mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2006 (November-December) » Archive through December 15, 2006 » Fíormholtaí / Real Suggestions « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1320
Registered: 08-2004
Posted on Friday, December 08, 2006 - 02:41 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Thosaíos an snáithe seo chun moltaí a fháil maidir le tearmaí a úsáid as Gaeilge -- go háirithe, tearmaí a chuirfear in ionad focail neamhghlana a tógadh ó Bhéarla. Is féidir linn malairtí a bhíodh ann go fóill a lua, nó moltaí a thabhairt do chinn nua.

I've started this thread to get suggestions regarding terms to be used in the Irish language -- in particular, terms to replace English bastardisations. We can mention alternatives which are already in existence, or we can suggest our own.

Tosóidh mé le "Log into your account". Ná bí ag úsáid téarma neamhghlan mar "Logáil isteach". Mar a dúirt mé i snáithe eile, tagann úsáid an fhocail, "log", as Béarla óna bhrí a bhaineann le "record". Mar sin, molaim "Taifead isteach" ina ionad.

I'll start with "Log into your account". Don't use a bastardisation such as "Logáil isteach". As I said in another thread, the usage of the English word, "log", comes from its meaning associated with "record". Therefore, I propose "Taifead isteach" in its place.

Cuirim fáilte roimh dhaoine eile, moltaí eile a thabhairt do gach cineál téarma. (Ní maith liom an focal, "fón", agus b'aoibhinn liom "guthán" a fheiceáil ina ionad.)

I welcome others to make suggestions for all kinds of terms. (I dislike the word, "fón", and I would like to see "guthán" in its place.)

Fáilte Roimh Cheartúcháin
Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2026
Registered: 02-2005


Posted on Friday, December 08, 2006 - 03:08 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Mar sin, molaim "Taifead isteach" ina ionad.

Abair leis an lámh é!
quote:

focail neamhghlana

"Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamhghlan ní ar bith an féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamhghlan is neamhghlan dó sin é."

Rómh. 14:14

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4354
Registered: 08-2004


Posted on Friday, December 08, 2006 - 04:40 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

bhuel, seans gur cheart dúinn an alt úd ina iomláine a chuir i bhfeidhm!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James_murphy
Member
Username: James_murphy

Post Number: 53
Registered: 11-2005


Posted on Friday, December 08, 2006 - 08:22 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

So cúpla a fuaireas:

'Ambasadóir' - Toscaire, Taidhleóir.
'Cunta' - Coímhid (iasacht níos moiche).
'Ficsean' - Cumadóireacht, Brionn, Dolbhadh, Bras, Bréignidh.
'Inse'(hinge) - Lúndrach, Lúdach, Stínleog, Bacán, Stuaghán, Tuisle.
'Péint' - Gaiste, Deann, Ciochtaim (briathar), Lídhealbhaim (br), Cinmhiolaim (br).
'Pás' (passport) - Toiscire, Clóichead.
'Sábh' - Toireasc, Rudhbh.
'Sprionga' (ar ar labhras cheana. Gan fhocal eile i nDe Bháldraithe) - Lingeán, Tuailm, Torracht ('round or coil'), Rúchla.
'Traein' - Scuain (i bPort Láirge agus i gCiarraidhe de réir Uí Dhuinnín).
'Vardrús' (wardrobe) - Faithlios, Lothar, Cealtán.

Séamus Ó Murchadha

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2031
Registered: 02-2005


Posted on Friday, December 08, 2006 - 08:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

So cúpla [ceann] a fuaireas:

Yipes. Tá siad seo uilig sa teanga leis na cianta. Tá siad i bhfad níos sine ná tusa! Agus tá an chuid is mó dá "leathbhreac" dothuigthe ar fad. An bhfuil an focal "irredentist" agat?

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2032
Registered: 02-2005


Posted on Friday, December 08, 2006 - 09:03 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

seans gur cheart dúinn an alt úd ina iomláine a chuir i bhfeidhm

"Éirímis as bheith ag tabhairt breithe ar a chéile feasta...". An é sin é? Ach is Gaeil muid!

