http://www.gutenberg.org/files/16122/16122-h/16122-h.htm#III_SCOIL_GHAEDHEALACH quote:Is beag an mhaitheas dúinn bheith ag trácht thar Ghaedhilg & ag áiteamh ar dhaoinibh gur beó-theanga í muna bhféadfaimíd í shaothrughadh mar shaothruighthear gach beó-theanga 'san Eóraip. Is beag an mhaitheas bheith ag iarraidh smacht a chur ar dhaoinibh bochta gábhataracha, ar lucht iascaireachta, ar lucht sclábhaidheachta, is ar a leithéididhibh, bheith ag iarraidh maide a thabhairt dóibh muna labharfaid Gaedhilg iad féin is muna labharfaid Gaedhilg le n-a bpáistidhibh & bheith ag gearán ná fuil ruainne do'n Spioraid Ghaedhealaigh fágtha 'n-a measc nuair a mhothuightear an tuile ag trághadh & gan caoi ar chasadh aici. Is beag an mhaitheas é sin go léir muna bhféadaimíd gach nídh bhaineann le n-a ngnó saoghalta do mhúineadh dos na daoinibh i nGaedhilg. Muna bhfuil brigh 'san Ghaedhilg fé láthair acht chum iasc do chomhaireamh nó cearca do dhíol ar mhargadh nó déirc a lorg ó thigh go tigh nó fós chum amhráin shultmhara do chanadh le hais na teineadh, ní fada fhanfaidh fiú na bríogh soin féin innti, agus is beag an mhaitheas dúinn bheith ag gabháil dí agus ag tabhairt iarrachta ar í choimeád 'n-a beathaidh.