Author |
Message |
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 245 Registered: 12-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 02:31 am: |
|
Mná na Gaeilge, guím beannachtaí agus gach rath oraibh go léir, ar ár lá seo: Nollag na mBan. (11:31 i mo chuid den tír) Caitríona
|
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 246 Registered: 12-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 02:39 am: |
|
Nollaig, gabh mo leithsceal. Níl mé ag smaoineamh i gceart ach ós rud é gur Nollaig na mBan atá ann, tá mé slán, ceapaim ☺ Caitríona
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2203 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 02:16 pm: |
|
Is ionann "Nollaig na mBan" agus Eipeafáine mar sin? Cén fáth a dtugtar Nollaig na mBan air? Tá cara liom sa Fhrainc a dúirt an méid seo faoin lá: quote:Pour moi qui suis un bon chrétien, "Épiphanie" ne veut pas dire autre chose que "manger de la galette des rois" :-) Il s'agit d'une galette de pâte feuilletée fourrée de frangipane. C'est un délice quand elle est bien faite. Dans la galette, il y a une fève (souvent une figurine religieuse, genre Marie, ou l'enfant Jésus...), et celui qui a la fève dans sa part est le roi... Il a donc droit à une couronne dorée en carton... (Et il peut choisir sa reine...) Cuireann sé sin - an comhartha sa cháca milis - traidisiún Éireannach i gcuimhe dom, mar atá an fáinne sa bhairín breac ar Oíche Shamhna. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4629 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 03:35 pm: |
|
Nollaig Beag ainm eile air. Níl mé cinnte cén bunús atá le "Nolliag na mBan", ach is dóigh liom go raibh traidisiún airithe go mbeadh scíth ag mná ar an lá. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2207 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 04:43 pm: |
|
Fuair mé an míniú seo a leanas ó Vicipéid: quote:Tá traidisiún ann, an-láidir i gCorcaigh ach an-lag sa tír in iomlán, go bhfaigheann mná lá saoire ó fhreagraíochta an tí ar an lá seo. Eagraíonn siad cóisreacha nó turais amach go dtí na bialanna nó na tabhairní. Bíonn na bialanna agus na tithe tábhairne lán go doras le mná an oíche sin. Go minic ceannaíonn páistí brontannais dá máithreacha agus a sean-máithreacha. http://ga.wikipedia.org/wiki/Nollaig_Bheag |
|
BRN (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 05:24 pm: |
|
Níl a lán Frangchais agam...cén fáth a bhfuil 'Nollaig na mBan' ar an lá? Surely Little Christmas nó Nollaig Beag is a little out for a group so important as women? |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 254 Registered: 12-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 08:35 pm: |
|
Dúirt mo Mhamaí liom nach mbíodh ach mná sna pubanaí an oíche sin. Ach caithfidh go bhfuil sé ní sine ná sin. Ceist: Céard é Tír na mBan? Caitríona
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2208 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 08:50 pm: |
|
quote:Níl a lán Frangchais agam... Itear cáca milis sa Fhrainc ar an lá sin, déanta as pâte feulletée (puff pastry) agus líonta le frangipani. Tá íomhá bheag isteach sa frangipani, agus an duine a fhaigheann í, is eisean an rí agus tá cead aige a ríon a thoghadh. Oh, agus cuirtear coróin ar a cheann! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2209 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 10:49 pm: |
|