Nó an chuid seo: "Má bhíonn an bia a chaitheann tusa ag goilliúint ar bhráthair leat..." ? Murab ionann agus Suaimhneas, ní ithim whiny mean females ar aon nós!

Pé scéal é, mar a dúirt Shakespeare, "the devil [agus daoine cosúil liomsa] can cite scripture for his purpose."

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James_murphy
Member
Username: James_murphy

Post Number: 55
Registered: 11-2005


Posted on Saturday, December 09, 2006 - 09:29 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ar dhóigh leat (de dheasca mo dhroch-chuid Ghaedhilge) go rabhas ag maoidheamh gur cheapas-sa iad.
Fuaireas iad go léir ó fhoclóirí agus, uaireanta, leabhair eile.

Séamus Ó Murchadha

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1321
Registered: 08-2004
Posted on Saturday, December 09, 2006 - 10:42 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhfuil moltaí ar bith agaibh ar son "ioncam"?

The english word, "income", comes from "in" + "come". The Irish analogues of these words are "tar" + "isteach" (or "teacht" in place of "tar"). If you put "isteach" together with "teacht", you could potentially come out with:

isteacht

or even something like:

inteacht

Fáilte Roimh Cheartúcháin
Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James_murphy
Member
Username: James_murphy

Post Number: 56
Registered: 11-2005


Posted on Saturday, December 09, 2006 - 11:21 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Income - Fagháltas (fáltas)is the most common native word I've found for it. In Lane's dictionary 'Athchasadh' is also given but 'income' is not given as it's definition in Ó Dónaill or Dinneen.
I've also found the straightforward 'Teacht isteach' in several places eg. from Lane's Dictionary: "he has the best income - Is aige atá an teacht isteach is fearr".

Séamus Ó Murchadha

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4355
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, December 09, 2006 - 05:36 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Teacht isteach" a bheadh agamsa, ach Ioncam a bhíonn ag na Coimisinéirí!

Maidir le Toscaire ar Ambasadóir, an deacreacht a bheadh agam leis ná go mbíonn toscaireachtaí isteach is amach ag an gComhairle Contae gach ré lá, i. is focal coitianta é toscaire. Maidir le Taidhleoir, is Taidhleor gach Ambasadóir, ach ní Ambasadóir gach Taidhleoir!

Agus is ón Laidin an focal pé scéal é.




Rud eile de: an deacracht leis an gcuir chuige seo agaibh ná nach bhfuil ceachtar agaibh i dteangmháil le pobal na gaeilge ná na gaeltachta. Mar sin, conas atá i gceist agaibh dul i bhfeidhm orthu? Ní fiú focail "dúchasacha" a aimsiú, nó a cumadh, muna bhfuil siad i mbéal na ndaoine. Agus ní fiú a bheith ag fuarchaoineacháin faoi droch ghaeilge lucht a labhartha.

Molaim sibh as bhur ndíogras agus grá don teanga, ach bhfearr go mór bhur fuinneamh a chur i mbarr feabhais a bhaint amach sa Ghaeilge. Tá FnaB an-óg fós, níl fhios agam faoi James. Ach níl sé as an gceist go mbeadh tionchar agaibh amach anseo ar saol na Gaeilge.

Ach chuige sin caithfidh sibh glacadh leis an tsaoil sin mar atá sé, agus feabhas a chuir air ón dtaobh istigh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James_murphy
Member
Username: James_murphy

Post Number: 57
Registered: 11-2005


Posted on Saturday, December 09, 2006 - 07:21 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Agus is ón Laidin an focal pé scéal é."
Ach níor tháinig sé go Gaedhilg ó Laidin. Tá sé sa Ghaedhilg toisc é bheith ina fhocal Béarla. Cuirtear an béim ar an dara siolla mar atá sé i mBéarla.

"Ní fiú focail "dúchasacha" a aimsiú, nó a cumadh, muna bhfuil siad i mbéal na ndaoine."
Ní dóigh liom go raibh 'cunta', 'telefís' nó 'reifirméisean' ó bhéil na ndaoine. Cumadh iad ag duine éigin.
Féach ar 'scuain'. Forbruigheadh an focal soin ag cainnteóirí dúthchasacha óna dteangain féin. Níl sa bhfocal 'traein' ach an focal Béarla litruighthe as Gaedhilge.


