Author |
Message |
Mac_léinn
Member Username: Mac_léinn
Post Number: 105 Registered: 01-2007
| Posted on Friday, February 02, 2007 - 10:59 pm: |
|
Bhí dinnear ag m'iníon agus mé ag ár an bpub is fearr linn. Nuair an tábairneoir thug againn ár dinneir, duirt sé "bon appetit nó in Irish put it inside ya." When he said "in Irish" he was talking about what they would say back home in Ireland, but since he knows that I like to try to speak Irish, he was just having some fun and I think he was just giving me an informal saying. But it got me to thinking (smell of wood burning), how would you say "bon appetit" or "enjoy your meal" i nGaeilge? My guess was Cuir é isteach, which was only a literal translation of what the bartender had said. But I'd like to know what is the appropriate saying in Irish. Go raibh céad maith agaibh Fáilte roimh cheartúcháin, go raibh céad maith agaibh. http://groups.yahoo.com/group/teachyourselfirish http://groups.yahoo.com/group/irishlinguistics
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4925 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 05:45 am: |
|
bí sách | be well fed | go ndeana maith duit | may it do you good (i seem to remember seosamh pointing this usage out) |
|
|
Mac_léinn
Member Username: Mac_léinn
Post Number: 107 Registered: 01-2007
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 09:17 am: |
|
A Aonghuis, GRCMA (Go Raibh Céad Maith Agat) . Déirfaidh mé na focail thuas ag an tábairneoir nuair feicfidh(?) muid é arís. Mac Léinn Bianna Fáilte roimh cheartúcháin, go raibh céad maith agaibh. http://groups.yahoo.com/group/teachyourselfirish http://groups.yahoo.com/group/irishlinguistics
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1531 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 01:13 pm: |
|
Chonaic mé "béile breá" fosta i leabhar éigin, ach nuair a bhí mé i nGaeltacht Thír Chonaill níor chuala mé a leithéid ariamh. Is iomaí teangaidh ann nach n-abartar "bon appétit" iontu. Ní gá é a rá i nGaeilg, dar liom... ’Chuala sibhse rud eile ins an Ghaeltacht? Tír Chonaill abú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4930 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 01:19 pm: |
|
níor chuala, is/ba ghnách in éirinn altú roimh bia a rá, agus is dócha go nglacann sin áit "bon appetit" ach is cuimhin liom seosamh mac muirí ag tabhairt an dá nath thuas dúinn, fadó. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2513 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 01:45 pm: |
|
Pléadh an cheist seo ar an bhFóram cúpla mí ó shin. Bhí a lán nathanna ann a chuala na Fóramistas ó thall is abhus, ach ní raibh aon cheann acu in úsáid go forleathan. Bhí cúpla ceann acu blasta go leor... ach ar an drochuair dom, ní cuimhin liom iad! Agus níos measa fós, níl aon chartlann ag an liosta sin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2515 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 02:27 pm: |
|
An méid seo ó Dhónall Ó Baoill: quote:'Bígí subhach!' an leagan atá i dTír Chonaill, agus an freagra 'Subhach an Rí ort /oraibh' "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2516 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 02:30 pm: |
|
quote:"put it inside ya" Chuir sé sin sláinte ("toast") i gcuimhne dom: Caith siar é agus ná lig aniar é! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2518 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 02:58 pm: |
|
Seo daoibh iad! Aingeal ó neamh darb ainm Gráinne a bhreac síos agus a thug domsa iad seo go léir, bail ó Dhia uirthi! "Làmh fhada agus cead a sìneadh" - Caomhín Ó Donnaíle (as Albain) "Go ndéana sé a mhaith duit/daoibh." - Seosamh Mac Muirí "Go dtuga sibh an cath." - Eoghan McKendry, a chuala é seo i dTir Chonaill tráth "Bígi go subhach." Freagra: "Subhach na Rí duit." - Paul Larkin, a fuair é seo ó Fhínín Mac a Bhaird as an Teileann (Dún na nGall) "Ith do sháith, ith do dhóthain." Chuala mé rud cliste i mBéarla uair "I'll thank you for the next meal for I am sure of this one" "Go mbuanaí Dia do sháith agat", (expressing gratitude for food, favour) may God leave you in plenty always. - Pól Ó Muireasáin "Caith siar é agus ná bí ag breathnú air," a deireadh m'uncail ach is tagairt don phoitín a bhíodh sé. Is é an rud a ritheadh chugamsa mar aistriúchán ná "bain taitneamh as" bíodh is nach léir dom go bhfuil