mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (January-February) » Archive through January 30, 2007 » An Ghaeilge san AE arís « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4736
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 08:52 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=1640&viewby=date

quote:

Ba ag Brian Ó Crualaoich, FPE, a bhí an onóir Gaeilge a labhairt i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg den chéad uair ó bhain an teanga stádas oifigiúl amach san Aontas Eorpach ar 1 Eanáir.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Asarlaí
Member
Username: Asarlaí

Post Number: 170
Registered: 01-2005


Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 10:53 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tréimhse spreagúil don teanga , gan amhras. Grma as an tuairisc chun dáta a Aonghuis

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 185
Registered: 01-2006
Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 11:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhuel glacaim leis sin ach an mbeidh sé ag déanamh a ghnó an t-am ar fad trí Ghaelinn? Agus na MEPS eile? Ní dóigh liomsa é i ndáiríre? An fuil aon MEP líofa inti? Cé go raibh Brian ag caint Gaeilge inné déarfainn nach raibh ann ach stunt polaitiúil in ainm Fianna Fáíl.Tá Gaeilge líofa ag Edna Kenny, níl puinn ag Bertie.
Dhein FF é sin chun vótaí a fháil ó Ghaeilgeóirí.
Tá Gaeilge mhaith ag Eamonn Ó Cuív ach na polaiteoirí eile? Déanann Hanafin iarracht ach níl ann ach cúpla focal aici. Tá Gaeilge láidir ag Mícheál D. Ó hÚigín.
Chualas Brian Cowen ar 7 Lá bhí sé go huafásach. D'úsáid sé focal cosúil le tábhachtas... Im thuairimse níl aon bhrí a bheith ag labhairt an teanga muna bhfuil sé beagnach líofa nó líofa go hiomlán ag daoine cáiliúla. Daoine a labhraíonn droch-Ghaeilge déanann sé dochar don dteanga.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2320
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 12:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

aon MEP líofa

FPE, mura miste leat. Ach... níl cuma ró-Ghaelach ar eff-pee-ee nuair a deirtear é ach oiread.

Is dócha go bhfuil a fhios agaibh gur bhain Manchán úsáid as an mbriathar nua "feisigh" nuair a bhí sé ag "amhránaíocht" ar an tsráid. Má ghlactar leis an bhfocal nua seo mar chuid den teanga, is é an tátal atá le baint as ná gurb ionann "feisire" agus "f*cker"!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 186
Registered: 01-2006
Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 01:28 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ar an ábhar sin, ba bhreá liom cúpla drochfhocal as Gaeilge a fhoghlaim!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2323
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 01:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is é forte na Gaeilge na mallachtaí. Rinne mé cnuasach díobh tamall ó shin. Tá an chuid is fearr acu i bhfad níos cumasaí -- agus níos greannmhaire! -- ná an "focáil leat" leamh a fuair muid ón mBéarla.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4738
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 03:19 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Séan Ó Neachtain, FF, cainteoir dúchais
Bairbre de Brún, SF, líofa
Jim Higgins, FG, líofa
Proinsias de Rossa, LO, líofa.

Sin 25% d'fheisirí na hÉireann

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 187
Registered: 01-2006
Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 04:24 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An dóigh leat go mbeidh siad ag déanamh a gcuid gnó trí Ghaelinn?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4740
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 04:59 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá mé cinnte go mbeidh Séan agus Bairbre.

Tá sé ráite acu chomh minic go mbeadh siad náirithe muna ndeanfaidh siad beart de réir a mbriathair.

Do labhair isad araon Gaeilge chomh minic agus a b'fhéidir go dtí seo sa Pharliament (Bhí sé ceadaithe, ach bhí orthu socrú faoi leith a dhéanamh, ní gá a thuilleadh).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 749
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 06:49 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ye i ndáiríriously there podser, u really didn't have much back up there!

Goile podser, "is fearr gaeilge bhriste ná Béarla cliste" , nach n-aontaíonn tú liom?

Táimse cinnte nach mbeidh siad ag déanamh a gcuid gnó trí ghaeilge an t-am ar fad, ach fiafraím díot an ndéanann tusa nó éinne eile 100% dá gnó trí ghaeilge? Ní ceapaim.

