Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, February 17, 2007 - 05:34 pm: |
|
Táimse ag breathnú leabhair don samhraidh chun snas a chur ar mo chuid Gaelinn... leabhair nua-aimseartha... leabhair traidisiúnta... aon mholadh? Aistriúchan, dual-language books - cosúil leis an gceann ó Nuala Ní Dhomhnaill agus Micheal Hartnett.... Go raibh maith agat... |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 09:51 am: |
|
Éinne? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5081 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 10:48 am: |
|
Ní léim leabhair dhá theangacha! Tá na mílte leabhair ann; tá do cheist rud beag ró oscailte. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2657 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 12:57 pm: |
|
Céard a léann tú i mBéarla? Beathaisnéisí, úrscéalta bleachtaireachta, stair, gearrscéalta? Suim ar bith agat in Harry Potter? Tig leat an chéad úrscéal sa tsraith sin a léamh i nGaeilge. Nó "Alice in Wonderland" i nGaeilge. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 01:09 pm: |
|
Scéalta! le do thoil... nó dánta... Ní beathaisnéis i gceist agamsa... táim brean báilithe dóibh! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2658 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 01:31 pm: |
|
Gearrscéalta mar sin. Tá go maith. 1) Gearrscéalta an Phiarsaigh, Cathal Ó Háinle a chuir in eagar; Cló Thalbóid. Is dóigh liom go bhfuil eagrán dátheangach dá chuid gearrscéalta ar fáil freisin. Tabhair súil ar litriocht.com 2) Gearrscéalta an Chéid, Gearóid Denvir agus Aisling Ní Dhonnchadha a roghnaigh; Cló Iar-Chonnachta. Séard atá ann ná fiche gearrscéal den chéad scoth ón aois seo caite. Más fearr leat béaloideas, áfach, tá leabhartha eile ann -- a lán acu -- a bhfuil scéalta ón traidisiún sin iontu. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 02:15 pm: |
|
rudaí nua-aimseartha i gceist agat? :) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2661 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 02:19 pm: |
|
quote:rudaí nua-aimseartha i gceist agat? :) Ní thuigim. ?? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 11:10 am: |
|
scéalta nua-aimseartha, gan gach rud traidisiúnta? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5089 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 11:19 am: |
|
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 08:28 pm: |
|
Ar ábhar léitheoireachta, cad faoi Alan Titley... an fuil a chuid Ghaelinn éasca nó deacair? Nílim róthugtha lena chuid altanna, tá siad casta agus an Ghaeilge táim caillte leis! Tuairimí? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 229 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 08:42 pm: |
|
Chaith mé súil ar "An Fear Dána" (úrscéal dá chuid) anuraidh agus bhí sé an-deacair ar fad dar liom. Ábhar foclóireachta seachas léitheoireachta, is beag nach déarfainn. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2681 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 08:57 pm: |
|
Bhain mé sult as An Fear Dána, ach ní raibh sé éasca. Má tá tú sásta úrscéal iomlán a léamh, mholfainn ceann de na húrscéalta le Pádraig Standún duit. Tá an chuid is mó acu léite agam agus bhain mé an-sult astu: Cion Mná, Cíocras, An tAinmhí, Na hAntraipeologicals, Stigmata, Saoire, Sobalsaol. Tá siad seo uilig suite sa saol atá inniu ann, agus is scéalaí maith é an t-údar. Is dóigh liom go scríobhann sé do Ros na Rún freisin! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|