An áis nua é seo? Chliocáil mé ar Sonraí cóipchirt agus teagmhála ach ní raibh an nasc sin obair. Cé mhéad focal atá sa bhunachar sonraí faoi láthair? Bhain mé triail as "tuaiplis" agus "botún", ach ní raibh siad ann. Tá an comhéadan (interface) an-deas, agus is maith liom na samplaí a fuair mé nuair a chuir mé an focal "dearmad" isteach.
You got to know when to hold 'em, know when to fold em, know when to walk away and know when to run. -Kenny Rogers
Conas faoin spéir a fuair sibh amach faoi seo!? Obair rúnda idir lámha atá (in ainm is a bheith) ann.
Mise agus mo chailín Ivana atá ina bhun seo. Shantaigh muid i gcónaí foclóir maith bunúsach d'fhoghlaimeoirí, go dtí gur thug muid féin faoi, agus seo é toradh ár gcuid pleidhcíochta go dtí seo.
Níl sé críochnaithe go fóill agus ní bheidh go ceann tamaill. Tá an-chuid bearnaí agus botún fós ann. Bhí súil againn é a nochtadh am éigin níos déanaí i mbliana - go dtí gur "séideadh ár gclúdach" anseo! ;-)