Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 39 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, February 22, 2007 - 02:54 pm: |
|
Nuair a bhí mé ag siortú i measc leathanaigh m'fhoclóra thug mé faoi deara go bhfuil saibhreas faoi leith ag baint leis na dathanna i nGaeilge. Féach ar na nótaí seo leanas a bhreac mé síos. While rummaging through the dictionary on the group project I noticed that there's a special richness in Irish on the whole subject of colour. Here are a few notes I made. Liath (Ní féidir 'liath' na Gaeilge a chomparáidiú sa chruinne le 'grey' an Bhéarla agus ar ndóigh ní raibh focal ar bith ar 'grey' sa Laidin.) bricliath - streaked with grey glasdonn - hazel-grey glasdubh - dark grey tláithghlas - pale grey/green liathadh an choilm - dove grey ar dhath ubh an chlochráin blue-grey, (the colour of the stonechat's egg) fonn liath - grey-white súile riabacha - grey eyes spadliath - dull grey, greyest of grey támhliath - dull grey liathbhán - greyish-white lathbhuí - sallow chomh liath le broc - as grey as a badger chomh liath le luch - as grey as a mouse chomh liath leis an iolar - as grey as the eagle chomh liath leis an gceo - as grey as the fog Glas dúbhuaine - dark green glas (na) mara - sea green glas olóige - olive green smaragaide - emerald green glasliath - pale green glasuaine - vivid green bánghlas - pale green foruaine - verdant, deep green fionnghlas - light green glaise na sáiste - sage green liathghlas - bottle green bánghlas - pale green pisghlas - pea-green breacghlas - speckled green treathanghlas - sea green eochairghlas - green bordered Dearg dúbhdhearg - dark red flann - bloody red flanndearg - vermilion flannrua - blood-red caordhearg - cherry red corcairdhearg - crimson cródhearg - blood red fíondaite - wine coloured ruamanta - tinged with red ruamheirg - red discolouration of water from iron-ore rust Buí dúbhbuí - dark yellow glasbhuí - greenish yellow tláithbhuí - pale yellow cróchbhuí - saffron yellow buíbhán - light yellow, cream coloured buíbhreac - speckled with yellow crón - dark yellow, tan, swarthy colour crónbhuí - dark yellow, coppery Gorm glasghorm - steely blue bánghorm - pale blue tláithghorm - pale blue gorm dorcha - dark blue liathghorm - blue-grey dúghorm - navy Dubh ciardhubh - jet-black chomh dubh le hairne - as black as a sloe chomh dubh le le bac - as black as a hob chomh dubh le cleite an fhéich - as black as the raven's feather chomh dubh le gual - as black as coal chomh dubh le pic - as black as pitch chomh dubh le sméar - as black as a berry chomh dubh le tóin corcáin - as black as the bottom of a pot chomh dubh le Poll Tí Liabáin - as black as Erebus dubh gorm - black and blue Bán lachtbhán - milk-white déad cailce - white teeth Donn dúbhdhonn - dark brown glasdonn - hazel-grey ciardhonn - dark brown ciarbhuí - tawny céileogach - don-coloured cnódhonn - nut-brown, hazel dath na gréine - tan dúchrón - black and tan Dathanna Eile bándearg - pink liathdhearg - pale pink, pinkish corcairghorm - violet corcra - purple Domhan draíochta ann féin domhan na ndathanna i nGaeilge ach mar fhocal scoir is leor a rá go ndearnadh briathar de gach dath: bánaigh, buígh, donnaigh, dubhaigh agus ar uile. |