"Tá Gaeilge líofa ag Enda Kenny."
Ceart, agus ag an am céanna tá polasaithe aige (agus cách i Fine Gall) a chuirfeadh an ghaeilge chun báis.

"Níl puinn ag Bertie." B'fhéidir é, ach ag deireadh an lae ní dhéanfadh duine acu thuasluaite go leor agus an ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail - mionchosúil le na Glasaigh agus Sinn Féin.

"Tá Gaeilge mhaith ag Eamonn Ó Cuív." Fó-ráiteas!! I met the man himself today, fear deas.

"Déanann Hanafin iarracht ach níl ann ach cúpla focal aici." Met her too, tá sí líofa. No idea where you're getting the cúpla focal from.

"Tá Gaeilge láidir ag Mícheál D. Ó hÚigín."
Yep, tá meas an domhain agamsa don fhear seo mar gheall ar an mhéid gur bhain sé amach don teanga. Pity he's in labour!

"Im thuairimse níl aon bhrí a bheith ag labhairt an teanga muna bhfuil sé beagnach líofa nó líofa go hiomlán ag daoine cáiliúla. Daoine a labhraíonn droch-Ghaeilge déanann sé dochar don dteanga."
So what get elected and suddenly you must be almost perfect!? Níl sé sin féaráilte. People who disrespect the language, and who make no effort damage the language a lot more!
Tá roinnt droch-ghaeilge scríofa agatsa podser, ach má cheapann tú go bhfuil tú ag déanamh dochair don teanga, a mhalairt atá fíor! :)

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 188
Registered: 01-2006
Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 06:49 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Mar sin, an dóigh leat go bhfuil réabhlóid ag tarlú? TG4, RNG, Bi-lingualism, na Gaelscoileanna agus araile?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 750
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 06:51 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní réabhlóid atá ag tarlú ach roinnt cur chun cinn..

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Member
Username: Dalta

Post Number: 48
Registered: 12-2005
Posted on Thursday, January 18, 2007 - 08:38 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil fisean ann don moment momentous seo?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4749
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, January 18, 2007 - 08:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4750
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, January 18, 2007 - 08:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is dóigh liom é, ach ta suíomh na parliamenta iontach mall.

www.europarl.int

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 760
Registered: 06-2005


Posted on Thursday, January 18, 2007 - 10:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá píosa mar gheall ar seo i Lá Nua inniu ;

www.nuacht.com -> Download todays edition.

For those of you without leathanbhanda (broadband)

"Rinne go leor de na feisirí Éireannacha a gcuid óráidí i nGaeilge nó go datheangach, fiú iad siúd nach
bhfuil líofa sa teanga.
Ba í Bairbre de Brún, FPE Shinn Féin don Tuaisceart, a labhair i dtús i rith fáiltithe sa Pharlaimint do Sheansailéir na Gearmáine, Angela Merkel, atá ag
glacadh le hUachtaránacht an AE i mbliana.
“Tá lúcháir orm go n-aithnítear mo theanga féin, an Ghaeilge, anois mar theanga oifigiúil agus oibre den
Aontais,” arsa sí.
“Is mar gheall ar obair chrua agus ar bhrúfheachtais ag gníomhaithe na Gaeilge sa bhaile san fheachtas Stádas
a tugadh stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge.
“Molaim a gcuid iarrachtaí.”
Tá geallúint tugtha ag de Brún agus ag Seán Ó Neachtain, FPE Fhianna Fáil don Iar-Thuaisceart, gur i nGaeilge
amháin a bheidh siad ag labhairt sa Pharlaimint as seo amach"

> Podser, freagra do cheist thuas luaite, geallann de brún agus ó neachtain gur trí ghaeilge amháin a bheidh siad ag déanamh a gcuid gnó.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 196
Registered: 01-2006
Posted on Friday, January 19, 2007 - 08:29 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Domhnaill, nílim ach im dhalta agus mar sin tá's agam nach bhfuil mo Ghaeilge i gceart i gcónaí:)

Níl tada mí-cheart leis an Lucht Oibre- ar a laghad táid macánta.