quote:Ceist: Céard é Tír na mBan? Mura bhfuil dul amú orm, tá an t-ainm sin, "Tír na mBan", le fáil den chéad uair sa seanscéal "Immram Brain", ón 7ú nó 8ú céad. Is oileán é, ceann de na trí cóictea [150] inse cían / isind oceon frinn aníar. Is coltach gurb ionann Tír na mBan agus Eamhain Abhlach. Tagann spéirbhean ón oileán úd chuig Bran sa scéal seo agus brostaíonn sí é chun iomramh a dhéanamh go dtí an oileán: Ná tuit fri lige lescæ; nachid-throíthad do mescæ; tinscan imram tar muir glan dús in-rísta Tír na mBan. Ná tit ar leaba leisce; ná traochadh do mheisce thú; tionscain iomramh thar muir ghlan féachaint an sroichfidh tú Tír na mBan. Tá an scéal ar fad ar fáil anseo: http://www.sacred-texts.com/neu/celt/vob/vob02.htm Féach go háirithe na paragraif seo: 25, 30, 62. |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 256 Registered: 12-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 11:15 pm: |
|
Míle maith 'ad. Caitríona
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4633 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 05:28 am: |
|
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 465 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 02:54 pm: |
|
Ní maith liom bheith i mo bheachtóir, ach An Nollaig Bheag, nó Lá Nollag Beag, a thugtar ar Nollaig na mBan - rinneadh botún thuas ar an litriú (och, na h-anna damanta sin!) Dála an scéil, ceiliúrtar an Nollaig Bheag mar an lá is tábhachtaí, seachas an Nollaig féin, san oirthear. http://www.santorini.gr-santorini.com/churches/holiday_calendar.htm Tá tuiscint difriúil acu air. Lá baiste Íosa atá ann dóibh, freisin, de réir dealraimh. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2216 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 03:57 pm: |
|
Seo agat rud níos measa ná 'h' ar lár, ó thcht a scríobh mise thuas: quote:Tá íomhá bheag isteach sa frangipani Recte: Cuirtear íomhá bheag isteach sa... Bíonn íomhá bheag sa... |
|
Mac Léinn na Gaeilge (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 04:56 pm: |
|
Ós rud é gur mo ló breithe (Jan 6th) tá suil mhór agam faoi Nollaig Bheag. I found this article about the origins of "Little Christmas" and the tradition in Ireland of giving the women a (much needed) break from their work. How "enlightening." http://en.wikipedia.org/wiki/Little_Christmas |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2226 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 01:15 pm: |
|
quote:Ós rud é gur mo ló breithe (Jan 6th) Go maire tú é! An bhfuil adharca ort anois, nó an bhfuil tú maol? Sea, is aisteach an cheist í sin! Féach an tomhas a thug mé don chomhluadar anois díreach, thíos sa Ghaeltacht, agus tuigfidh tú an cheist. |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 268 Registered: 12-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 02:30 pm: |
|
Beagáinín déanach ach Briethlá shona dhuit! a MnaG ☺ Caitríona
|
|
Mac Léinn na Gaeilge (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 11:39 am: |
|
Go raibh maith agaibh a Dennis agus a Chaitriona. Adharca, maol? Níor acú (neither?), Tá mé caoga bliain d'aois. Mar sin, tá mé meiteachobhsaí. A Dennis, Feicfidh mé an tomhas inniu. Tá mé amach inné. FRC-GRMA |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4666 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 11:46 am: |
|
ceachtar [forainm] ceann nó ceann eile de phéire (déanfaidh ceachtar acu cúis). Nilím ceachtar acu. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2239 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 12:11 pm: |
|
quote:Nilím ceachtar acu. Ní aidiacht é, ach forainm. Mar sin ní mór dúinn "ní ceachtar acu mé" a rá. Fáilte romhat go dtí na caogaidí, Mack, ó "chaogadóir" eile! |
|
déiridh (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 07:41 pm: |
|
tá adharca ormsa, "bendaib arggait," 's tá mé ag sceadach; bheith mé cosúil le rón. ach, tá mé i mo chónaí ar inis subai.... frc |
|
Mack, aka Mac Léinn na Gaeilge (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 08:52 pm: |
|
Go raibh maith agaibh a Aonghuis agus a Dennis. D'fhoghlaim mé focal nua inniu - ceachtar. A Dennis....."chaogadóir" eile? Sílim go bhfuil tú tríocha bliain naoi d'aois. Duirt Jack Benny liomsa sin Fáilte riomh ceartúchán, go raibh maith agaibh |
|