mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2006 (November-December) » Archive through December 29, 2006 » Píosa spraoi ó Joe Steve « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4435
Registered: 08-2004


Posted on Monday, December 18, 2006 - 04:57 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ón Agallamh Beirte "Ar thóir Deontais" atá ar fail i "Fead Ghlaice" Cló Iar Chonnachta:

Mairéad
Oiread is freagra amhain ní raibh ceart aige,
Ní thuigeann sé aon Ghaeilge.
Dúirt mé: "Cén teanga atá ag do Mhamaí?"
Dúirt sé: "Sí an ceann atá ina béal í".
Ní íocfaidh muid aon deontas leis
Mura bhfoghlaimíonn sé Gaeilge.
Tá coorchlár maith ar theilefís:-
Féach ar "Trom agus Éadrom"

....

Aisling
....
Is ní bheadh job sa Roinn seo agatsa
Dá mbeadh Gaeilge a'd ón gcliabhán

Mairéad
Ach tá caighdeán agam is gramadach,
Rud nach bhfuil sa nGaeltacht.
Ar ndóigh, níl Gaeilge cheart ag ceachtar dhíbh -
Nach labhraíonn sibh leath Béarla -
Mo thea-pot is mo bhicycle,
Mo thoothbrush is mo nail file
Tá sibh ag wonderail is ag wanderáil
Is ag slaughteráil na Gaeltacht

Aisling
A dhiabhail, nach tú atá smartáilte
Ag magadh fúinn sa nGaeltacht.
Ach murach páí mhiath a bheith agat sa job seo a'd
Ní labharfá mórán Gaeilge.
Ná bí ag éanamh gaise liom le -
"Cod as duit" nó "Cod é sin"
Céard é sin ach codology a bhfaighimse boladh bréan air!



Is fiú an rud ar fad, agus go deimhin an leabhar ar fad a léamh. Is mór an spraoi é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4445
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 07:22 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Mionleasaithe (bhí sé mall aréir)

Tá corrchlár maith ar theilefís
Ach murach páí mhaith a bheith agat sa job seo a'd
Ná bí ag déanamh gaisce liom le



©Daltaí na Gaeilge