P.S. Thugas fé ndeara go scríobhann tú 'muna' i n-ionad 'mura'. An deirtear fós é?

Séamus Ó Murchadha

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2034
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, December 09, 2006 - 08:06 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

'muna' i n-ionad 'mura'. An [n]deirtear fós é?

"Maireann an fhoirm stairiúil muna, ach is coitianta mara, foirm a tharla le díshamhlú, ní foláir." - "Gaeilge na Mumhan", Stair na Gaeilge lch. 526

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4360
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, December 10, 2006 - 10:26 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Cumadh iad ag duine éigin.



Ní dúirt mé a mhalairt. Ach bhí an duine sin i dteangmháil leis an bpobal, agus scaip na focail.

Ní dóigh liom go mbeidh tionchar mar sin agat ná ag fear na mbróg; sin an méid.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4361
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, December 10, 2006 - 10:37 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Má tá traen maith go leor dos na Griannaigh, agus tá, tá sé maith go leor domhsa. Sampla bheag as Tobar na Gaeilge:



traen
Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg

1 - 1 as 13: abairt 1912, ag toiseacht ar lch 96, líne 26

Chuaidh sé síos ar a' traen tráthnóna agus ar maidín a' lá
thar n-a bhárach rinne sé fastódh le feirmeoir as taobh
thoir den Óghmaigh.


traen
Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste

1 - 1 as 1: abairt 3195, ag toiseacht ar lch 145, líne 33

Ní bhéadh le déanamh aige acht a ghabháil ar a' traen agus
bhéarfadh naoi nó deich de laethibh amach é.


traen
Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach

1 - 1 as 37: abairt 1108, ag toiseacht ar lch 57, líne 21

Tháinig a' traen go Dún Dealgan agus d'imthigh cuid aca
annsin.


traen
Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal

2 - 2 as 6: abairt 763, ag toiseacht ar lch 37, líne 6

Anoir annsin ag Ailt na Beinne Brice a thiocfas an traen.


traen
Seosamh 'ac Grianna: Dochartach Dhuibhlionna

1 - 1 as 6: abairt 207, ag toiseacht ar lch 10, líne 31

Ní bhfuighinn aon traen go dtí maidín an lae ar na
bhárach.


traen
Seosamh 'ac Grianna: Muinntir an Oileáin

1 - 1 as 6: abairt 1076, ag toiseacht ar lch 80, líne 24

Chuidigh Aodh Beag Ó Domhnaill leó, agus chuir sé sreang-
sgéal chuig cara dó féin ar an Lagán ag iarraidh air
cuidiughadh a thabhairt do Shorcha an corp a chur ar an
traen.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mickrua
Member
Username: Mickrua

Post Number: 84
Registered: 07-2005
Posted on Sunday, December 10, 2006 - 11:03 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sén focal a úsáideann muid ar Wardrobe/closet/chest anseo i gConamara ná cófra m.sh cófra éadaigh , bosca/cófra móna

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2035
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, December 10, 2006 - 12:21 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

m.sh cófra éadaigh

Agus is maith an focal é, a tháinig isteach sa teanga ón Mheán-Bhéarla:

cófra < cofre < Séan-Fhraincis "cofne" < Laidin "cophinus"

Seo sampla de ó Betha Colaim Chille (1532 ):

Agus do sailetar cor cofra a raibe or no aircet no maithes saegalta eli é.

Agus do shíleadar gur cófra ina raibh ór nó airgead nó maitheas saolta é.

Focal "neamhghlan" eile, is dócha! I mean, nach raibh focal dúchasach ar fáil ag an am sin, mar atá "ciste"? Oops, no. Ón sean-Bhéarla an focal sin. "Árc"? Ón Laidin.

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4363
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, December 10, 2006 - 02:59 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cófra a bheadh agamsa chomh maith. Ní dóigh liom go bhfaca mé vardrús lasmuigh d'fhoclóir.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Daithi (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, December 10, 2006 - 03:08 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

How about changing the names for countries which might aswell be the same as the English for example:
Spain - An Spáinn
Singapore - Singeapór
Monaco - Monacó
Malta - Málta
etc.

