Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4311 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 05, 2006 - 08:26 am: |
|
http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=1541&viewby=date quote:Asked about the issue last week on his trip to Brussels Mr Ahern said something would have to be done to address the problem. But with just four weeks left before Irish takes its place alongside English, French and the host of other official EU languages it now seems too late for a quick fix. It will also offer political ammunition to those at home and abroad who believe the campaign to get Irish recognised as an official EU language was indeed a political 'stroke' rather than a serious attempt to encourage people to speak Irish Faraor, tá poinnte aige. |
|
BRN (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, December 05, 2006 - 08:46 am: |
|
Bíonn Bertie ag caint ráiméis, mar níl sé ábalta a dhéanamh cómhra i nGaeilg ceart. Bíonn Euroip 'money sink' le daoine biúracraticiúla |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 124 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, December 05, 2006 - 09:34 am: |
|
Is léiriú é seo ar fhadhb níos forleithne: níl dótháin daoine amuigh ansin atá oilte sa teanga ar leibhéal sásúil. Is minic ollscoileanna na tíre seo ag bronnadh céimeanna sa Ghaeilge ar dhaoine nach bhfuil in ann dhá fhocal a chur le chéile i gceart. Tá sé feicthe agam féin i mo shaol oibre a dheacra is a bhíonn sé daoine a aimsiú a bhfuil scileanna maithe teanga acu sa Ghaeilge. Tá an tAontas Eorpach buailte ag an fhadhb chéanna anois. Is mise, Michal Boleslav Mechura
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 82 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, December 05, 2006 - 10:10 am: |
|
Bíonn gach tús lag. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4312 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 05, 2006 - 10:21 am: |
|
Ar an lámh eile, tá alt ag Alan Desmond san ghetto gaelach san Irish Times inniu. Tá sé ag múineadh Gaeilge i bPoznan. Tá beirt bhan óg uaillmhianach (mar a dúirt sé féin) ann leis an sprioc bheith ina n-aistritheoirí Gaeilge. Slánodh na himiricigh fós sin! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 83 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, December 05, 2006 - 10:36 am: |
|
"Slánodh na himiricigh fós sin" Bhal, ní rachainn chomh fada sin, a aonghuis. Níor chuala mé riamh gur shlánadh teanga dúchais i Meiriceá, san Afraic nó san Astráil ag inimiriceach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4317 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 05, 2006 - 12:15 pm: |
|
Ní raibh mé iomlán dáríre. Cé go mbeadh bail níos measadh ar roinnt teangacha dúchasacha i SAM múrach imircigh. Gan trácht ar an méid a scríobhadh i nGaeilge ag sliocht na n-imirceach - Seathrún Ceitinn, Gearóid Iarla, 7rl. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2001 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, December 05, 2006 - 07:24 pm: |
|
quote:Cé go mbeadh bail níos measadh ar roinnt teangacha dúchasacha i SAM múrach imircigh. Is fíor duit, a Aonghuis. Is iontach an obair atá déanta ag Ekkehart Malotki ar son na teanga Hopi. Tá a hocht nó a deich de leabhartha dátheangacha curtha in eagar aige: finscéalta Hopi ar leathanach amháin agus aistriúchán Béarla en face. Leabhartha móra áille iad, an-dea-dhéanta, nach mbeadh ann ar chor ar bith murach eisean. Is as an nGearmáin dó ó cheart. Haruo Aoki, Seapánach, a rinne éacht eile leis an Nez Perce Dictionary, a d'fhoilsigh University California Press sa bhliain 1994. Is leabhar mór é (1,300 leathancha, 6 lbs.), a bhfuil scoláireacht den chéad scoth ann. Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 85 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 05:52 am: |
|
Á! tuigim an cás anois. Tagann na hinimiriceoirí agus milleann siad an teanga agus tagann inimiriceoirí eile is slánann siad é. Fás is meath an tsaoil mhóir é, is dócha. :-) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 619 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 10:59 am: |
|
I ndáiríre aontaím le hAonghus ach b'fhéidir ar bhealach eile.. Mar gheall ar na daoine allúracha, tá muintir na tíre seo ag athbhreithniú orthu féin. Feiceann siad luach na teanga agus iad ag iarraidh go mbeidh Gaeilge ag a gcuid bpáistí. Dá thoradh, éileamh níos mó ar ghaelscoileanna agus araile. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 88 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 11:29 am: |
|
Bhal, níl cáin ar mhaoithneachas |
|