Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 07:20 pm: |
|
I've been reading Franny and Zooey and I've become very interested in the Jesus Prayer, in which one repeats "Lord Jesus Christ, son of God, have mercy on me, a sinner" incessantly. I'm starting to learn the irish language and I thought it would help to learn it in Irish. Here's my attempt at a literal translation: Tiarna Iosa Chriosta, mac Dia, gabh trocaire ar me, peacach can someone give me pointers? thanks |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1424 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 09:47 pm: |
|
A Thiarna Íosa Chríost, mac Dé, déan trócaire orm, atá i mo pheacach. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2467 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 10:11 pm: |
|
Ar chóir do na focail atá i gcomhaisnéis a bheith sa ghairmeach freisin: a Mhic Dé? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 229 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 12:02 am: |
|
"A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost" gan séimhiú ar an 'C' sa ghairmeach a deirtear sa Ghlóir den Aifreann. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2468 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 01:02 am: |
|
Maidir leis an gceist a chuir mé, feicim anois nach bhfuil "Mac an Athar" sa ghairmeach in Ord an Aifrinn: A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4879 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 06:10 am: |
|
Toisc gur ráiteas Faoi atá ann, seachas gairm air. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1425 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 06:53 am: |
|
An gairmeach de "mac Dé" ná "a mhac Dé", seachas "a mhic Dé" (cosúil le "a Fhear na mBróg"). -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4884 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 08:31 am: |
|
Is dóigh liom go bhfuil tú ar strae, a FnaB. Féach seo: http://www.google.ie/search?hl=en&rls=GGLJ%2CGGLJ%3A2006-39%2CGGLJ%3Aen-GB&q=%22 a+mhic+d%C3%A9%22&meta= Ní bhfuair mé faic nuair a chuardaigh mé "a Mhac Dé" |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4885 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 08:42 am: |
|
Maidir leis an bpaidir, ag leanacht múnla an Ave Maria http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/corpus/urnaithe/se_do_bheatha.html A Thiarna Íosa Chríost, mac Dé, déan trócaire ormsa, peacach. Samplaí eile anseo http://www.irishpage.com/patsday/misepadr.htm Mise Pádraig, peacach róthútach, an té is lú de na fíréin go léir, http://vondu.pair.com/daltai/proverbs/weeks/week167.htm Mise Pádraig, peacach gan oiliúint Tá mé sách cinnte gur Padraig Ó Fiannachta a rinne an dara tiontú ón Laidin, agus gach seans an chéad ceann. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1426 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 10:01 am: |
|
quote:Is dóigh liom go bhfuil tú ar strae, a FnaB. Seans go bhfuil "mac Dé" neamhrialta. . . ní thuigim an fáth go n-athródh sé go "mic". -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4887 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 10:15 am: |
|
Ní dóigh liom gur ionann an cás do "Fear (na mBróg)" agus "(Mac Dé)" - aonaid eagsumhla iad, dar liom. Ach cá bhfios, a Mhic? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2470 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 11:16 am: |
|
quote:Seans go bhfuil "mac Dé" neamhrialta. . . ní thuigim an fáth go n-athródh sé go "mic". Tá nóta faoi seo in § 160 in GGBC: Ach a Mhic Dé; a Mhic na Maighdine Muire. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4889 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 11:18 am: |
|
An bhfuil cúis luaite, a Dhonncha, a Mhic an Rí? (Message edited by aonghus on January 30, 2007) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2472 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 11:43 am: |
|
quote:An bhfuil cúis luaite? Níl. Sin an méid atá ann. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 232 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 05:37 pm: |
|
An ionann 'cúis luaite' agus 'ulterior motive' sa Bhéarla? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2480 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 07:59 pm: |
|
Ní dóigh liom é, Liz. Ciallaíonn sé "a cause mentioned". "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 233 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 08:55 pm: |
|
Go raibh maith agat, Dennis. Bhí 'luaithe' is 'luaite' measctha le chéile agam. |
|