma eile cosúil le 'BIFFO'. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2812 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, March 09, 2007 - 06:04 pm: |
|
quote:agus téarma eile cosúil le 'BIFFO' Big Ignorant F**k From Offaly ? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 263 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, March 09, 2007 - 11:45 pm: |
|
Dennis, tá an dá eagrán sin de Bhéaloideas sa leabharlann s'againne. Bheinn breá sásta iad a chuardach agus cóipeanna a dhéanamh i gceann seachtaine nó mar sin. (Thosaigh spring break inniu agus ní bheidh mé ar an gcampus arís ina chaitheamh.) Abigail Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1441 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, March 10, 2007 - 05:57 am: |
|
quote:Ní úsáitear jackeen anois in Éirinn, de gnáth. Úsáitear gurrier, skanger, langer, hoodie. Agus tá míniú ag baint le gach téarma. Gurrier - Bleá Claith Skanger - Luimneach Langer - Corcaigh Hoodie - Chuile Áit Biggest load of bull. Here's an explanation of those terms from a born and bred Dubliner: gurrier: A dirty, sinister, troublemaker and vandal. skanger: A person that wears a fake Burberry hat on their head at 135 degress to the ground, wears a shirt and shoes with tracksuit bottoms, is generally of poor hygeine, working-class and a complete waster. Also speaks in a very characteristic way, using many colloquialisms based on sound, e.g. "not the may west" instead of "not the best", "tin of fruit" instead of "suit". langer: This term isn't used in Dublin, but when it is used, it refers to anyone from the country. hoodie: Never heard it, although I'd presume it has something to do with filthy little scumbags that go around with their hood up thinking they're hard. Average age would be about 12. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2821 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, March 10, 2007 - 11:06 am: |
|
quote:tá an dá eagrán sin de Bhéaloideas sa leabharlann s'againne. Ar fheabhas! Níl aon phráinn orainn. Cuirfidh muid caoi ar an mbunachar sonraí a fuair muid ó FGB ar dtús, agus ansin beidh deis againn tuilleadh iontrálacha ón liosta tánaisteach agus ón dá alt sin a chur leis. Tá go maith? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 264 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, March 10, 2007 - 10:20 pm: |
|
Maith go leor! Ar an ndrochuair, d'fhág mé FGB san oifig, rud a fhágann nach mbeidh mé in ann an chuid eile de na hSanna a chíoradh go dtí sin ach oiread. Gabhaigí mo leithscéal as sin... Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2849 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, March 13, 2007 - 12:50 am: |
|
Fuair mé an teachtaireacht seo ó Shéamus Mac Conmidhe ar maidin: quote:Tá liosta amuigh dar teideal "An Maslóir Gaeilge". Níl a fhios agam cé a thiomsaigh ach tháinig cóip de chóip de chóip chóipe chugamsa as áit inteacht. Tá os cionn 200 drochainmneacha Gaeilge ar an liosta. Seo sampla beag; bollaire, braimleog, caidir, cábúnach, clibistín, creimire, cruimheachán, crunca, dogairne, dundarlán, falcaire. Dúirt sé go gcuirfidh sé an liosta iomlán ar fáil dúinn. :-) Is dóigh liom go bhfuil na samplaí uilig seo in FGB, ach níor aimsigh muid "creimire" (go bhfios dom), ná "clibistín" (cé nach bhfuil sé soiléir ón iontráil in FGB gur féidir an t-ainm seo a thabhairt ar dhuine). "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 266 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, March 20, 2007 - 05:31 pm: |
|
Seo cuid eile de na hSannaí - tá ó s-sd scrúdta agam anois. scon m beggar (baintear den liosta é - is briathar é) scéalach m story-teller; bearer of news (Aidiacht atá ann é - baintear den liosta é agus cuirtear "scéalaí" ina áit.) Dearmadta cló: sciotarálaí m titterer, giggler; silly talker scráidín m worthless little person scraiste m loafer, layabout Focail nua don bhailiúchán: scéalúnaí m scamp, scapegrace sceamhlachán m yelper, squealer (var. sceamhthóir) sceathrachán m vile, worthless creature sceideálaí m trifler, niggler sceimhealtóir m raider, forayer, skirmisher; barge, scold sceithire m telltale, tattler (var. sceitheadóir, sceitheoir) sciamhaí (mná) m beautiful woman scilligeoir m incessant talker, prater, prattler sciotóg f chit of a girl sciúirse m tall thin wiry person scloit f emaciated creature scofall m draggle-tail scoirneach m spare, active person (var. scoirnéalach) scoladóir m scolder, abusive person scolbaire m lean wiry person; strapping fellow (var. scolbánach) sconnartach m long thing person (var. sconnachán) scorach m stripling, youth scrádaí m lifeless, lazy person scramaire m scraper, scrounger; grabber ; big gaunt useless man (var. scramaide) scrathachán m big lazy slow-moving person scrathóg f windbag screadachán m screaming child, squaller (var. screadaire) scríbín m scraper, miser scríobálaí m scraper, miser; scribbler scriosúnach m strong active person scrobaire m scrubby, undersized, underfed person scruta m scraggy, scrawny creature (var. scrutachán) scuaid f sloppy, slovenly person Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 297 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, March 20, 2007 - 06:00 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Abigail. Tá ceist amháin agamsa. An duine é scofall? Cad é do bharúil? Ní thuigimse féin 'draggle-tail'. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 267 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, March 20, 2007 - 07:48 pm: |
|
Seans nach bhfuil an ceart agam, ach tuigim gur ionann é agus "drabble-tail" - sraoilleán mná gan mhaith. ('Séard a dtagraíonn an focal Béarla dó ná droiball a fo-ghúna á sraoilleadh tríd san úir.) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 866 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, March 21, 2007 - 09:05 am: |
|
I gcontae lú cloistear "Nak" I mBéal Feirste deirtear "Spide" ! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Evie
Member Username: Evie
Post Number: 11 Registered: 03-2007
| Posted on Wednesday, March 21, 2007 - 12:47 pm: |
|
Oh, look! A new word to describe my soon-to-be-ex-son-in-law! "sceathrachán" I love learning new things! Go raibh maith agat, Abigail, for the list! Evie |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 873 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, March 21, 2007 - 01:03 pm: |
|
Lol A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
BRN (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, March 24, 2007 - 10:42 am: |
|
Raight, A Dhonnacha, cad tá an chéad rud eile? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2938 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, March 24, 2007 - 11:39 am: |
|
Tá muid díreach tar éis an dara súil a thabhairt ar an corpas iomlán. Rinne Liz an chuid is mó den obair seo, bail ó Dhia uirthi. Séard atá le déanamh anois ná slacht a chur ar an leagan amach, agus an t-iomlán a thabhairt do Chaoimhín. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
BRN (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, March 24, 2007 - 12:02 pm: |
|
bhuel, sin é 'bhuallamar' é tharr an líne |
|
|
|