aon bhunús dúchasach leis go bhfios dom. - Colm Mac Confhaola "Go ndéana sé beatha is sláinte duit" a chuala mise - Úna Bhreathnach "Maitheas bhainne cíche an róin go ndéana sé duit/daoibh, agus cloch gearaigh go gcuire sé ionat/ionaibh." Leaganacha a bhíodh ag Niall O Dubhthaigh, as an Bhealtaine agus a bhí coitianta tráth - ach is ag caint ar phóitín nó ar uisce beatha a bhíodh seisean fosta. - Lillis Ó Laoire "Suígí isteach chun an bhoird agus tarraingígí oraibh." - FGB (s.v. "tarraing") Chuala mé "Bolg is teann chugat." - Dónall Ó Riagáin Leagan deas a fuair mé ón Ollamh Joe Watson, a chuala i nGleann Cholm Cille é: "Punta geire go gcuire sé ort". - Antain Mac Lochlainn "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 94 Registered: 08-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 03:26 pm: |
|
Sorry, rinne mé botún (Message edited by lars on February 03, 2007) |
|
Mac_léinn
Member Username: Mac_léinn
Post Number: 114 Registered: 01-2007
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 04:27 pm: |
|
Go raibh maith agaibh a Lughaidh agus a Aonghuis agus a Dennis. A Dennis, that's quite a list! The fellow's from Dun na nGall, so I think I'll go with "Bígí go subhach." That means "be happy," nach ea? And does it apply to food rather than drink, or both, le do thoil? Fáilte roimh cheartúcháin, go raibh céad maith agaibh. http://groups.yahoo.com/group/teachyourselfirish http://groups.yahoo.com/group/irishlinguistics
|
|
Mícheál
Member Username: Mícheál
Post Number: 202 Registered: 11-2004
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 07:23 pm: |
|
If I were doing the cooking, the response would be go mbeirimid beo ar an am seo arís Maidhc Is mise leabharlannaí Fáilte roimh cheartú mar beidh pé, beidh sé
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2520 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 07:50 pm: |
|
A Mhaidhc, quote:Fáilte roimh cheartú mar beidh pé, beidh sé Níl aon chiall le "beidh pé, beidh sé". Nó, ní féidir liomsa ciall a bhaint as, ar aon nós. Céard atá ar intinn agat? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mícheál
Member Username: Mícheál
Post Number: 206 Registered: 11-2004
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 08:25 pm: |
|
Conas atá tú, a Dennis. I grew tired of the phrase myself and have dropped it. Are you the same Dennis King as Denis King (with one n in Dennis)? Is maith liom do scéalta. Go raibh maith agat. Maidhc Is mise leabharlannaí Bíonn siúlach scéalach Fáilte roimh cheartú
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2522 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 08:41 pm: |
|
quote:Are you the same Dennis King as Denis King (with one n in Dennis)? Is minic a scríobhann daoine -- Éireannaigh agus Sasanaigh den chuid is mó -- m'ainm le 'n' amháin. quote:Is maith liom do scéalta. An iad na scéalta grinn ag SMO atá i gceist agat? Ní scríobhaim gearrscéalta. Is fearr liom, mar deir mo sig thíos, an seanchas gearr -- an-ghearr! Cén chaoi a bhfuil tú féin anocht? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mícheál
Member Username: Mícheál
Post Number: 207 Registered: 11-2004
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 08:55 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Dennis. Tá mé ar fheabhas anocht. Léigh mé na scéalta grinn ag SMO. Tá siad go hiontach. Lá amháin tá siúl agam a scríobh na scéalta cosúil iad. Lá amháin, Lá amháin ... Bhuel, slán go fóill. Téim anois, ach beidh mé ar ais amárach. Maidhc Is mise leabharlannaí Bíonn siúlach scéalach Fáilte roimh cheartú
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1533 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 09:28 pm: |
|
Caith siar é agus ná lig aniar é! Deirtear sin in Ultaibh fosta: d’fhoghlaim mé sin leis a’ chéad mhúinteoir agam, arb as Béal Feirste dó (ach d’fhoghlaim sé Gaeilg i nGaoth Dobhair don chuid is mó). Tír Chonaill abú!
|
|
Maidhcilín
Member Username: Maidhcilín
Post Number: 2 Registered: 01-2007
| Posted on Saturday, February 03, 2007 - 10:14 pm: |
|
Go ndéana sé maith 'gus sláinte dhuit! (Conamara) |
|
Tadhg
Member Username: Tadhg
Post Number: 12 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 04, 2007 - 06:34 am: |
|
dúirt duine amháin liomsa go simplí: "bain sult as" (enjoy it) = bon appetit déanfaidh sé sin an gnó, is dócha. |
|