quote:Maidir le 'Cadad'. An é sin fuaimniughadh/litriughadh ceart an fhocail?
Tá cuma aisteach air gan dabht. Cheadaigh mé DIL, foclóir mór na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, agus fuair mé an focal seo:
catúd verbal noun of con-toí. Also catód, cadádh, cadódh, cadúdh. act of wrapping, entwining Is dóigh liom gurb é seo an focal céanna. An leagan de atá san fhoclóir mór FGB ná:
cadó, Cover, wrap. (Var: cadogha) Ar an drochuair níl sé in úsáid mar théarma gramadúil anois.
Bheadh sé an-úsáideach.