Couldn't there come up with more Irish names perhaps by taking the original meaning of Spain.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2036
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, December 10, 2006 - 03:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

How about changing the names for countries...?

Cén fáth, in ainm Dé?? Táim dubh dóite den amadánacht seo. Ní parlour game í an Ghaeilge.

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1323
Registered: 08-2004
Posted on Sunday, December 10, 2006 - 04:56 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

parlour game í an Ghaeilge.

Seo an cineál "Gaeilge" nach maith liom. Cén fáth gur roghnaigh tú téarma Béarla a úsáid in ionad "cluiche seomra shuí"?

Cinnte, ní cluiche seomra shuí í an Ghaeilge, ach ní chialaíonn sé sin go gcaithfimid ár samhlaíocht a chaiteamh amach as an bhfuinneoig agus muid ag roghnú téarma.

Fáilte Roimh Cheartúcháin
Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2037
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, December 10, 2006 - 06:22 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Seo an cineál "Gaeilge" nach maith liom.

Is féidir nach mbeifeá thar a bheith sásta le mo chuid éadaigh ach oiread.
quote:

Cén fáth gur roghnaigh tú téarma Béarla a úsáid in ionad "cluiche seomra shuí"?

(a) Is dócha nach bhfuil mórán Gaeilge ag an bhfear a rinne na móltaí amaideacha sin. Cheap mé go mbeadh sé in ann abairt chomh simplí le "Ní parlour game í an Ghaeilge" a thuiscint, áfach, agus ní raibh mé sásta é a fhreagairt i mBéarla.

(b) Sea, bheinn in ann "cluiche seomra shuí" (nó "cluiche sheomra suí"), "cluiche tí" (an leagan atá ag de Bhaldraithe), nó "cluiche parlúis" a úsáid. Ach níl aon cheann acu seo i ngnáth-úsáid agam, agus shíl mé nach raibh an blas ceart orthu sa chás seo. Agus ... cén fáth ar scríobh mé "parlour" in áit "parlor", an litriú a bhíonn agam de ghnáth?

(c) Creid é nó ná creid, níor scríobh mé "parlour game" d'aon turas le cur isteach ort!

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1325
Registered: 08-2004
Posted on Monday, December 11, 2006 - 12:19 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

(a) Is dócha nach bhfuil mórán Gaeilge ag an bhfear a rinne na móltaí amaideacha sin. Cheap mé go mbeadh sé in ann abairt chomh simplí le "Ní parlour game í an Ghaeilge" a thuiscint, áfach, agus ní raibh mé sásta é a fhreagairt i mBéarla.

Is féidir leat an tuairim sin a bheith agat (.i. gurb aimideach a chuid moltaí), ach nílimse ar aon intinn leat. Tá a lán daoine dubh dóite de "chainteoirí" a úsáideann focail Béarla agus iad ag labhairt as Gaeilge. Le meas, a Dhennis, úsáideann tusa focail Béarla ó am go ham i do chuid labhartha Gaeilge, agus ní thaitníonn sé liom. Sin mo thuairimse.

Béarla mo theanga dhúchasach. As iomlán na n-uaireannta ar oscail mé mo bhéal chun labhairt sa saol seo, Béarla an teanga a tháinig amach asam 99% den am. Agus mé ag labhairt, tagann téarmaí Béarla chugam neart níos éasca ná téarmaí Gaeilge... ach ní chiallaíonn sé sin go *ndíghrádóinn mé féin chomh íseal agus focail Béarla a úsáid agus mé ag labhairt as Gaeilge.

* = Déanaim dóbartaíl focal neamhghlan mar "díghrádaigh" a úsáid, agus ní rabhas in ann teacht ar rogha focail eile.


quote:

(b) Sea, bheinn in ann "cluiche seomra shuí" (nó "cluiche sheomra suí"), "cluiche tí" (an leagan atá ag de Bhaldraithe), nó "cluiche parlúis" a úsáid. Ach níl aon cheann acu seo i ngnáth-úsáid agam, agus shíl mé nach raibh an blas ceart orthu sa chás seo. Agus ... cén fáth ar scríobh mé "parlour" in áit "parlor", an litriú a bhíonn agam de ghnáth?

