Author |
Message |
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 156 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 06:50 am: |
|
Táim anseo, go raibh agat a Chaitríona agus a Dennis leis an méid a dúirt sibh:) Táim ag aistriú rudaí ó Bhéarla go Gaeilge agus mar is ghnáth tá deacrachtaí ann: Tá iarrachtaí déanta agam áfach ach beidh mé an-bhuíoch as aon chabhair 'There was a great deal of work to be done on it as soon as it was dried' Mise: Bhí an-mhéid oibre le déanamh air chomh luath agus a bhí sé tirim-as it was dry- as it was dried? 'Was making itself felt already' ag déanamh é féin braite cheana? Béarlachas? Níos nádúrtha? 'Fixing up a good shelter' Ag deisiú suas fothain mhaith? 'For it would hold me up ....until later' mar chuirfeadh sé isteach orm..... go déanach? 'For the job I had at hand' Leis an jab a bhí agam? 'Off I went up the hill' D'imigh liom suas an chnoic? 'When I got there' nuair a shroicheas é nuair a bhaineas amach e? Go raibh maith agat. P. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4693 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 08:29 am: |
|
Fáilte ar ais. Bhí an-mhéid oibre le déanamh air chomh luath agus a bhí sé tirim | "an chuid" a bheadh agamsa | 'Was making itself felt already' | Bhí sé le mothú cheana féin (d'fheadfá "brath" a úsáid - ach is fearr liom mothú nuair is mothúchán atá i gceist | 'Fixing up a good shelter' | ag coiriú fothain mhaith (Níl mé sásta le seo. Ach ní ritheann aon fhocal do shelter mar rud a tógtar liom. Foscadán - b'fhéidir http://www.focal.ie/Search.aspx?term=shelter) | 'For it would hold me up ....until later' | chuirfidh sé bac orm ... go dtí níos moille | 'For the job I had at hand' | Níl mé cinnte an dtuigim cad tá i gceist anseo. An bhfuil tú ag trácht ar phost a bheadh lé fáil agat - nó obair idir lámha agat? | 'Off I went up the hill' | D'imigh liom suas an chnoic - go breá dar liomsa | 'When I got there' | is fearr liomsa "bhain amach" ach níl locht agam ar an leagan eile. |
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 363 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 09:58 am: |
|
D'imigh liom suas an chnoic D'imigh liom suas an cnoc, a chaithfeas a bheith ann, i mo thuairimsa. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2263 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 10:25 am: |
|
Uaireanta is féidir "agus as go brách liom suas an cnoc" a rá -- as if there were no turning back. |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 157 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 10:53 am: |
|
Go raibh míle maith agat agus Aonghus tá súil agam go bhfuilimid in ann a bheith ina gcairde arís cé go bhfuil difríochtaí ann ó thaobh rudaí eile, teagaisc na hEaglaise agus araile! :) Go raibh maith agat:) P. (Message edited by admin on January 12, 2007) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2266 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 11:18 am: |
|
Frank is ainm duit, mar sin?! Cá bhfuair tú an t-ainm Podsers, agus céard is brí leis? |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 158 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 12:20 pm: |
|
Eh!! Ní raibh sé ar intinn agam m'ainm a nochtadh! Francis = Proinsias O'Driscoll= O'Drisceóil P-0-D agus ar scoil chuir daoine SERS i ndiaidh sin... 'Fhéidir liom é sin a athrú thuas? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 152 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 12:25 pm: |
|
Ní féidir, faraor. Caithfidh tú d'ainm féin a athrú ina leaba sin. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 159 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 12:27 pm: |
|
Rudaí eile it was cut bhí sé gearrtha? it was dried!! bhí sé (níl aon chlú agam) |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 281 Registered: 12-2005
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 01:39 pm: |
|
Fáilte ar ais, a chara. Tá áthas orm go bhfuil tú linn. Translation offers so many choices. Some more choices ...shelter - foscadh or dídean D'úsáid tú an frása 'a nochtadh' thuas. Is breá liom é. B'fhéidir gur féidir leat an frása sin a úsáid le 'Was making itself felt already' (depending on context). Other possibilities that come to mind here are 'cur in iúl' and 'léiriú', but knowing the larger context would help, I think. That's if you want to go with the reflexive form. Aonghus' freagra "le mothú" or maybe 'le sonrú' probably sound more natural, ceapaim. Re. it was dried!! Tá sé agat cheana féin thuas: Bhí sé tirim. Some of the English phrases could have more than one meaning. Eg. 'For it would hold me up ....until later' hold me up = support or delay? Context is everything. Fiosrach i gcónaí, gabh mo leithscéal...An bhfuil tú ag aistriú leabhar? Caitríona
|
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 282 Registered: 12-2005
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 01:48 pm: |
|
Dennis, a chara, Thaitin nish nish go mór liom. An bhfaca tú Borat (an scannán)? Caitríona
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4701 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 03:59 pm: |
|
Scríobh Podsers quote:Aonghus tá súil agam go bhfuilimid in ann a bheith ina gcairde arís Ní raibh riamh eascairdeas ann ó mo thaobh de. |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 160 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 05:28 pm: |
|
píosa oibre a Chaitríona:) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2270 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 09:19 pm: |
|
quote:An bhfaca tú Borat (an scannán)? Ní fhaca. Fanfaidh mé leis an DVD, mar is iondúil. Agus tusa? |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 284 Registered: 12-2005
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 04:36 pm: |
|
Chonaic agus tá mé fós ag gáire. Caitríona
|
|