Author |
Message |
Daithí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 01:40 pm: |
|
Does anyone know the origin of the 'mysterious t' in words such as aithrist, aríst, eicínt (éiginn) etc. that appears in the speech of Cois Fharraige? Daithí |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2174 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 03:27 pm: |
|
Tá an 't' sin le cloisteáil i gCúige Uladh agus i nGaeilge na hAlban freisin: a-rithist a-nist (chomh maith le "a-nis, a-nise") a-rèist fhathast Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Daithí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 04:12 pm: |
|
A Dhennis, Cén chiall atá ar 'fhathast'? An bhfuil aon chúis stairiúil ann a bhfuil an 't' sna focla seo, nó nár tharla sé ach de sheans? Go raibh maith agat as do chuid freagraí. Daithí Má tá éinne ag iarraidh an méid a scríobhaim sa nGaeilge a cheartú, beidh mé an-bhuíoch díobh as. GRMA |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2175 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 08:26 pm: |
|
Is ionann "fhathast" agus "fós". Tháinig "fós" ó "beus" na Sean-Ghaeilge, focal a bhfuil dhá shiolla ann: be-us, agus creidim gur tháinig "f(h)athas(t) ón bhfocal céanna. Is minic a bhíonn -th- nó -dh- inmheánach i bhfocail Ghàidhlig a díorthaíodh ó fhocail a raibh dhá shiolla iontu sa tSean-Ghaeilge. Tá an 'th' nó 'dh' seo ann leis an hiatus idir an dá shiolla a chur in iúl. Mar shampla: fitheach < fiach (fiäch nó fi-ach) [raven] adhar < aer (a-er) [air] latha < laa (la-a) [day] Tá stair an fhocail "arís" ar fáil anseo, sa chartlann: http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/stair-an-fhocail/ Ach maidir leis an "-t", níl a fhios agam... fós! ;-) Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 65 Registered: 11-2005
| Posted on Thursday, January 04, 2007 - 08:38 pm: |
|
"Tá an 't' sin le cloisteáil i gCúige Uladh agus i nGaeilge na hAlban freisin" Faightear i nGaedhilg na Mumhan é. Sílim go gcríochnuightí na hainmneacha briathartha (verbal nouns)a chríochnuigheann anois le '-nt' le '-n' seal Eg.ligin > ligint; tuigsin > tuigsint/tuiscint. Fuaimnightear 'gabháil' mar 'góilt' annsoin go minic, leis. Séamus Ó Murchadha
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1493 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, January 05, 2007 - 08:25 am: |
|
I dtuaisceart Chúige Uladh, is minic a bíos -t aige deireadh na n-ainmneacha briathartha a chríochnas ar -áil: fáilt, coinneáilt, fágáilt, srl. Tír Chonaill abú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2179 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 05, 2007 - 12:34 pm: |
|
Caithfidh sé gur "viral t" atá ann! Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 702 Registered: 06-2005
| Posted on Sunday, January 07, 2007 - 06:17 pm: |
|
Mo smaoineamh ná go bhfuil sé níos fusa focail a rá.. Seod é Mícheál seachas Seo é mícheál Agus muintir chonamara ag caint chomh tapaidh sin, tá sé níos fusa ar a dteanga an 'd' sin a chur leis. Bhuel sin mo thuairim pé scéal! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 358 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 06:28 am: |
|
quote:Seod é Mícheál seobh é Mícheál, chomh maith seod = siúd i limistéir áirid i gConamara (Tá sé seod tinn, etc.) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 712 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 03:37 pm: |
|
Ceart a'at ansin Is dóigh liom gurb é sin ^ an rud céanna .i. ag baint litir amach agus dá thoradh bíonn focail níos fusa ar do theanga. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|