(Ní thuigim an fáth go ndéarfá "cluiche sheomra suí" in ionad "cluiche seomra shuí" -- tá "cluiche" agus "seomra" firinscneach)

Ceapaim gur táireach bheith de dhíth ort focail a thógáil as teangacha eile nuair a bhíonn tú ag déanamh iarrachta teanga áirithe a labhairt -- go háirithe focail a thógáil as Béarla nuair is as Gaeilge a bhíonn tú ag labhairt.

Tabharfaidh tú faoi deara: Nuair a thosaíonn duine ag tógáil focail ó Bhéarla agus iad ag labhairt as Gaeilge, coinníonn an duine á dhéanamh go dtí go mbíonn duine mar Hector againn.

Fáilte Roimh Cheartúcháin
Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 143
Registered: 03-2006


Posted on Monday, December 11, 2006 - 12:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"P.S. Thugas fé ndeara go scríobhann tú 'muna' i n-ionad 'mura'. An deirtear fós é?"

Deirimse é comh maith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 144
Registered: 03-2006


Posted on Monday, December 11, 2006 - 12:58 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Sén focal a úsáideann muid ar Wardrobe/closet/chest anseo i gConamara ná cófra m.sh cófra éadaigh , bosca/cófra móna"

Ach an focal fíorGhaelach cófra? Nach dtagann sé ón bhFrainc, nó bfhéidir níos dirí ón mBeurla

Coffre (chest, boot of a car etc)
Coffer

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 145
Registered: 03-2006


Posted on Monday, December 11, 2006 - 01:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

""cluiche seomra shuí"? "

Is focal Francach é seomra. Chambre, a fhuaimníonn díreach mar an focal Gaelach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2039
Registered: 02-2005


Posted on Monday, December 11, 2006 - 01:14 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chuir do fhreagra gliondar ar mo chroí, a Fhear na mBróg. Ní aontaím le chuile rud a dúirt tú, ná le do mheon docht -- bím amhrasach i gcónaí faoi íonghlanadh de shaghas ar bith -- ach tá áthas orm go ndearna tú an argóint ar fad i nGaeilge.

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2040
Registered: 02-2005


Posted on Monday, December 11, 2006 - 01:20 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Nach dtagann sé ón bhFrainc, nó bfhéidir níos dirí ón mBeurla

Féach thuas, a Phanguir, mar ar thug mé sanasaíocht an fhocail.

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 146
Registered: 03-2006


Posted on Monday, December 11, 2006 - 01:48 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

I am not unsympathetic to the ideal that Fear na mBróg is holding before us. It is worthy in itself. Indeed, there are many words in use that are clearly badly Irish-ised English words, and they are prettymuch anathema to me too.

However, ideals need to be tempered with a lot of knowledge, wisdom and, above all an acknowledgement and acceptance of caint na ndaoine; those who use Irish in a natural way as their daily language - the keepers of the language. I certainly don't mean people like me from a non-Gaeltacht area either.

It has been touched on earlier in the thread (by Dennis, I think), and it is a vital point, that the way to introduce 'new' old words back into currency is to work from within. That means being able to influence those who are the keepers and bring them around to an acceptance and use of such words.

Awkward and clumsy terms that do not trip easily off the tongue are hardly likely to gain their seal of approval. This is why I was slightly taken aback by the term proposed for parlour games. It well may be in the dictionary, but I have never heard such a term in spoken use. In fact, I find it just this side of being artificial.

I pointed out above, with a little impishness, I admit, that certain words whose ancestry we never consider questioning, are really from sources other than Irish. It would leave a very big hole in the language if we were to jettison them. Just think:

Sagart < Sacerdos; easbog < Episckopos; Eaglais < Ekklesia; Obair < Opera - and there is a multitude of such, not all of them related to ecclesiastical things. (They were the easy ones to think of at the drop of a hata - ugh!) The point I am making here is that it is possible for words and terms to become 'naturalised'. No one here where I live would ever dream of saying la fin de la semaine. Whether the Academie in Paris likes it or not, it's le weekend. And le weekend is as French as Camembert or The Champs Elysées!

