quote:Dé Máirt seo caite, thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, Léacht Bhord na Gaeilge, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Foilsítear an dara leath den léacht in eagrán an lae inniu.
http://www.nuacht.com/home.tvt?_ticket=QE3CWVKACK3SMLDEIOQNBS1DALOLQEHFURUSKONGB PTFBTMFFJRGUU21S0MAAQ6EAKLAEUTITRRHVR29ANVROXKACJ5S2QRFK10K9NTHLF3NBHSJ7SVEIOQL4 AFDALONBHSM6QRFOPMAAQ4ZU38&_scope=La/Content/Nuacht&id=1035&psv=1 http://www.nuacht.com/home.tvt?_ticket=QE3CWVKACK3SMLDEIOQNBS1DALOLQEHFURUSKONGB PTFBTMFFJRGUU21S0MAAQ6EAKLAEUTITRRHVR29ANVROXKACJ5S2QRFK10K9NTHLF3NBHSJ7SVEIOQL4 AFDALONBHSM6QRFOPMAAQ4ZU38&_scope=La/Content/Nuacht&id=1020&_page=&psv=1
Agus mé ag druidim le deireadh na cainte seo, ba mhaith liom cuid de na hargóintí atá luaite agam anseo a mheabhrú athuair, mar fhocail scoir.
Is é mo bharúil :
* nach n-athraíonn a bhfuil scríofa i ndlí nó i reachtaíocht ar bith ar pháipéar aon rud sa saol mór mura bhfuil an toil ann agus na hacmhainní cuí ar fáil lena chur i bhfeidhm.
* Ní féidir leis an Acht Teanga as féin an teanga a shábháil. Pobal na tíre seo amháin ar féidir leo é sin a dhéanamh ach is féidir le forálacha an Achta Teanga cabhrú le háit agus spás a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre seo.
* An teanga a d’fhágfaí ar lár ó chóras riartha an Stáit, ba theanga gan stádas í, teanga ar an imeall, ar leataobh agus in áit na leathphingine.
* Níl aon bhuntáiste breise nó tús aite á thabhairt ar bhealach ar bith do phobal na Gaeilge san Acht Teanga - cothromaíocht agus comhionannas teanga atá i gceist seachas buntáiste nó brabach.
* Ní chuireann an tAcht seo aon dualgas teanga ar aon fhostaí aonair de chuid an státchórais, ach cuireann sé an dualgas ar bhainistíocht na n-eagraíochtaí sin córais a chur i bhfeidhm.
* Tír ilteangach í seo ina bhfuil suas le 200 teanga á labhairt anois. Tá tábhacht thar na bearta ag baint le pleanáil teanga agus é sin a bheith bunaithe ar ionracas agus fírinne.
* Go dtí go mbeidh leasuithe sa chóras oideachais a thabharfaidh líofacht bhunúsach sa teanga do dhaltaí ar fhágáil na scoile dóibh, beidh pobal na Gaeilge i gcónaí ina mhionlach.
* Tá an Ghaeilge faoi bhrú sa Ghaeltacht go láidir agus go leanúnach, go háirithe i measc an aosa óig.
* Má tá imní orainn faoina bhfuil i ndán don teanga, níl muid inár n-aonar: tá na mílte teangacha dúchasacha eile i mbaol freisin ar fud an domhain mhóir.
* Creidtear seans a bheith ann go mbeidh an Ghaeilge ar cheann de na teangacha a mhairfidh thar thairseach an chéid seo chugainn mar go bhfuil tacaíocht aici ó stát neamhspleách chomh maith le pobal líonmhar cainteoirí.
* Tá íomhá na teanga féin i measc an phobail ag athrú chun feabhais agus is rud tairbheach é sin má bhaintear leas agus buntáiste ceart as an íomhá sin.
n Ní leor ar bhealach ar bith dea-thoil i leith na teanga ach gur gníomh agus beart de réir na mbriathra a theastaíonn.
* Tá iliomad buntáistí agus deiseanna oifigiúla cruthaithe ag an Stát don teanga in imeacht na mblianta.
n Tá tábhacht mhór le stádas teanga, le haitheantas oifigiúil agus cearta teanga. Ach mura mbainfí úsáid, leas agus buntáiste as na cearta, as an stádas, agus as an aitheantas sin, nach cur i gcéill agus cur amú ama a bheadh ann?
* Is trí úsáid a bhaint as na cearta teanga atá ar fáil is fearr agus is éifeachtaí is féidir na cearta teanga sin a chosaint go fírinneach.
* Cuid dár n-oidhreacht í an teanga agus níor thug aon náisiún neamhspleách, ceannasach uatha riamh dá dtoil féin gné chomh lárnach sin dá ndúchas.