Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 148 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 03:09 pm: |
|
Seo ceann nach bhfuil uimhir air (rinne an eagarthóir dearmad air, is dócha). Mar sin, tá 200 tomhas sa leabhar agus ní 199 mar a cheap mé. Toit sa ghleann agus gan tine ar bith ann. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2173 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 03:14 pm: |
|
Ceo? Níl an leabhar sin agam! Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4597 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 03:24 pm: |
|
ná agamsa, ach tá dealramh le'd fhreagra. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 149 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 05:06 pm: |
|
Ní ceo é. Freagra a bhaineann le na hainmhithe arís. Rinneadh an leabhar i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, mar "Scéim na Scoil 1937-1938". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4600 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 05:08 pm: |
|
Deannach ó eallach a bheith ag rith? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2176 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 08:46 pm: |
|
Baint le hainmhithe arís... tá go maith... An gal nó toit a éiríonn ó bhualtrach úr nó ó charn aoiligh? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 150 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 08:54 pm: |
|
Tá sé agat, Dennis. Leatsa anois? Nó ab'fhearr libh ceann eile ón leabhar. Ceann nach mbaineann le na hainmhithe? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2177 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 09:22 pm: |
|
Ná le cac, mura miste leat! Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 151 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 11:20 pm: |
|
Bhí cac na n-ainmhithe tábhachtach i saol na ndaoine in Éirinn. Nuair a bhíomar ann in 2005 chuamar suas ar sliabh inár gcarr. Tharla gur shleamhnaigh an carr ar phaiste cac caorach ar an mbóthar agus bhuail carr eile. Ach ní raibh damáiste ann agus bhí an fear cairdiúil is deas dúinn. Mar sin, ba chóir duit slabhraí a chur ar bhoinn do chairr ar na sléibhte in Éirinn. Seo daoibh uimhir a 9 -- Tá coirnéal ins an tseomra. Tá cupa ins an choirneál. Tá deoch sa chupa agus caithfidh achan duine é a ól. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4602 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 05, 2007 - 06:30 am: |
|
Umar baiste? http://www.focal.ie/Search.aspx?term=baptismal+font (Bhí an nath seo agam, ach ar mhaithe le daoine eile...) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2185 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 05, 2007 - 09:31 pm: |
|
quote:agus caithfidh achan duine é a ól Cuireann na focail sin an bás i gcuimhne dom, mar deirtear go meafarach gur deoch nó cupán é an bás agus nach mór dúinn uilig ól as an gcupán céanna. Mar a dúirt Íosa (Marcas 14:36), "Tóg an cupa seo uaim." Ach níl mé cinnte faoin gcuid eile den tomhas. an seomra = an saol ? an coirnéal = tinneas, seanaois ? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 152 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, January 05, 2007 - 10:03 pm: |
|
An bás an freagra sa leabhar. Comhghairdeas! Ar mhaith libh ceann eile as? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4611 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 06, 2007 - 05:05 am: |
|
Ba mhaith! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2188 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 06, 2007 - 12:19 pm: |
|
Scaoil chugainn ceann eile, led thoil! Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 153 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 06, 2007 - 01:36 pm: |
|
Goidé a éireochas íseal nuair a chuirfeas tú ceann air? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4619 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 06, 2007 - 02:16 pm: |
|
An bhfuil tochailt i gceist? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 154 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 06, 2007 - 03:43 pm: |
|
Níl. |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 244 Registered: 12-2005
| Posted on Saturday, January 06, 2007 - 04:03 pm: |
|
Pionta? Caitríona
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 155 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 06, 2007 - 04:21 pm: |
|
Thug tú iarraidh mhaith, a Cháitríona, ach ní pionta beorach atá i gceist, de réir an leabhair. |
|
An Dub (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, January 06, 2007 - 05:09 pm: |
|
Tairne? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 156 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 06, 2007 - 05:36 pm: |
|
Iarraidh an-mhaith arís! Ach ní hé sin an freagra sa leabhar. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2199 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 06, 2007 - 11:02 pm: |
|
quote:nuair a chuirfeas tú ceann air I bhfocail eile, nuair a chríochnóidh tú é? Baint nó fómhar an fhéir nó an arbhair? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 157 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 06, 2007 - 11:50 pm: |
|
quote:I bhfocail eile, nuair a chríochnóidh tú é? Baint nó fómhar an fhéir nó an arbhair? "Nuair a chuirfeas tú ceann air" agus níl meafar ann. Seo leidín daoibh: Tá baint le bunbhrí an fhocail 'ceann' ag an tomhas. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 143 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 12:47 am: |
|
Adhairt an ea é? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 158 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 12:51 am: |
|
Adhairt an rud. Tá sé agatsa, a Abigail. Comhghairdeas! "Babhstar" an focal sa leabhar, focal eile ar an rud céanna. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 159 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 12:54 am: |
|
Seo chugaibh ceann eile. Tá rud faoin leabaidh ag fanacht le cnámh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4623 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 08:58 am: |
|
Bróg |
|
Maidhc_Ó_g
Member Username: Maidhc_Ó_g
Post Number: 293 Registered: 05-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 11:21 am: |
|
Uaigh. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 160 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 01:58 pm: |
|
quote:Bróg Sin é! Comhghairdeas, a Aonghuis. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 161 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 02:18 pm: |
|
Seo ceann eile daoibh -- Cé an mhí ann is lú a ní na mná caint? (ní = dhéanann, ceapaim) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2205 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 02:22 pm: |
|
Feabhra, ós rud é go bhfuil níos lú laethanta sa mhí sin? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 162 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 07:15 pm: |
|
Tá sé agat arís, a Dennis. Comhghairdeas!! Uimhir 34. An méid a íosfaidh sé sa lá dhéanfaidh sé leabaidh san oíche. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 163 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 07:16 pm: |
|
Gabhaigí mo leithscéal. D'fhág mé focal amháin ar an lár -- An méid a íosfaidh sé sa lá dhéanfaidh sé leabaidh de san oíche. |
|
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 253 Registered: 12-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 07:57 pm: |
|
bó, féar? Caitríona
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 164 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 06:17 pm: |
|
Ní bó nó anmhí nó cac atá i gceist sa tomhas seo. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2219 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 08:14 pm: |
|
quote:An méid a íosfaidh sé sa lá dhéanfaidh sé leabaidh de san oíche. dhéanfaidh ? Duine a chodlaíonn ar a bholg? Dála an scéil, ar chóir dúinn bheith ag smaoineamh ar an téad / snáithe seo a aistriú chun na Gaeltachta thíos, le go mbeidh rud éigin ar siúl ansin i gcónaí? Is uaigneach an áit í uaireanta! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 165 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 10:10 pm: |
|
quote:dhéanfaidh ? Sin a deir an leabhar. quote:Duine a chodlaíonn ar a bholg? Freagra maith, ach ní hé sin an ceann sa leabhar. Ná déan dearmad gur daoine amuigh faoin tuath in Éirinn sna tríochaidí a scríobh an leabhar seo. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2220 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 10:59 pm: |
|
Beach? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 166 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 11:36 pm: |
|
Freagra maith. Ach ní beach é. Seo leid duit: Rud a bhí i ngach teach. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2222 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 11:59 pm: |
|
An tine! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 167 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 01:27 am: |
|
Tá sé agat!! |
|