mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (March-April) » Archive through March 06, 2007 » Cabhair liom LBD « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

micheart (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, February 18, 2007 - 05:32 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is there any chance you'll be comming to Spain?

An bhfuil seans go mbeidh tú ag teacht go An Spáinn?

An bhfuil ceart agam?


GRMMA

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2654
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, February 18, 2007 - 05:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil seans ar bith go mbeidh tú ag teacht go dtí an Spáinn?

Beidh mise sa Spáinn i Mí na Bealtaine, le cúnamh Dé! :-)

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

micheart (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, February 18, 2007 - 06:02 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA a Dhennis as ucht an freagra tapa :-)

Beidh mise sa Chatalóin an samhraidh seo chugainn. Cén áit sa Spáinn go mbeidh tusa, le cúnamh Dé? :-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2655
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, February 18, 2007 - 06:23 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Madrid - Cordoba - Seville - Granada (agus cúpla áit eile sa deisceart), ansin ar an eitleán go Barcelona, agus tar éis cúpla lá ansin ar an eitleán arís go Páras. Beidh mé thall an chuid is mó den mhí.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1550
Registered: 01-2005
Posted on Monday, February 19, 2007 - 03:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil seans ar bith go mbeidh tú ag teacht go dtí an Spáinn?

Or:

An bhfuil seans ar bith go dtiocfá chun na Spáinne?

A Dhennis, bhí mise féin i gCordoba, Séville agus Granada cupla bliain ó shoin, bhí sé iontach deas agus suimiúil, ach bí cúramach: sa tsamhradh bíonn an aimsir millteanach te !

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 178
Registered: 03-2006


Posted on Wednesday, February 21, 2007 - 07:28 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dennis, má tá tú i ndáiríre ag tabhairt cuairt ar Bharcelóna, bí cúramach. Coimeád do chuid airgid and na docuiméid in áit nach féidir le lámh fánach a shroicint i ngan-fhios duit!

Goideadh gach rud ó charr chairde liom nuair a bhí siad sa chathair sin le déanaí. Nuair a thug siad tuarascáil do na póilíní, d'fhiafraigh siad sin ar fhéach siad an raibh an mótar fós ann!

Mo chomhairle... más féidir, fan i gcathair nó baile i ngar do Bharcelóna agus téigh isteach ann sa traen. Ach cinnte is fiú cuairt.

Cathain a chéas tú ann? Bíonn orm ó am do ham dul chuig an aerphort... Bheadh sé go breá bualadh leat agus café a ól... Roinnt Ghaeilge a labhairt...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

micheart (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, February 21, 2007 - 09:36 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá lán Gadaí beag agus mionchoir sa chathair Bharcelóna ach níl sé ró-dhona. Ní raibh eagla orm ar chor ar bith sa shráideanna.

Bhí mé sa chathair sin an tsamhraidh seo cáite agus an tsamhraidh roimhe sin.

A phangur_dubh. Tá lán Gaeilge agat. Cabhair liom le mo chuid Gaeilge má tá an t-am agat. Ach ná bí buartha. GRMA :)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2718
Registered: 02-2005


Posted on Friday, February 23, 2007 - 08:10 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

más féidir, fan i gcathair nó baile i ngar do Bharcelóna

Tá seomra in áirithe againn cheana sa chathair: dhá oíche, 19 & 20 Bealtaine. Ní bheidh carr againn ansin. Ach beidh muid cúramach! Go raibh maith agat as an rabhadh. :-)

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 179
Registered: 03-2006


Posted on Saturday, February 24, 2007 - 09:01 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dennis,

Mo thrua. Ní dóigh liom go mbeidh mé ann i rith an tréimhse sin mar beidh mé (sílim) ag filleadh ar BHÁC ar an 22ú nó 23ú lá den mhí sin ó aerphort Charcasonne.

Ach is cathair iontach í. Ná déan dearmad ar Theampail an Sagrada Familia agus tuile de chuid alitireachta Gaudí, atá cáil domhanda uirthi.



©Daltaí na Gaeilge