Author |
Message |
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 255 Registered: 12-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 08:44 pm: |
|
Quiz - Cé hiad? 1. As contae na Gaillimhe, scríobh an duine seo go leor drámaí agus dúirt Yeats agus é ag fáil a dhuais Nobel go raibh sé ag roinnt an duais le Synge agus an bhean seo. Cé hí? 2. Deirtear go raibh draíocht ag an mbean cáiliúil seo a rugadh i gContae an Chláir i 1778. Cé hí? Nod: Go luath sa Bhéarla 3. Cé a d’oscail an chéad phictiúrlann in Éirinn, an 'Volta', i Sráid Mháire, Baile Átha Cliath ar an 20 Nollaig, 1909? 4. Chas an amhránaí seo as contae Luimní ‘Kathleen Mavourneen’ do bhanríon Victoria i 1849. Cé hí? 5. As contae Mhaigh Eo chuidigh an dlíodóir seo le mná na tire agus le daoine bochta. Bhain sí céim amach ó Harvard agus d’oibrigh sí ag an U.N. nuair a d’iarr Kofi Annan uirthi cúnamh a thabhairt dóibh. Cé hí? 6. Tugtar ‘Athair chabhlach na Stát Aontaithe’ ar an gComadóir seo as Loch Garman. Cé hé? 7. Rugadh an file seo in Ard Mhaca i 1796. Chuaigh sí go dtí an Astráil agus scríobh faoi cás na Aboriginies ina cuid filíochta. Cé hí? 8. Nuair a bhí Edwin Aldrin agus Neil Armstrong ag siúl ar an ngealach, bhí a gcomhghleacaithe (an chéad Éireannach sa spás) san Apollo. Cérbh é? 9. Bhuail an duine seo le banríon Eilís i Londain i 1593 agus bhí clú agus cáil uirthi ar an bhfarraige? Cé hí? 10. As Baile Átha Cliath, cé a bhunaigh Siúracha na Trócaire in 1831? Try as many or as few as you like, a chairde. Caitríona
|
|
Lucy (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 08:59 pm: |
|
2. Biddy Early 6. John Barry 9. Grainne O'Malley 10. Catherine McAuley |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 257 Registered: 12-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 11:15 pm: |
|
Tús an-mhaith. Caitríona
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4632 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 05:25 am: |
|
1. Lady Gregory? 9. Gráinne Uí Mháille (Granuaile) Bheadh orm taighde a dhéanamh ar na cinn eile. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2213 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 12:09 pm: |
|
3. James Joyce "An excellent little string orchestra played charmingly during the afternoon. Mr. James Joyce, who is in charge of the exhibition, has worked apparently indefatigably in its production and deserves to be congratulated on the success of the inaugural exhibition." - ón nuachtán an Freeman |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 715 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 03:51 pm: |
|
6 a - Mary Robinson! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 258 Registered: 12-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 04:17 pm: |
|
'Ceart agaibh go léir! Bhí freagra a cúig agatsa, a Dhomhnaill. Tá an 'ó' cosúil le '6'. Níl ach 4, 7 agus 8 fágtha anois. Caitríona
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 720 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 04:25 pm: |
|
Mo leithscéal a chroí! Clú dá laghad agamsa faoi na cinn eile agus nílim ag iarraidh googláil a dhéanamh! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Mac Léinn na Gaeilge (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 04:37 pm: |
|
Uimhir 8: Michael Collins? (An Éireannach-Meiricanach é?) |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 259 Registered: 12-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 05:02 pm: |
|
Níl gá le leithscéal, a Dhomhaill. Bhí mé fhéin ag breathnú air agus ag ceapadh an rud céanna. Tá áthas orm go bhfuil an freagra agat. Is aoibheann liom Máire Bean Mhic Róibín. Tá sí cosúil le Diana domsa leis an dea-obair a dhéanann sí. Thaitin an chaoi a thug sí meas do na Pavee agus a chuidigh sí leo go mór liom. Rinne sí é nuair a bhí go leor daoine ag caitheamh anuas orthu. Péire anois, a chairde agus NÍL siad éasca. Caitríona
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4640 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 05:02 pm: |
|
|
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 260 Registered: 12-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 05:05 pm: |
|
'Ceart agat freisin a Mhic na G.☺ Seo iad na cinn deacra arís: 4. Chas an amhránaí seo as contae Luimní ‘Kathleen Mavourneen’ do bhanríon Victoria i 1849. Cé hí? agus 7. Rugadh an file seo in Ard Mhaca i 1796. Chuaigh sí go dtí an Astráil agus scríobh faoi cás na Aboriginies ina cuid filíochta. Cé hí? Caitríona
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4641 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 05:06 pm: |
|
Muise. Muid ar líne ag an bomaite chéanna, a Chaitríona. Ach táimse ag dul don bhinn ban anois. Oíche mhaith. |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 261 Registered: 12-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 05:09 pm: |
|
Ara a Aonghuis, bhí tú ann romham. Tá sé agat!!! 'Maith agat, na links a thabhairt dúinn freisin. Tá an Quiz seo thart. 'Pionta do Aonghus a chríochnaigh é agus 'maith agaibh go léir. Caitríona
|
|