Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4233 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 28, 2006 - 06:03 am: |
|
(Ag leanacht le cath na bPunnann ) Ceann éasca: Coicíos a' líonadh 's Coicíos a' trá, Sin mar a bhí mé riamh, Is beidh go brách |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 126 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, November 28, 2006 - 11:55 am: |
|
An gealach? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1962 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 28, 2006 - 12:41 pm: |
|
Seo leagan eile den tomhas céanna i Sean-Ghaeilge: Am uball órdae: dermár mo drech isnaib gécaib. Ethair mír dím cech lá co cend cóicthigis. Is úll órga mé: ollmhór mo dhreach sna géaga. Itear mír díom gach lá go ceann coicíse. Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4241 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 28, 2006 - 04:37 pm: |
|
Bíodh gach ré seal againne, na gealt anseo, agus beidh saol sona éasca againn. An gealach, gan amhras. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1963 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 28, 2006 - 06:53 pm: |
|
An ghealach gheal, lóchrann na mbocht. Is thart ar do mhuineál atá an bata (maide, cipín) scóir anois, a Shuaimhnis. Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4246 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 29, 2006 - 05:30 am: |
|
Fad is atá muid ag fanacht le Suaimhneas..: Chonaic súil i machaire ghorm Súil i machaire ghlas. "Tá an tsúil sin cosúil liomsa, ach thíos atá sé, ní thuas" |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1965 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 29, 2006 - 12:08 pm: |
|
quote:Chonaic súil ... Chonaic = chonac = chonaic mé ? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1968 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 29, 2006 - 01:18 pm: |
|
Uhhh... scáil na gréine i loch agus san fharraige? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4252 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 29, 2006 - 03:42 pm: |
|
chonaic sé Tá tú ar an slí, ach níl todóg agat fós. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1971 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 29, 2006 - 07:50 pm: |
|
An spéir féin? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Antóin (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, November 30, 2006 - 05:24 am: |
|
Scáil na gealaí ? nó Loch? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4257 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 30, 2006 - 05:43 am: |
|
Dhá neach éagsumhal atá i gceist, a bhfuil cosúlacht eatharthu. |
|
Maidhc_Ó_g
Member Username: Maidhc_Ó_g
Post Number: 285 Registered: 05-2005
| Posted on Friday, December 01, 2006 - 12:03 am: |
|
An loscann óg ? Diabhail a fhios agam an focal leis "pollywog". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4270 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 01, 2006 - 05:06 am: |
|
An Ghrian ag taithneamh ar noinín a bhí i gceist. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 127 Registered: 08-2006
| Posted on Monday, December 04, 2006 - 07:47 am: |
|
Ceann eile Rud a caitheann fear bocht uaidh, choinneoidh fear saibhir ina phoca e. (Seans go bhfuil an gramadach micheart agam) |
|