So what's to be done? A cooler approach to the problem (yes, I think it is one!) is needed, I believe; and always with an eye to what sits well with muintir na Gaeltachta. Above all, one should not get one's undergear into a tangle about it. If, as we all pray, Irish does survive, I feel that the problem will solve itself in time. For the present, though, a personal, but gentle easing away from the too obvious Irish-ising (Hata/Cáca/Lána, etc) might not jar with Gaelgeoirí ó Dhúchas. Put this together with an acceptance of terms that seem Irish, but are not (Ex. Císte/Quiche; cófra/coffre etc) and I think there should be a way forward. Above all, patience will win out in the end.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1327
Registered: 08-2004
Posted on Monday, December 11, 2006 - 02:35 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dúirt Dennis:
quote:

bím amhrasach i gcónaí faoi íonghlanadh de shaghas ar bith

Ach ní cheapaim gurb íonghlanadh atá i gceist, seachas cothabháil. Tá cothabháil de dhíth ar an nGaeilge sa lá atá inniu le n-í a chosaint óna gcainteoirí leisciúla atá ródhíocasach úsáid théarmaí Béarla a chur chun cinn. Is mac tíre in éadach caorach é Hector -- tá sé ag déanamh níos mó dochair don Ghaeilge ná maitheas.

Dúirt Pangúr Dubh:
quote:

Awkward and clumsy terms that do not trip easily off the tongue are hardly likely to gain their seal of approval. This is why I was slightly taken aback by the term proposed for parlour games. It well may be in the dictionary, but I have never heard such a term in spoken use. In fact, I find it just this side of being artificial.

Chuas ag lorg an téarma, "parlo(u)r game", i bhfoclóir; fuaireas faic na fríde. Mar sin, lorg mé "parlo(u)r" ina aonar: Sé an dá toradh a fuaireas ná "seomra suí" agus "parlús". Cheapas go raibh an chéad cheann níos nádúrtha (níor chuala mé an dara ceann riamh).

Ainneoin gur seans go gceapfadh duine go mbeadh "cluiche seomra shuí" ait in ionad "parlour game"... bhfuel, mholfainn dóibh éiri cleachta leis na focail atá againn sa Ghaeilge sula ndíghrádaimíd muid féin le téarmaí Béarla.

quote:

For the present, though, a personal, but gentle easing away from the too obvious Irish-ising (Hata/Cáca/Lána, etc) might not jar with Gaelgeoirí ó Dhúchas.

Is iomaí duine ag Dia -- táim cinnte go bhfuil neart daoine sna Gaeltachtaí a dteastaíonn uatha a dteanga a chosaint agus a choimeád íon ó éilliú an Bhéarla. Agus ar an lámh eile, táim cinnte go bhfuil daoine ann -- mar Hector -- atá róleisciúil téarma Gaeilge a chumadh. Déanfaidh mise mo sheacht ndícheall an Ghaeilge a choimeád sa nGaeilge!

Fáilte Roimh Cheartúcháin
Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2044
Registered: 02-2005


Posted on Monday, December 11, 2006 - 02:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

too obvious Irish-ising (Hata/Cáca/Lána, etc)

Tá "hata" agus "cáca" sa teanga ó ré na Gaeilge Clasaicí:

"gearrhata mín dubh" (Pairlement [sic!] Chloinne Tomáis, ca. 1650)

"breac-cháca beg éattrom" (Egerton MSS)
quote:

terms that seem Irish, but are not (Ex. Císte/Quiche

Tá bunús Gearmánach leo araon:

císte emprunt à l'angl. dialectal keech, keach

quiche from German dialectal Küche, diminutive of German Kuchen

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4375
Registered: 08-2004


Posted on Monday, December 11, 2006 - 05:25 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ach tá an focal seo ann freisin, dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu:

ceannbheart [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
ball éadaigh don cheann.



Is fada fairsing í an Ghaeilge!



©Daltaí na Gaeilge