mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (January-February) » Archive through January 19, 2007 » An No Béarlóir i Lá « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4737
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 08:53 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=1641&viewby=date

quote:

Tá turas úr romhainn, agus ní féidir linn ár gcuid giuirléidí seanchaite go léir a thabhairt linn. Tá teanga freacnarcach, aclaí, acmhainneach, óg againn sa Bhéarla, agus ní féidir liomsa a bheith cinnte nach bhfuil sé in am dúinn ár ndílseacht a chasadh ina threo.



Tá trí theanga agamsa ar bhonn laethiúl! Ach dar ndóigh is sean leaid mise...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 47
Registered: 11-2006
Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 09:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chuala tú a fear a Aonghuis, tá sé in am dúinn ár ndílseacht a chasadh i dtreo an Bhéarla anois. Níl aon ghá leis na teangacha eile a thuilleadh...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 745
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 11:37 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is leaid óg mé agus mé ag úsáid trí theanga go laethúil..

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4766
Registered: 08-2004


Posted on Friday, January 19, 2007 - 04:52 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Mo fhreagrá an Mhancháin, a foilsíodh i Lá inniu (Tá píosa ag Domhnall Mac Giolla Comhaill freisin inniu - ach eagrán an lae inné atá ar an suíomh go fóill beag)

A chara,

Ní thuigim dearcadh aisteach seo Manchán gur gá teanga ar bith a thréigean ar mhaithe le " ré iontach, oscailte, nua".

Bainimse feidhm as trí theanga go laethiúl. Táim ag obair ar thograí idirnáisúnta le roinnt blianta anois. Bíonn an comhfhreagras i mBéarla, is fíor - ach is gnách dos na saineolaithe i ngach tír a dteanga féin a úsáid eatharthu féin - an Fhraincis, an Ghearmainis, an Sualainnis faoi seach. Níl cúis ar bith nach mbeadh muid in ann an rud
céanna a dhéanamh i measc lucht labhartha na Gaeilge.

Tá Manchán bocht buartha nár léigh aoinne a leabhra. Galar
seanbhunaithe é seo i measc aos pinn na hÉireann. Rinne Ciarán Ó Nuallain aor chumasach air ina phíosa "Na Misneoirí Liteartha". Bheadh sé tráthúil athchló a dhéanamh air sin.

Léifear leabhra i nGaeilge, nó in aon teanga eile, má tá suim ag daoine ionntu.

Tá sleachta as saothair Mhancháin léite agam, agus níor cheannaigh mé a leabhra, toisc nach raibh suim agam ionntu. Sin sin!

Ní ualach d'aoinne teanga breise

beir bua

Aonghus Ó hAlmhain

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4767
Registered: 08-2004


Posted on Friday, January 19, 2007 - 06:09 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Píosa Dhomhnaill ar fáil anois:

http://www.nuacht.com/home.tvt?_ticket=6MTEDWX263RGUU4GORMAAQ4S7AKACK5IURYFJPWBJ OWEDKLAFSEQ6QRFL1NA9NTGNMN9CHUTX6QFIQ0OMMTECYXIBHSI741EIOQL456DALONDLRGUU295AMAA Q6DALRMBHSMVQRFLZ13RE7SWZZ&_scope=La/Content/Baruil%20agus%20anailis&id=1455&psv =1

quote:

Ach déarfaidh mé an méid seo: tá muineál ar an Mhanchán céanna. Tá muineál práis air.
Muna mbeadh, ní bheadh sé ag saothrú a bheatha ar an Ghaeilge agus ansin ag maslú na teanga céanna.



quote:

Má tá Magan chomh héadóchasach sin faoinár dteanga, tiontaíodh se ar an Bhéarla, agus fanadh sé léi. Fágadh sé an bhó bhán atá á blí aige, agus éireodh sé as an tseafóid seo go léir.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 131
Registered: 06-2006
Posted on Friday, January 19, 2007 - 06:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maith thú, a aonghuis
as d'aigne a chur in iúl ar LÁ



©Daltaí na Gaeilge