Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4350 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 10:55 am: |
|
Is ea, iomarra, is nós don phriompallan, an tan thógas a cheann san samhradh, bheith ar foluain ag imeacht, agus gan chromadh ar mhínscoith dá mbíonn sa mhachaire, nó ar bhlath dá mbíonn i luibhghoirt, dá mba rós nó lile uile iad, ach bheith ar fuaidreamh go dteagmhaíonn bualtrach bó nó otrach capaill leis, go dtéann dá unfairt féin iontu. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 106 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 11:31 am: |
|
Agus múineadh an scéil, a aonghuis? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4406 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 11:47 am: |
|
Tóg do mhúineadh fhéin as. Raiceanna neamh tairbheacha áirithe anseo a bhí i'm intinnse. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 114 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 04:55 am: |
|
"Tóg do mhúineadh fhéin as" Bíonn daoine áirid dall ar áilleacht. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4441 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 05:47 am: |
|
Nílid dall níos daille ná an dream nach mian leo feiscint. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 116 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 06:12 am: |
|
I gcead duit, tá. Cosúil le hiompar clainne, ní thig le duine níos mó iompar clainne a bheith aici ná a macasamhail ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4443 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 07:18 am: |
|
Is gcead duitse, tig! Nár chuala tú riamh go mbíonn cuplaí, tríríní, agus go deimhin ilíní ag mná airithe. Mar an gcéanna don dream caoch! Tá caoch, caochta agus deargchaoch ann! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 118 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 08:44 am: |
|
Cím nach dochtúir thú. Ní iompar go hiompar, a mhic, cuma faoi mhéad is líon na nearraí. ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4448 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 10:25 am: |
|
Muise, sin an traithnín a bhris droim an dromadaire |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 122 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 11:16 am: |
|
Anois, tá súil agam nach síleann tú go bhfuil camaillín istigh faoi chruit sin a dhroma ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4452 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 19, 2006 - 12:19 pm: |
|
Camall, nó gamal? Is dóigh liom go bhfuilim tar éis titim in umar na háiféise! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 124 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, December 20, 2006 - 11:42 am: |
|
Ní gamal ná camall. Is ceartduine thú! |
|