Maidir le Seattle, bhí sé an-ghaofar inné, agus fliuch. Tá sé ag cur báistí anois díreach. Ceathanna a bheas ann i rith an lae de réir réamhfhaisnéis na haimsire.
Bhí an mhí seo caite níos fliche ná mar is iondúil, agus bhí dhá stoirm gaoithe ann a rinne a lán damáiste. (Cé chomh fada agus a bhí tú gan leictreachas, Liz?) Sháraigh Mí na Samhna na
rainfall records uilig: ní raibh aon mhí níos fliche ná í riamh anseo ó thosaigh na húdaráis ag coinneáil cuntais ar na rudaí seo.
Aimsir shuimiúil, mar a deirtear.
Is féidir an aimsir anseo a fheiceáil "beo" ó na ceamaraí ag:
http://www.washington.edu/cambots/