Tuairimí i gceist againn mar gheall ar líofacht agus polaiteoirí: Tá go deimhin Gaeilge líofa ag ÓCuív ach maidir le Hanafin agus daoine eile.. nílim cinnte. Níl Hanafin róthabhachtach domsa mar pholaiteoir ar aon nós.
"is fearr gaeilge bhriste ná Béarla cliste" Glacaim leis sin i gcoitinne ach sa méan cúmarsáide ba chóir go mbeidh Gaeilge iontach ann gan daoine ag déanamh botúin arís agus arís, is áiseanna teagaisc iad sin TG4 agus RnG agus úsáideann daoine iad chun snas a chur ar a chuid Ghaeilge féinig gan a bheith ag éisteacht le daoine mí-cheart..:)

'Sé mo thuairim ar aon nós:)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4792
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, January 20, 2007 - 05:55 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//TEXT+CRE+20070115+IT EMS+DOC+XML+V0//EN&language=EN#creitem2


http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//TEXT+CRE+20070117+IT EMS+DOC+XML+V0//EN&language=EN#creitem3

quote:

Bairbre de Brún (GUE/NGL ). – A Uachtaráin, a Sheansailéir, tá lúcháir orm go n-aithnítear anois mo theanga féin, an Ghaeilge, mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas. Leanfaidh muid linn in GUE/NGL brú a chur ar mhaithe le comhionannas iomlán do chainteoirí Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.

Ó thaobh Uachtaránacht na Gearmáine de, tá mé buartha go bhfuil sé de rún agaibh béim chomh mór sin a chur ar iarrachtaí chun Bunreacht na hEorpa a athbheochan, ag léiriú neamhaird i dtaca le toil thoghthóirí na Fraince agus na hOllainne.

B'fhearr i bhfad don Uachtaránacht díriú ar dhul i ngleic le bochtanas, le neamhionannas agus le ciníochas; ag daingniú Eoraip Shóisialta; ag cosaint saoirsí sibhialta, cearta daonna agus trádáil chóir, agus ag dul i ngleic le éagothromaíochtaí domhanda.

Spreagfainn an Uachtaránacht nua chun éisteacht le guthanna na saoránach fud fad na mBallstát agus freagairt dá réir sin le clár oibre atá níos dírithe ar dhaoine agus a bhfuil ceartas sóisialta agus eacnamaíoch agus comhionannas polaitiúil agus cultúrtha ag a chroí.




quote:

Marian Harkin (ALDE ). – A Uachtaráin agus ba mhaith comhghairdeas a dhéanamh leat as a bheith tofa. Is ábhar áthais dom, ar an ócáid seo, mo chéad chomhrá i 2007 a thabhairt daoibh i mo theanga dhúchasach, an Ghaeilge. Tá áthas orm chomh maith gurb é aidhm an chéad chomhrá sin ná comhpháirtíocht a thairiscint do cheann de na Ballstáit nua, an Bhulgáir. Níl a lán ama agam, mar sin déanfaidh mé dhá phointe ghearra.

Tá nath cainte againne in Éirinn, 'ní neart go cur le chéile', agus sin atá i gceist againne inniu. Táimid ag tabhairt tacaíochta don Bhulgáir ina h-iarrachtaí ar shaoirse a bhaint amach do sheisear daoine neamhchiontacha: cúigear banaltraí agus dochtúir as an Phalaistín agus iad faoi bhagairt píonós an bháis sa Libia.

Ar an dara dul síos, áfach, tá nios mó ná tacaíocht na Parlaiminte ón Bhulgáir. Tá ról lárnach ag an nGearmáin ina hUachtaránacht, agus ag an gComhairle chomh maith, chun dul i ngleic leis an gceist phráinneach seo. Caithfidh siad úsáid a bhaint as a gcuid tionchair ar an leibhéal idirnáisiúinta chomh maith.



(Ní raibh fhios agam go raibh an oiread sin Gaeilge ag Marian, ach is maith san, ó tharla go bhfuil sí ina Feisire do Chonnacht Uladh)

quote:

Simon Coveney (PPE-DE ). – A Uachtaráin, nuair a bhí an Pharlaimint ar athló i rith na Nollag agus na hAthbhliana, fuair cúig bhanaltraí ón mBulgáir cathróireacht ón Aontas Eorpach. Ag an am céanna, áfach, dúirt Cúirt sa Libia go raibh siad daortha chun báis. Tá siad cúisithe toisc go raibh baint acu le galrú 426 paistí le HIV in ionad Benghazi sa Libia.

