Author |
Message |
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 810 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, February 23, 2007 - 10:39 am: |
|
A chairde, Bhfuil a fhios ag éinne leabhar nó suíomh a chabhródh liom agus mé ag iarraidh an seanscríobh a fhoghlaim? Míle, Does anyone know any good books or sites that would help me as i would like to learn the old gaelic writing, Domhnall. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Mac_léinn
Member Username: Mac_léinn
Post Number: 263 Registered: 01-2007
| Posted on Friday, February 23, 2007 - 11:14 am: |
|
Perhaps check out Dennis' site, including the bibliography page at http://www.sengoidelc.com/node/2 Fáilte roimh cheartúcháin, go raibh maith agaibh. http://groups.yahoo.com/group/teachyourselfirish http://groups.yahoo.com/group/irishlinguistics
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2713 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 23, 2007 - 12:08 pm: |
|
Tá duine ann, an Bráthair Timothy O'Neill, a mhúineann peannaireacht, agus a scríobh an leabhar seo (nach bhfuil agam) ar an ábhar: http://www.lilliputpress.ie/listbook.html?oid=2733133 Ní dóigh liom go bhfuil a lámh féin thar mholadh beirte, ach tuigeann sé na seanlitreacha agus tá sé in ann an teicníocht a mhíniú. An é seo atá uait? Nó an é an cursive a bhí in úsáid in Éirinn sa chéad leath den aois seo caite atá uait? Tá daoine ann fós a bheadh in ann é sin a mhúineadh duit. Scríobh O'Neill leabhar eile, The Irish Hand, a bhfuil a lán lán samplaí as na LSS (lámhscríbhinní) is iomráití ann. Tá an ceann seo agam agus tá a lán úsáide baint agam as! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 282 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, February 23, 2007 - 06:46 pm: |
|
quote:Bhfuil a fhios ag éinne leabhar nó suíomh a chabhródh liom agus mé ag iarraidh an seanscríobh a fhoghlaim? Má thuigim do cheist i gceart, tá tú ag tabhairt iarraidh ar an seanchló Gaelach a fhoghlaim, an seanchló de na fichidí is tríochaidí den fhichiú céad. Seo mar a rinne mé féin é -- Tóg leabhar a bhfuil an sean-chló ann agus déan cóip lámhscríofa de chúpla leathanach. Déan do chóip sa seanchló agus fág líne fhollamh síos faoi gach líne den scéal. Ansin, scríobh na litreacha nua síos faoi na seanlitreacha. I ndiaidh trí nó ceithre uaire, beidh sé agat. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 813 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 04:46 am: |
|
Aye, sin atá uaim liz, maith agat... Mar a tharlaíonn sé aisteach go leor, bhuail mé le mo dhuine a bhí an seanchló aige ag an mórshiúil ar Dé Sathairn! As Gaeltacht na Rinne é agus é thar a bheith paiseanta mar gheall ar an gcultúr gaelach. Ní raibh múinteoir aige ach a mhalairt. Díreach tháinig sé ar leabhar leis an seanchló agus thosaigh sé leis an rianpháipéar.. Maith agat féin Dennis, an mbeadh a fhios agat bhfuil an seanchló ag m'uncail? D A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Maidhc_Ó_g
Member Username: Maidhc_Ó_g
Post Number: 324 Registered: 05-2005
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 10:59 am: |
|
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 244 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 11:55 am: |
|
Cuir foclóir Uí Dhónaill i leataobh ar feadh míosa agus bain úsáid as Dinneen le haghaidh chuile fhocail atá uait... sin a rinne mise. Thaitin an modh liom mar nár chuir sé isteach orm ar chor ar bith (.i. ní raibh orm aon chleachtadh áirithe a dhéanamh ina chomhair, ach amháin an lamhseáil foclóra a bheadh ar siúl agam pé scéal é.) Ach táim fós an-mhall chuige - dá ndéanfainn ar chomhairle Liz b'fhéidir gur éireodh níos fearr liom. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 817 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 12:00 pm: |
|
Maith agaibh A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2730 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 12:05 pm: |
|
Rud eile: téigh go http://nualeargais.ie/foghlaim/ agus cliceáil ar "Guide to Irish cursive handwriting" ag bun an leathanaigh. Gheobhaidh tú fótachóip de leathanach le samplaí. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 820 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 12:11 pm: |
|
Réalt thú! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2731 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 12:19 pm: |
|
Agus tuilleadh samplaí! http://www.ucc.ie/faculties/celtic/lss/ Tá naoi sampla ann, ón 18ú agus ón 19ú haois. Is féidir cliceáil ar gach líne i ngach sampla le leagan clóite de na focail a fheiceáil. An-deas ar fad! Cén lámh is fearr libh? (Message edited by dennis on February 26, 2007) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
déiridh (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 11:35 pm: |
|
an-mhaith na leabhair sin (an Bráthair Timothy O'Neill) agus an-dheas Ó cuív 'catalogue of ir. language manuscripts' freisin. (a lán lán samplaí) if you're looking for a 'how to' sorta thing, patricia lovett has a nice section on historical letters in her 'calligraphy 7 illumination.' short and simple, but a start. is maith liom peannaireacht eugene o'curry. if you're ever in dublin, look up denis brown... peannaireacht ghalánta...mórthaibhseach! frc |
|