Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4326 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 06, 2006 - 05:30 pm: |
|
Tá na snáthanna eile sách fada anois. Ar mhaithe leo siúd nach bhfuil nasc banda leathan acu, snáth úrnua: Donn amuigh, dearg istigh, agus cnámh duine ina béal, cad í? |
|
rb (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 06, 2006 - 07:04 pm: |
|
cannibal? no sasana? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2008 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, December 06, 2006 - 07:13 pm: |
|
Canablach? Ní dóigh liom go mbeadh Aonghus chomh ciníoch sin. Pé scéal é, cibé rud atá i gceist, is baininscneach í. Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4328 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 05:52 am: |
|
Is fíor sin. Ní Sasana atá i gceist ach oiread. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4331 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 10:39 am: |
|
Nod. Dá mbeadh sí ag luí ort, ní bheadh tú sásta! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 87 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 10:54 am: |
|
Bróg? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4336 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 11:53 am: |
|
Maith an tomhsaire. Fútsa anois. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2018 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 12:39 pm: |
|
Ach... quote:dearg istigh ?? Níl aon bhróga agam atá dearg istigh. Níl a leithéid feicthe agam riamh. Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 90 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 02:29 pm: |
|
Ara, a Dhe'n Fhios, in aimsear na SeanGhaeilge rinneadh bróga as leathair mairt: an feannadh casta istigh agus é dearg. An taobh eile, fuilteach, amuigh. Casann deirge fola donn le imeacht aimsire ;-) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2022 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 02:37 pm: |
|
Fanfaidh mé le míniú Aonghuis! Ach tá réalta óir ag dul duit as ucht do chuid samhlaíochta. Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 91 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 02:47 pm: |
|
Ní Gael go samhlaíocht ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4338 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 04:14 pm: |
|
Mar sin a léigh mé é. Níl miniú beacht agam air. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4349 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 10:50 am: |
|
A Fhirn, fútsa atá sé anois tomhas a chuir faoinár bhráid! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 92 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 06:47 am: |
|
gabh agam. bhí mé as láthair le tamaill agus tháinig mé ar ais gan thomhas. Cuirfidh mé lorg ceann díbh. Ach bhí mé idir shúgradh is dháirire le m'fhreagra. Buille faoi thuairim a thug mé cionn go raibh cruth an tsean-ama ar an tomhas. Cá bhfuir tú é? Is beag m'eolas ar thearmaíocht gréasaíochta. Tá an mórchuid acu imithe leis an ghaoith is dócha, ach luíodh dearg le réasún le haghaidh taobh istigh na bróige: nuair a iompairtear an fód, bíonn an dearg ann. Tugtar dearg ar fheannadh an fhéidh leis. Is dóigh freisin, go dtugtar dearg ar an gcraiceann lom i ndiaidh an feannadh a bhaint de. Tá iliomad brí leis an focal dearg: sibhse a bhfuil foclóirí in aice láimhe, tuige an tost seo oraibh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4391 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 08:27 am: |
|
quote:Cá bhfuair tú é? http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?cPath=65_50&products_id=503&osCsi d=e459cdbe314832d3b11e11c5658c1fb5 An Baol Dom Tú? Muintir Chorca Dhuibhne agus an Ghaeilge, 1860 – 1940 Mícheál Ó Dúbhshláine Conradh na Gaeilge, 2000 |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 94 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 10:39 am: |
|
Maith thú,a aonghuis |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2055 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 11:20 am: |
|
quote:tháinig mé ar ais gan thomhas Cad a dhéanfaimid feasta gan tomhas? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 97 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 11:28 am: |
|
Sin dúthomhas ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4393 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 11:42 am: |
|
Buille faoi thuarim a thabairt ina ionad! Tuige a dtugann an bhreallán slat tomhais chun na leapan leis? Chun fad a codailte a thomhais! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 98 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 07:08 am: |
|
seo dhíbh: Ciúin de ghnáth cé go deirim a lán, Bíonn tús is deireadh liom ach Is fearr liom bheith ina shaothar idir lámha. Cé Mise? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4399 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 07:24 am: |
|
Ráfla? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 101 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 07:49 am: |
|
Féadaim a RÁ nach (FL)eA! (Ní hEa)! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2066 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 10:24 pm: |
|
Leabhar ? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 107 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, December 15, 2006 - 08:38 am: |
|
Tá agat, a Dhe'n Fhios! |
|