Is é seo an dara triail sa chás seo, tar éis rialú ón gCúirt Uachtarach, ach tá a lán imní ann ó thaobh cóir agus neamhchaontacht na trialach.




quote:

Liam Aylward, thar ceann an Ghrúpa UEN . – A Uachtaráin, is mór an onóir dom labhairt i mo theanga dhúchais anseo tráthnóna inniu. An fiú tada an Cód Iompair um Easpórtáil Armlóin, a chairde? Sin í an cheist is tábhachtaí atá le freagairt againn.

Faraoir, is iad na tíortha is saibhre a cheannaíonn an t-armlón is cumhachtaí. Sin é an fáth go bhfuil an oiread sin armlóin sa Mheán Oirthear, armlón atá faighte acu ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus ó Rialtas Mheiriceá.

Ní féidir an fhírinne a sheachaint. Tá cogaí san Iaráic, san Iaráin, agus sa Chuáit ó na h-ochtóidí. Deineadh ionsaí ar an Araib Shádach i rith Cogadh na Murascáile.

Tá baint mhíleata ag an tSiria le hachrann na Liobáine.

Bíodh sé ceart nó mícheart, tá blianta caite ag an Iosrael i mbun troda i gcoinne fórsaí na Liobáine, na Siria agus na Palaistíne.

Ach tharla sé seo ar fad toisc go raibh na tíortha seo ábalta teacht ar armlón lena

n-aidhmeanna míleata and polaitiúla a bhaint amach.

Ba chóir d’iarthar an domhain a bheith ag iarraidh easportáil armlóin a laghdú seachas a bheith á méadú. Sin é an fáth go gcaithfear An Cód Iompair um Easpórtáil Armlóin a chur i bhfeidhm níos déine.

Is in olcas seachas chun maitheasa atá an teannas sa Mheán Oirthear ag dul, de réir mar a dhíoltar breis armlóin leo.



quote:

Proinsias De Rossa (PSE ). – A Uachtaráin, ar an gcéad dul síos ba mhaith liom an tuairisc seo a thréaslú leis an tuairisceoir. Níl aon dabht ná go bhfuil dul chun cinn maith déanta leis an gcód saorálach faoi easpórtáil arm. Is í an fhadhb mhór a bhaineann leis, áfach, ná go bhfuil sé saorálach agus nach bhfuil dualgas dleathach ar na Ballstáit cloí leis na hoibleagáidí atá ann. Tá sé in am dúinn an cód seo a aistriú ina chomhbheartas Eorpach. In Éirinn, is oth liom a rá, níor chuir an rialtas i gcrích fós na gealltaí chun reachtaíocht 1983 faoi easpórtálaithe arm a thabhairt suas chun dáta. Dá bhrí sin, tá dreasacht ag déileálaithe arm an Stát a úsáid chun srianta níos láidre i dtíortha eile a sheachaint. Go ginearálta, ní aontaím le Coimeádaigh na Breataine ach caithfidh mé a rá go n-aontaím leis an tUasal Van Orden nuair a deireann sé go mba chóir go mbeadh an tAontas chun tosaigh ins na Náisiúin Aontaithe chun conradh nua faoi thrádáil arm idirnáisiúnta a bhaint amach. Chun críochnú, tugaim lántacaíocht do mhír 28 faoi lánchosc arm ar an tSín. Ar a laghad, ba chóir go gcoimeádfar an lánchosc sin go dtí go mbeidh dul chun cinn sásúil déanta le cearta daonna agus polaitiúla.




quote:



President. I should like to thank the interpreters and congratulate Mr De Rossa on his wonderful Irish accent.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 791
Registered: 06-2005


Posted on Saturday, January 20, 2007 - 10:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní rabhas ag ceartú do ghaeilge ansin podser..

Lucht Oibre - sin comhrá polaitúil seolfaidh mé gmail chugat seachas é a scríobh anseo!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river



©Daltaí na Gaeilge