Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4669 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 05:00 pm: |
|
Mar is eol do chách faoin am seo, theip ar Manchán pionta a fháil as gaeilge. A mhalairt de scéal atá agamsa. Le roinnt blianta anois tá scata againn ag triall ar an Duke, i Sráid Duke, i ndiaidh an gCiorcail Diospóireachta. Ní cuimhin liom anois an muide a chuir forrán as gaeilge ar lucht an beáir, nó iadsan orainne. Ach anois is i nGaeilge a cheannaítear deoch, agus is minic iad ag déanamh píosa comhrá linn, agu cuir snas ar ghaeilge na scoile. Tá seanfhocail ag na Gearmáinaigh: Wie man im Wald hineinschreit, so schallt es wieder hinaus |
|
BRN (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 06:47 pm: |
|
Tá seanfhocail ag na Gearmáinaigh: I nGaeilg nó Béarla, mais-e-do thoil é! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4671 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 05:40 am: |
|
Mar a scairteann tú isteach sa choill, is amhlaidh a bheidh an macalla |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 134 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 08:22 am: |
|
Tá an seanfhocal céanna ag na Seicigh, a Aonghus: Jak se do lesa volá, tak se z lesa ozývá. Anois, an Gearmánachas sa tSeicis atá ann, nó Seiceachas sa Ghearmáinis? Is mise, Michal Boleslav Mechura
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4675 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 08:27 am: |
|
Nó daonnacht? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 44 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 09:39 am: |
|
mmmh!! tá aithne measartha maith agam ar an bpub sin, mar sin, an bhfuil tú ag rá go mbeinn in ann pionta a fháil as Gaeilge ansin? Chreid mé gur pub saghas gallda a bhí ann! (Message edited by Mise_Fhéin on January 11, 2007) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4677 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 10:16 am: |
|
Tá fear (saghas) maol, rua ann agus fear dubh le féasóg. Iad siúd a bhíonn ag plé linne. Bain triall as. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 45 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 10:18 am: |
|
Bainfidh mé go cinnte. grma a Aonghuis |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 136 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 10:21 am: |
|
Braitheann sé ar an fhreastalaí lena mbeidh tú caint. Más fear Síneach nó bean Pholannach a bheidh ann, ná bíodh aon díomá ort mura bhfuil aon Ghaeilge acu! Ach tá bunús réasúnta de Ghaeilge ag cuid de na fir Éireannacha atá ag obair ann, agus iad sásta í a labhairt. Is mise, Michal Boleslav Mechura
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4683 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 02:40 pm: |
|
Nó go deimhin Astrálach. Is dóigh liom go ndearna Colleen iarracht é a spreagadh chun freastal ar ranganna... |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 174 Registered: 12-2004
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 03:19 pm: |
|
Bhí an Astrálach agus an tSíneach fíor-gealghaireach faoi m'iarracht Gaeilge a labhairt leo, pé ar bith -- Ní fhaca mé an clár Mhanchán ach cinnte go mbéinn in ann jab níos fearr a dhéanamh as -- ach caithfidh go raibh sé ag iarraidh gan chaint le Gaeilgeoirí i ndáiríre. Beidh sé éasca a itinerary a ath-scríobh chun turas ceart i nGaeilge a dhéanamh dó. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2256 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 03:41 pm: |
|
an Astrálach an tSíneach an clár Mhanchán ??? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4684 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 04:00 pm: |
|
Fir ag obair sa teach tabhairne, agus mo dhuine ó No Béarla. |
|